Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus do thuit cuid eile dhe i measc an drisligh; agus d’fhás an drisleach i n‐éinfheacht leis, agus do thacht sé é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Agus thit cuid de i measc na ndriseog; agus dʼfhás na driseoga aníos ina chuideachta gur thacht siad é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Agus thuit tuilleadh de fríd na dreasógaí agus d’fhás na dreasógaí suas i n-aoinfheacht leis gur mhúch siad é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus do thuit cuid eile a measg deilguigh; agus ar bhfas don deilgneach a náoinfheachd ris, do thachdadar é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus do thuit tuille dhe ameasg na sgeach; agus d’fhás na sgeacha i n-aonfheacht leis, agus mhúchadar é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Thit tuilleadh de i lár an deilgnigh, agus tháinig an deilgneach aníos in éineacht leis agus phlúch é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Thit tuilleadh de i lár an deilgnigh, agus tháinig an deilgneach aníos in éineacht leis agus phlúch é.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:7
11 Tagairtí Cros  

Agus an duine ’n‐ar cuireadh an síol sa drisleach, is é sin an té do‐chluin an briathar; agus tachtann cúram an tsaoghail, agus mealladh an tsaidhbhris an briathar, agus bíonn sé gan toradh.


Agus do thuit cuid eile dhe ar an drisleach; agus d’fhás an drisleach, agus do thacht sé é;


Agus do thuit cuid eile dhe i measc an drisligh, agus d’fhás an drisleach suas, agus do thacht é, agus ní thug sé aon toradh uaidh.


Acht tabhraidh aire dhaoibh féin, ar eagla go mbéidh dúire croidhe oraibh le craos, agus le meisce, agus le cúramaibh an tsaoghail seo, agus go otiocfaidh an lá sin go h‐obann oraibh ar nós gaiste:


Agus an chuid do thuit i measc an drisligh, is iad‐san na daoine d’éist, agus sa tslighe dhóibh, múchtar iad le cúram, agus le saidhbhreas, agus le pléisiúr an tsaoghail, agus ní thugaid toradh chum abaidheachta.


Agus do thuit cuid eile dhe ar an gcarraig; agus chómh luath agus d’fhás sé, do shearg sé, de bhrigh nach raibh úire aige.


Agus do thuit cuid eile ar an talamh maith, agus d’fhás sé, agus thug sé toradh uaidh, fá chéad. Nuair adubhairt sé an méid sin, do ghlaodh sé amach, An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí