Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:34 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Agus nuair do chonnaic siad‐san a bhí g‐á mbuachailleacht an nidh tharla, do theicheadar, agus d’inniseadar sa gcathair agus sa tír é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

34 Nuair a chonaic na tréadaithe ar tharla, theith siad leo, agus dʼinis an scéal sa chathair agus sa limistéar tíre.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

34 Agus nuair a chonnaic an lucht a bhí ag aodhaireacht an nídh a thárla, theich siad isteach go dtí an chathair agus go dtí na feirmeacha ghá innse.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

34 Agus an trath do chunncadar a háodhairidhe an ní do rinneadh an, do theitheadar, agus ar nimtheachd dóibh dinnseador sin ann sa chatruigh agus ar na machairibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Agus nuair chonaic an lucht fosaidheachta an nídh a thárla, do ritheadar agus d’innseadar, sa chathair é agus ins na bailtibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

34 Nuair a chonaic na mucaithe an ní a tharla, theith siad, agus dʼinis sa chathair é agus sna feirmeacha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

34 Nuair a chonaic na mucaithe an ní a tharla, theith siad, agus d'inis sa chathair é agus sna feirmeacha.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:34
6 Tagairtí Cros  

Agus ag imtheacht dóibh, féach, tháinig cuid de na gárdaibh isteach sa gcathair, agus d’inniseadar d’uachtaránaibh na sagart gach a dtarla.


Agus do theich na buachaillí, agus do chuadar isteach sa gcathair, agus d’inniseadar gach aon nidh, agus i dtaobh ar éirigh dhoibh‐sean ’n‐a raibh na deamhain.


Agus na daoine do bhí ag buachailleacht na muc, do theicheadar, agus d’innseadar sa gcathair agus sa tír é. Agus tháinig na daoine amach d’fhéachain cad tarla.


Agus thug sé an cead dóibh. Agus tháinig na deamhain amach as an duine, agus do chuadar isteach ins na mucaibh: agus do rith an tréad de ruathar le fánaidh síos isteach sa bhfairrge, agus do bádhadh iad.


Agus do chuadar amach go bhfeicfidís créad do thuit amach; agus thángadar chum Íosa, agus fuaradar an fear as ar imthigh na deamhain, a éadaighe air, agus é ’n‐a shuidhe ’n‐a ghlain‐mheabhair ag cosaibh Íosa: agus do bhí eagla ortha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí