Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Lúcás 8:38 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

38 Acht an fear as ar imthigh na deamhain, d’iarr sé d’impidhe air go bhfanfadh sé ’n‐a fhochair: acht do chuir sé uaidh é, g‐á rádh,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

38 Ach dʼiarr an fear a raibh na deamhain ann air ligean dó bheith leis; ach chuir sé uaidh é á rá,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

38 Agus an fear as a ndeachaidh na deamhain amach, ghuidh sé é leigin dó féin a bheith ina chuideachta. Acht chuir Íosa ar shiubhal é, ag rádh:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

38 Agus díarr an fear as a ndeachadar na deamhuin air, é fein do bheith na fhochair: achd léig Iósa úadh é, ag rádh,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

38 Agus an fear gur imthigh na deamhain ar d’iarr sé air leigint dó dul leis. Ach do chuir Íosa uaidh é, agus dubhairt sé leis:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

38 An fear, áfach, a raibh na deamhain imithe as, bhí sé dá iarraidh air é a ligean ina chuideachta. Ach scaoil sé uaidh é, ag rá:

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:38
24 Tagairtí Cros  

Agus do leath a chlú ar fud tíre na Sithre ar fad, agus tugadh chuige iad‐san go léir ar a raibh easláinte, iad do bhí cráidhte le galaraibh ilghnéitheacha agus le piantaibh, agus go raibh deamhain ionnta, daoine go raibh an galar tuitimeach agus pairilis ortha; agus do leigheas sé iad.


Agus nuair do chonnaic sé Íosa, do ghlaodh sé amach agus do thuit sé ar lár roimhe, agus adubhairt sé de ghuth árd, Caidé an chuid atá agam‐sa dhíot, a Íosa, a Mhic Dé is Aoirde?


Agus muinntear críche na nGerasénach thart timcheall, d’iarr siad air imtheacht uatha; óir ba mhór an eagla do bhí ortha: agus do chuaidh sé isteach i mbád, agus d’fhill sé ar ais.


Imthigh chum do thighe féin, agus innis na neithe móra do‐rinne Dia dhuit. Agus d’imthigh sé ar a bhóthar, agus é ag innsin ar fud na cathrach ar fad i dtaobh na neithe mór do‐rinne Íosa dhó.


Atáim idir an dá rogha, ag dúil le h‐imtheacht agus bheith i bhfochair Chríost;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí