Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Iad‐san atá le h‐ais an bhealaigh is iad na daoine éisteas; annsin tig an diabhal, agus tógann sé an briathar as a gcroidhe, ar eagla go gcreidfidís agus go saorfaidhe iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 An chuid atá ar fud an chosáin is é sin an dream a éisteas; agus tagann an diabhal ansin go mbaineann an briathar amach as a gcroíthe ionas nach gcreide siad agus nach slánófar iad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Iad sin ar thaoibh an bhóthair, is iad a chluin, acht tig an diabhal ina dhiaidh sin, agus tógann sé an briathar as a gcroidhthe, ar eagla go gcreideadh siad agus go slánuightí iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus an dream úd chois na sligheadh a siad éisdeas; na dhiáigh sin tig an díabhal, agus tógbhuidh sé an bhriáthar as a gcróidhe, deagla go gcreidfidís agus go slánéochtháoi iád.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 An chuid a thuiteann i n-aice an bhóthair, siniad na daoíne a chloiseann, agus tagann an diabhal ’n-a dhiaidh san agus tógann sé an focal as a gcroidhe, i dtreó ná creidfidís agus ná saorfaí iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Iad siúd le hais an bhóthair, sin iad na daoine a chuala, ansin tagann an diabhal agus tógann an briathar as a gcroí, le heagla go gcreidfidís agus go slánofaí iad,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 Iad siúd le hais an bhóthair, sin iad na daoine a chuala, ansin tagann an diabhal agus tógann an briathar as a gcroí, le heagla go gcreidfidís agus go slánofaí iad,

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:12
13 Tagairtí Cros  

Nuair do‐chluin aoinneach briathar na ríoghachta, agus nach dtuigeann sé é, tig an ainspioraid, agus sciobann sí léi an nidh do cuireadh ’n‐a chroidhe. Is é sin an té ’n‐ar cuireadh an síol le h‐ais an bhealaigh mhóir.


agus ag cur an tsíl dó, thuit cuid de le h‐ais an bhealaigh mhóir, agus tháinig na h‐éanlaithe agus d’itheadar é: agus do thuit cuid eile dhe ar thalamh clochach,


Agus na daoine ’n‐a gcurtar an síol i n‐aice an bhealaigh, is iad‐san na daoine ’n‐a gcurtar an briathar, acht nuair chloiseas siad é, tig Sátan ar an láthair, agus tógann sé uatha an briathar do cuireadh ionnta.


Is í seo brigh na samhlacide: Is é briathar Dé an síol.


Agus iad‐san atá ar an gcarraig is iad na daoine ghlacas chuca an briathar le h‐áthas tar a éis dóibh éisteacht leis; agus ní fhuil fréamh aca‐san; creideann siad ar feadh tamaill, agus i n‐am cathuighthe téigheann siad ar gcúl.


do labhair sé as samhlaoid: D’imthigh síoladóir amach ag cur a chuid síl: agus ag cur an tsíl dó, thuit cuid de le h‐ais an bhealaigh; agus do gabhadh de chosaibh ann, agus d’ith éanlaith na spéire é.


Agus do teilgeadh síos an dragún mór, an tsean‐nathair nimhe, ar a dtugtar an Diabhal agus Sátan, an té mheallas an saoghal ar fad; do teilgeadh síos é go dtalamh, agus do teilgeadh a aingle síos i n‐éinfheacht leis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí