Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:40 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

40 Agus ag teacht ar ais d’Íosa, do chuir an sluagh fáilte roimhe; óir do bhíodar go léir ag feitheamh leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

40 Anois nuair a dʼfhill Íosa, bhí fáilte ag an slua roimhe, ó bhí siad uile ag feitheamh leis.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

40 Agus thárla, nuair a phill Íosa, gur ghabh an sluagh chuca é; óir bhí siad uilig ag feitheamh leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

40 Agus tárla, an tan do fhill Iósa tar ais gur ghabh an sluagh chuca é: óir do bhádar uile ag feitheamh ris.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

40 Agus do thárla, ar a theacht thar n-air d’Íosa, gur ghlac sluagh mhór é, mar bhíodar go léir ag feitheamh leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

40 Nuair a bhí Íosa tagtha ar ais, bhí fáilte ag an slua roimhe, óir bhí siad uile ag súil leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

40 Nuair a bhí Íosa tagtha ar ais, bhí fáilte ag an slua roimhe, óir bhí siad uile ag súil leis.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:40
12 Tagairtí Cros  

Agus do chuaidh sé isteach i mbád, agus d’imthigh sé anonn isteach ’n‐a chathair féin.


Goireann Dáibhi féin Tighearna dhe; agus cionnas atá sé ’n‐a mhac aige? Agus d’éist an sluagh go fonnmhar leis.


Agus nuair do chuaidh Íosa thar ais arís go dtí an taobh eile, do chruinnigh sluagh mór chuige: agus do bhi sé ar bhruach na fairrge.


óir do bhí eagla ar Ioruath roimh Eoin, mar do bhí a fhios aige gurbh fhear fíreanta naomhtha é, agus do choimhéad sé slán é. Agus nuair d’éisteadh sé leis, do chuireadh sé buaidhirt aigne air, acht cheana d’éistfeadh sé leis go fonnmhar.


agus do chinn ortha cuimhniú ar cad do‐ghéanaidís; óir do bhí na daoine go léir ag greamú dhó, ag éisteacht leis.


Agus do bhrostuigh seisean anuas, agus do chuir sé fáilte roimhe go h‐áthasach.


Agus tharla, nuair do bhí an sluagh ag brúghadh air agus ag éisteacht le briathar Dé, go raibh sé ’n‐a sheasamh le h‐ais locha Ghenésaret;


Imthigh chum do thighe féin, agus innis na neithe móra do‐rinne Dia dhuit. Agus d’imthigh sé ar a bhóthar, agus é ag innsin ar fud na cathrach ar fad i dtaobh na neithe mór do‐rinne Íosa dhó.


Ba eisean an lóchrann ar lasadh agus ag soillsiú: agus ar feadh tréimhse níor mhisde libh‐se aoibhneas d’fhágháil ’n‐a sholas.


Ar an adhbhar sin do chuireas fios ort‐sa; agus is maith do‐rinnis agus teacht. Sin é an fáth go bhfuilmíd uile láithreach annso i bhfiadhnaise Dé, chum bheith ag éisteacht le gach ar órduigh Dia dhuit a rádh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí