Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:8 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus do thuit tuille de sa talamh fóghanta agus d’fhás sé, agus thug sé toradh fó chéad. Nuair a dubhairt sé an méid sin do labhair sé árd: An t-é go bhfuil cluasa le h-éisteacht air cloiseadh sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Agus thit cuid de in ithir mhaith gur tháinig fás faoi, agus gur thug sé a chéad oiread.” Agus nuair a bhí sin ráite aige dúirt sé in ard a chinn, “An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Agus thuit tuilleadh de ar an talamh mhaith, agus ar fhás dó, thug sé toradh fá chéad. Agus nuair a bhí an méid sin ráidhte aighe, scairt sé go h-árd: An té a bhfuil cluasa le h-éisteacht air, éisteadh sé.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus do thuit cuid eile ar an talamh maith, agus d’fhás sé, agus thug sé toradh uaidh, fá chéad. Nuair adubhairt sé an méid sin, do ghlaodh sé amach, An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus do thuit cuid eile a dtalamh mhaith, agus an tan do fhás sé, tug sé toradh céadach úadh. Agus ar na rádh so dhó, do éigh sé, Gidh be agá bhfuilid clúasa chum éisdeachda, éisdeadh sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Agus thit tuilleadh de ar an talamh maith, agus ar theacht aníos dó, thug toradh uaidh faoi chéad.” Á rá sin dó, ghlaoigh sé amach: “An té a bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Agus thit tuilleadh de ar an talamh maith, agus ar theacht aníos dó, thug toradh uaidh faoi chéad.” Á rá sin dó, ghlaoigh sé amach: “An té a bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé!”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:8
25 Tagairtí Cros  

An t-é ar a bhfuil cluasa chun éisteachta, éisteadh sé.


Ach an t-é a ghlac an síol isteach sa talamh fóghanta, siné an t-é a chloiseann an briathar agus do thuigeann é, agus a thugann toradh uaidh, agus tugann sé cuid de’n toradh fó chéad, agus cuid eile dhe fó thrí fichid, agus cuid eile dhe fó thríochad.


Agus an mhuintir a ghlac an síol isteach sa talamh fóghanta, siniad an mhuintir a dh’éisteann leis an mbriathar, agus do ghlacann é agus do thugann toradh uatha, duine fó thríochad, duine fó thrí fichid, agus duine fó chéad.


Má tá cluasa chun aireachtaint ag aoinne airigheadh sé.


Agus do thuit cuid eile dhe ar thalamh fhóghanta, agus d’fhás sé agus d’éirigh sé, agus thug sé toradh uaidh, cuid de fó thríochad, cuid de fó thrí fichid, agus cuid dé fó chéad.


Má tá cluasa chun éisteachta ag duine, éisteadh sé.


Ní’l tairbhe ann do’n talamh ná chun aoiligh; caithtear amach é. An t-é go bhfuil cluasa air chun éisteachta cloiseadh sé.


Ach an chuid a thuiteann ar an dtalamh fóghanta, siniad an mhuintir a ghlacann an focal leis an ndeagh-chroidhe is fearr nuair a chloisid siad é, agus coimeádaid siad é, agus tugaid siad toradh uatha le fadfhulang.


Agus do thuit tuille dhe ameasg na sgeach; agus d’fhás na sgeacha i n-aonfheacht leis, agus mhúchadar é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí