Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus do thuit cuid eile dhe ar an gcarraig; agus chómh luath agus d’fhás sé, do shearg sé, de bhrigh nach raibh úire aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Agus thit cuid de ar an gcarraig; agus níl cuid dár fhás nár fheoigh as ó nach raibh a shá uisce aige.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Agus thuit cuid eile de ar an charraig, agus cómh luath agus d’fhás sé, shearg sé, de bhrígh nach raibh taisleach aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus do thuit cuid eile ar charraic; agus ar bhás dó, do shearg sé, do bhrígh nach raibh taisleach aige.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus do thuit tuille dhe ar an gcaraig; agus d’fheóch sé sa bhfás, mar ní raibh an úrmhaireacht aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Agus thit tuilleadh de ar an gcarraig, agus, ar theacht aníos dó, dʼfheoigh, de bhrí nach raibh úrmhaire aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Agus thit tuilleadh de ar an gcarraig, agus, ar theacht aníos dó, d'fheoigh, de bhrí nach raibh úrmhaire aige.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:6
14 Tagairtí Cros  

Agus iad‐san atá ar an gcarraig is iad na daoine ghlacas chuca an briathar le h‐áthas tar a éis dóibh éisteacht leis; agus ní fhuil fréamh aca‐san; creideann siad ar feadh tamaill, agus i n‐am cathuighthe téigheann siad ar gcúl.


do labhair sé as samhlaoid: D’imthigh síoladóir amach ag cur a chuid síl: agus ag cur an tsíl dó, thuit cuid de le h‐ais an bhealaigh; agus do gabhadh de chosaibh ann, agus d’ith éanlaith na spéire é.


Agus do thuit cuid eile dhe i measc an drisligh; agus d’fhás an drisleach i n‐éinfheacht leis, agus do thacht sé é.


a fhaid agus deirtear, Indiu, má chluineann sibh a ghuth, Ná chruadhuighidh bhur gcroidheacha, amhail le linn na ceannairce.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí