Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus do thuit cuid eile ar an talamh maith, agus d’fhás sé, agus thug sé toradh uaidh, fá chéad. Nuair adubhairt sé an méid sin, do ghlaodh sé amach, An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Agus thit cuid de in ithir mhaith gur tháinig fás faoi, agus gur thug sé a chéad oiread.” Agus nuair a bhí sin ráite aige dúirt sé in ard a chinn, “An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Agus thuit tuilleadh de ar an talamh mhaith, agus ar fhás dó, thug sé toradh fá chéad. Agus nuair a bhí an méid sin ráidhte aighe, scairt sé go h-árd: An té a bhfuil cluasa le h-éisteacht air, éisteadh sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus do thuit cuid eile a dtalamh mhaith, agus an tan do fhás sé, tug sé toradh céadach úadh. Agus ar na rádh so dhó, do éigh sé, Gidh be agá bhfuilid clúasa chum éisdeachda, éisdeadh sé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus do thuit tuille de sa talamh fóghanta agus d’fhás sé, agus thug sé toradh fó chéad. Nuair a dubhairt sé an méid sin do labhair sé árd: An t-é go bhfuil cluasa le h-éisteacht air cloiseadh sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Agus thit tuilleadh de ar an talamh maith, agus ar theacht aníos dó, thug toradh uaidh faoi chéad.” Á rá sin dó, ghlaoigh sé amach: “An té a bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Agus thit tuilleadh de ar an talamh maith, agus ar theacht aníos dó, thug toradh uaidh faoi chéad.” Á rá sin dó, ghlaoigh sé amach: “An té a bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé!”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:8
25 Tagairtí Cros  

An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé.


Agus an duine ’n‐ar cuireadh an síol sa talamh maith, is é sin an té do‐chluin an briathar, agus thuigeas é; agus do‐bheir toradh uaidh, cuid de fá chéad, cuid de fá thrí fichid, cuid de fá thriochaid.


Agus iad‐san gur cuireadh an síol sa talamh maith ionnta; is iad na daoine éisteas leis an mbriathar, agus ghlacas chuca é, agus do‐bheir toradh uatha, fá thriochaid, agus fá thrí‐fichid, agus fá chéad.


An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé.


Agus do thuit cuid eile dhe ar an talamh maith, agus thug sé toradh, d’fhás agus d’éirigh, cuid de fá thriochaid, cuid de fá thrí fichid, agus cuid de fá chéad.


Má atá cluasa chum éisteachta ag aoinneach, éisteadh sé.


Ní fhóghnann sé do’n talamh ná do’n charn aoiligh: caithtear amach é. An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé.


Agus an chuid atá sa talamh maith, is iad‐san na daoine d’éist leis an mbriathar le deagh‐chroidhe macánta, agus congbhuigheann siad é, agus do‐bheir siad toradh go foighdeach uatha.


Agus do thuit cuid eile dhe i measc an drisligh; agus d’fhás an drisleach i n‐éinfheacht leis, agus do thacht sé é.


Óir is sinne obair a láimhe, do cruthuigheadh i nÍosa Críost chum deagh‐ghníomhartha, d’ullmhuigh Dia roimh ré chum go gcleachtfaimís iad.


chum go siubhalfaidh sibh mar d’oirfeadh daoibh san Tighearna, go sásóchaidh sibh é ar an uile shlighe, ag tabhairt tortha san uile dheagh‐ghníomh, agus bhur n‐eolas ar Dhia ag dul i méid;


Aoinneach go bhfuil cluas aige, éisteadh sé.


An té go bhfuil cluas aige, éisteadh sé le n‐a bhfuil ag an Spiorad d’á rádh leis na h‐eaglaisibh. An té bheireas buaidh, ní bhfaighidh sé dochar ó’n dara bás.


An té go bhfuil cluas aige, éisteadh sé le n‐a bhfuil ag an Spiorad d’á rádh leis na h‐eaglaisibh. An té bheireas buaidh, do‐bhéarfad dó‐san toradh le n’ithe de chrann na beathadh atá i bpárrthas Dé.


An té go bhfuil cluas aige, éisteadh sé le n‐a bhfuil ag an Spiorad d’á rádh leis na h‐eaglaisibh.


An té go bhfuil cluas aige, éisteadh sé le n‐a bhfuil ag an Spiorad d’á rádh leis na h‐eaglaisibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí