Lúcás 8:8 - An Bíobla Naofa 19818 Agus thit tuilleadh de ar an talamh maith, agus ar theacht aníos dó, thug toradh uaidh faoi chéad.” Á rá sin dó, ghlaoigh sé amach: “An té a bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé!” Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)8 Agus thit cuid de in ithir mhaith gur tháinig fás faoi, agus gur thug sé a chéad oiread.” Agus nuair a bhí sin ráite aige dúirt sé in ard a chinn, “An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé.” Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara8 Agus thuit tuilleadh de ar an talamh mhaith, agus ar fhás dó, thug sé toradh fá chéad. Agus nuair a bhí an méid sin ráidhte aighe, scairt sé go h-árd: An té a bhfuil cluasa le h-éisteacht air, éisteadh sé. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)8 Agus do thuit cuid eile ar an talamh maith, agus d’fhás sé, agus thug sé toradh uaidh, fá chéad. Nuair adubhairt sé an méid sin, do ghlaodh sé amach, An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)8 Agus do thuit cuid eile a dtalamh mhaith, agus an tan do fhás sé, tug sé toradh céadach úadh. Agus ar na rádh so dhó, do éigh sé, Gidh be agá bhfuilid clúasa chum éisdeachda, éisdeadh sé. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)8 Agus do thuit tuille de sa talamh fóghanta agus d’fhás sé, agus thug sé toradh fó chéad. Nuair a dubhairt sé an méid sin do labhair sé árd: An t-é go bhfuil cluasa le h-éisteacht air cloiseadh sé. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20128 Agus thit tuilleadh de ar an talamh maith, agus ar theacht aníos dó, thug toradh uaidh faoi chéad.” Á rá sin dó, ghlaoigh sé amach: “An té a bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé!” Féach an chaibidil |