Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:7 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus do thuit tuille dhe ameasg na sgeach; agus d’fhás na sgeacha i n-aonfheacht leis, agus mhúchadar é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Agus thit cuid de i measc na ndriseog; agus dʼfhás na driseoga aníos ina chuideachta gur thacht siad é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Agus thuit tuilleadh de fríd na dreasógaí agus d’fhás na dreasógaí suas i n-aoinfheacht leis gur mhúch siad é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus do thuit cuid eile dhe i measc an drisligh; agus d’fhás an drisleach i n‐éinfheacht leis, agus do thacht sé é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus do thuit cuid eile a measg deilguigh; agus ar bhfas don deilgneach a náoinfheachd ris, do thachdadar é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Thit tuilleadh de i lár an deilgnigh, agus tháinig an deilgneach aníos in éineacht leis agus phlúch é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Thit tuilleadh de i lár an deilgnigh, agus tháinig an deilgneach aníos in éineacht leis agus phlúch é.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:7
11 Tagairtí Cros  

Agus an t-é a ghlac an siól ins na sgeachaibh, siné an t-é a chloiseann an briathar, agus go ndeineann cúram an tsaoghail seo agus mealladh saidhbhris an briathar do mhúchadh, agus bíonn sé gan toradh.


Agus do thuit cuid eile acu ameasg na sgeach; agus d’fhás na sgeacha agus mhúchadar iad.


Agus thuit tuille dhe ins na sgeachaibh, agus d’fhás na sgeacha agus mhúchadar an chuid sin, agus níor thug sé toradh uaidh.


Ach tugaidh aire dhaoibh féin sar a raghadh bhúr gcroidhthe i ndúire le craos agus le meisge agus le cúram an tsaoghail seo, agus go dtiocfadh an lá úd go h-obann oraibh.


An chuid ámhthach, a thuit ameasg na sgeach, siniad an mhuintir a d’airigh an focal, ach ag dul dóibh i ndiaidh cúraim agus saidhbhris agus pléisiúir an tsaoghail múchtar iad agus ní thugaid siad toradh.


Agus do thuit tuille dhe ar an gcaraig; agus d’fheóch sé sa bhfás, mar ní raibh an úrmhaireacht aige.


Agus do thuit tuille de sa talamh fóghanta agus d’fhás sé, agus thug sé toradh fó chéad. Nuair a dubhairt sé an méid sin do labhair sé árd: An t-é go bhfuil cluasa le h-éisteacht air cloiseadh sé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí