Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Acht d’fhreagair seisean agus adubhairt sé leo, Is iad mo mháthair agus mo bhráithre‐se iad‐san éisteas le briathraibh Dé, agus do‐ghní d’á réir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

21 Ach is é a dúirt sé leo, “An dream a chluineas briathar Dé agus a chuireas i ngníomh é, is iad mo mháthair agus mo dheartháireacha iad.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

21 Agus dubhairt sé leo, ghá bhfreagairt: An lucht a éisteas le bhriathar Dé agus a ghní dá réir, is iad sin mo mháthair agus mo bhráithre.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Agus are bhfreagra dhósan a dubhairt sé riu, a siad so mo mhathairse agus mo dhearbhráithreacha noch éisdeas bríathar Dé, agus do ní dá réir.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Agus d’fhreagair sé agus dubhairt leó: An mhuintir a dh’éisteann le briathar Dé agus a dheineann beart d’á réir, siniad mo mháthair agus mo bhráithre.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

21 Dʼfhreagair sé agus dúirt: “Is iad mo mháthair agus mo bhráithre, iad seo a chluineann briathar Dé agus a dhéanann dá réir.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

21 D'fhreagair sé agus dúirt: “Is iad mo mháthair agus mo bhráithre, iad seo a chluineann briathar Dé agus a dhéanann dá réir.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:21
19 Tagairtí Cros  

Le linn a chainnte, féach, do leath scamall lonnrach ortha: agus féach, an guth as lár an scamaill, adubhairt, Is é seo mo Mhac ionmhain, ’n‐a bhfuil mo mór‐aoibhneas; éistidh leis.


Agus freagróchaidh an Rí agus adéarfaidh sé leo, Go fírinneach adeirim libh, Cibé nidh do‐rinneabhar do’n duine is suaraighe dem’ bhráithribh annso, gur damh‐sa do‐rinneabhar é.


Annsin freagróchaidh seisean, g‐á rádh, Adeirim libh go fírinneach, Ó’s rud é nach ndearnabhar é d’aoinneach de na daoinibh seo is suaraighe, nach ndearnabhar damh‐sa é.


Annsin adubhairt Íosa leo, Ná bíodh eagla oraibh: imthighidh agus abraidh lem’ bhráithribh imtheacht do’n Ghalilé, agus do‐chífidh siad annsin mé.


Agus an chuid atá sa talamh maith, is iad‐san na daoine d’éist leis an mbriathar le deagh‐chroidhe macánta, agus congbhuigheann siad é, agus do‐bheir siad toradh go foighdeach uatha.


Agus do h‐inniseadh dhó, Atá do mháthair agus do dhearbhráithre ’n‐a seasamh amuigh, agus ba mhaith leo thú d’fheicsin.


Má’s eol daoibh an méid sin, is aoibhinn daoibh má ghníonn sibh d’á réir.


Ádubhairt Íosa léi, Ná bain liom; óir ní chuadhas suas chum an Athar fós: acht téigh chum mo bhráithreach, agus abair leo, Atáim ag dul suas chum m’Athar‐sa agus bhúr nAthar‐sa, agus chum mo Dhé‐se agus bhúr nDé‐se.


Ar an adhbhar sin, ní aithnighmíd aon duine feasta do réir na colna: má’s fíor féin go raibh aithne againn ar Chríost do réir na colna, ní fhuil aithne againn air ar an gcuma sin anois.


Agus béidhead mar Athair agaibh, Agus béidh sibh‐se mar chlann‐mhac agus mar chlann‐inghean agam, adeir an Tighearna Uile‐chumhachtach.


Acht cuiridh an briathar i ngníomh, gan bheith ’n‐bhur lucht éisteachta amháin, gh’‐bhur mealladh féin.


Má’s eol díbh é bheith fíréanta, is eol daoibh gach aoinneach chleachtas fíréantacht, gur uaidh‐sean do geineadh é.


A chara ionmhain, ná déan aithris ar an olc, acht ar an mhaith. An té chleachtas an mhaith, is ó Dhia atá sé: an té chleachtas an t‐olc, ní fhaca sé Dia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí