Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:39 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

39 Imthigh chun do thighe féin agus innis na neithe móra atá déanta ag Dia dhuit. Agus d’imthigh sé agus d’fhógair sé tríd an gcathair go léir na neithe móra a dhein Íosa dhó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

39 “Fill ar do theaghlach féin, agus foilsigh a bhfuil déanta ag Dia duit.” Agus dʼimigh sé leis ag fógairt ar fud na cathrach uile a ndearna Íosa dó.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

39 Pill chun do thighe féin agus innis a mhéid agus a rinne Dia duit. Agus d’imthigh sé, agus d’fhuagair fríd an chathair uilig a mhéid agus a rinne Íosa dó.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

39 Imthigh chum do thighe féin, agus innis na neithe móra do‐rinne Dia dhuit. Agus d’imthigh sé ar a bhóthar, agus é ag innsin ar fud na cathrach ar fad i dtaobh na neithe mór do‐rinne Íosa dhó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

39 Fill dod thigh féin, agus innis meúd na neitheann do rinne Día dhuit. Agus do imthigh seision, ar feadh na caithreach uile ag innisin créd íad na neithe do rinne Iósa dhó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

39 “Imigh ar ais abhaile agus aithris a bhfuil déanta ag Dia duit.” Agus dʼimigh sé ar fud na cathrach go léir ag fógairt a raibh déanta ag Íosa dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

39 “Imigh ar ais abhaile agus aithris a bhfuil déanta ag Dia duit.” Agus d'imigh sé ar fud na cathrach go léir ag fógairt a raibh déanta ag Íosa dó.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:39
13 Tagairtí Cros  

Ach chómh luath agus chuaidh seisean amach dhírigh sé ar an sgéal a dh’innsint agus do chraobhsgaoileadh, i dtreó nár fhéad Íosa dul isteach go puibilidhe sa chathair, agus gur fhan sé lasmuigh ins na h-áiteanaibh uaigneacha, agus gur chruinnigh na daoine chuige as gach áird.


Agus nuair a bhí sé ag dul ar bórd na luinge do chrom an fear, go raibh an deamhan ’gha chrádh, ar a iarraidh go leigfí leis é.


Ach níor leig sé leis é, ach dubhairt leis: Imthigh chun do thighe agus chun do daoine, agus innis dóibh ar dhein an Tighearna dhuit agus an trócaire a dhein sé ort.


Agus an fear gur imthigh na deamhain ar d’iarr sé air leigint dó dul leis. Ach do chuir Íosa uaidh é, agus dubhairt sé leis:


Agus do thárla, ar a theacht thar n-air d’Íosa, gur ghlac sluagh mhór é, mar bhíodar go léir ag feitheamh leis.


Tagaidh go bhfeicfidh sibh fear a dh’innis dómh-sa gach nídh d’ár dheineas; an féidir gur b’é an Críost é?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí