Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:44 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

44 tháinig sí taobh thiar de, agus do chuir sí a lám ar fhabhra a bhrait: agus ar an láthair do cuireadh stad leis an sruth fola.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

44 tháinig sise aníos ó lorg a chúil, gur bhain a lámh dʼimeall a éadaí; agus ní luaithe a bhí sin déanta aici ná coisceadh rith a fola.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

44 Tháinic sí taobh thiar agus bhain sí le feaithim a éididh, agus ar an bhomaite stad a cur fola.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

44 Do chúaidh sí táobh shíar dheision, agus do chumail sí ré himeal a bhruit: agus do sguir a dórtadh fola ar an mball.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

44 Agus thainig sí chuige, lastiar dé, agus chuir sí a lámh ar fhabhra a bhrait, agus do stad an fhuil láithreach bonn aici.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

44 tháinig sí taobh thiar de agus bhain le scothóg a bhrait; agus scoir an rith fola aici láithreach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

44 tháinig sí taobh thiar de agus bhain le scothóg a bhrait; agus scoir an rith fola aici láithreach.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:44
15 Tagairtí Cros  

Agus do‐rinne Íosa truagh dhóibh, agus do chuir sé a mhéar ar a súilibh, agus ar an láthair tháinig a radharc dóibh, agus do leanadar é.


Agus do shín sé amach a lámh, agus do chuir sé air í, g‐á rádh, Is áil liom é; glantar thú. Agus ar an láthair do glanadh é ó’n lobhra.


Agus féach, tháinig bean, ar a raibh sruth fola le dhá bhliadhain déag, taobh thiar de, agus do chuimil sí le fabhra a bhrait: óir adubhairt sí ’n‐a h‐intinn fein,


Agus cibé áit ’n‐a dtéigheadh sé isteach, i mbailtibh beaga, nó i gcathrachaibh, nó fá’n tuaith, do chuiridís na daoine breoite ar na sráidibh, agus d’impidhdís air a leigean dóibh fiú cuimilt le h‐imeall a bhrait: agus an méid do chuimil leis do leigheasadh iad.


Agus do chuir sé a lámha uirthi: agus ar an láthair d’éirigh sí díreach, agus thug sí glóir do Dhia.


agus ’n‐a seasamh dhí taobh thiar de i n‐aice a chos, do thionnscain sí ag fliuchadh a chos le n‐a deoraibh, agus do thiormuigh sí le gruaig a cinn iad, agus do bhí sí ag pógadh a chos, agus g‐á n‐ongadh leis an uinneimeint.


Agus bean ar a raibh sruth fola le dhá bhliadhain déag, agus go raibh a maoin iomlán caithte aici ar liaghaibh, agus gan leigheas le fágháil aici ó dhuine aca,


Agus adubhairt Íosa, Cia h‐é do bhain liom? Agus nuair shéan gach uile dhuine é, adubhairt Peadar agus siad‐san do bhí ’n‐a fhochair, A Mháighistir, atá na sluaighte ag teannadh umat agus ag brúghadh ort.


Acht ní raibh a fhios ag an duine do leigheasadh ciarbh é: óir d’éaluigh Íosa uatha toisc sluagh daoine bheith san áit sin.


i dtreo go mbeirthí ó n‐a cholainn ciarsúirí nó aprúin chum na ndaoine breoite, agus go n‐imthigheadh na h‐aicídí dhíobh, agus go n‐imthigheadh na droch‐spioraidí asta.


ionnas go n‐iomchraidís na daoine breoite amach ar na sráidibh, agus chuiridís ar leabthachaibh agus ar thochtaibh iad, le súil, ag dul thart do Pheadar, go dtuitfeadh a scáil féin ar dhuine aca.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí