Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:39 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

39 Imthigh chum do thighe féin, agus innis na neithe móra do‐rinne Dia dhuit. Agus d’imthigh sé ar a bhóthar, agus é ag innsin ar fud na cathrach ar fad i dtaobh na neithe mór do‐rinne Íosa dhó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

39 “Fill ar do theaghlach féin, agus foilsigh a bhfuil déanta ag Dia duit.” Agus dʼimigh sé leis ag fógairt ar fud na cathrach uile a ndearna Íosa dó.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

39 Pill chun do thighe féin agus innis a mhéid agus a rinne Dia duit. Agus d’imthigh sé, agus d’fhuagair fríd an chathair uilig a mhéid agus a rinne Íosa dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

39 Fill dod thigh féin, agus innis meúd na neitheann do rinne Día dhuit. Agus do imthigh seision, ar feadh na caithreach uile ag innisin créd íad na neithe do rinne Iósa dhó.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

39 Imthigh chun do thighe féin agus innis na neithe móra atá déanta ag Dia dhuit. Agus d’imthigh sé agus d’fhógair sé tríd an gcathair go léir na neithe móra a dhein Íosa dhó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

39 “Imigh ar ais abhaile agus aithris a bhfuil déanta ag Dia duit.” Agus dʼimigh sé ar fud na cathrach go léir ag fógairt a raibh déanta ag Íosa dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

39 “Imigh ar ais abhaile agus aithris a bhfuil déanta ag Dia duit.” Agus d'imigh sé ar fud na cathrach go léir ag fógairt a raibh déanta ag Íosa dó.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:39
13 Tagairtí Cros  

Acht d’imthigh seisean amach, agus do thosnuigh sé ar an scéal d’innsint agus do chraobhscaoileadh go foirleathan, i dtreo nár fhéad Íosa dul isteach go poiblidhe i gcathair, acht gur fhan sé amuigh i n‐áiteannaibh fásamhla: agus tháinig na daoine chuige as gach áird.


Agus nuair do bhí sé ag dul isteach sa mbád, an fear ’n‐a mbíodh na deamhain, d’iarr seisean cead air go bhfanfadh sé ’n‐a fhochair.


Acht níor leig sé dhó é, acht adubhairt sé leis, Imthigh go dtí do theach agus go dtí do mhuinntear féin, agus innis dóibh na neithe móra do rinne an Tighearna dhuit, agus an trócaire do rinne sé ort.


Acht an fear as ar imthigh na deamhain, d’iarr sé d’impidhe air go bhfanfadh sé ’n‐a fhochair: acht do chuir sé uaidh é, g‐á rádh,


Agus ag teacht ar ais d’Íosa, do chuir an sluagh fáilte roimhe; óir do bhíodar go léir ag feitheamh leis.


Tagaidh go bhfeicidh sibh fear d’innis damh‐sa gach a ndearnas riamh: an féidir gurb é an Críost é?


Acht muna ndéanaidh duine soláthar d’á mhuinntir féin, d’á líon tighe féin, go h‐áirithe, atá an creideamh tréigthe aige,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí