Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:51 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

51 Agus nuair do shroich sé an teach, níor leig sé d’aoinneach teacht isteach i n‐éinfheacht leis, acht Peadar, agus Eoin, agus Séamas, agus athair agus máthair an chailín.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

51 Agus nuair a shroich sé an teach, níor lig sé dʼaon duine dul isteach ina chuideachta, ach Peadar agus Eoin agus Séamas, agus athair agus máthair an linbh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

51 Agus nuair a tháinic sé go dtí an teach, níor leig sé d’aoinneach dul isteach leis acht Peadar agus Séamus agus Eoin, agus athair agus máthair an chailín.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

51 Agus ar ndul a sdeach don tigh dhó, níor fhuiling sé neach ar bith do dhul a sdeach, achd Peadar, agus Séumus, agus Eóin, agus athair agus mathair an chailín.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

51 Agus nuair a shrois sé an tigh níor leig sé aoinne isteach i n-aonfheacht leir ach Peadar agus Séamus agus Eóin, agus athair agus máthair an chailín.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

51 Ar theacht dó chun an tí, níor lig sé dʼaon duine dul isteach leis ach Peadar agus Eoin agus Séamas, agus athair agus máthair an chailín.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

51 Ar theacht dó chun an tí, níor lig sé d'aon duine dul isteach leis ach Peadar agus Eoin agus Séamas, agus athair agus máthair an chailín.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:51
13 Tagairtí Cros  

Agus do rug sé leis Peadar, agus Séamas, agus Eoin, agus do thosnuigh sé ar bheith go crith‐eaglach, do‐brónach.


Síomón d’á dtug sé Peadas mar ainm, agus Aindrias a dhearbhráthair, agus Séamas agus Eoin, agus Pilib agus Parthalán,


Acht, ar n‐a chlos sin d’Íosa, d’fhreagair sé é, Ná bíodh eagla ort: creid amháin, agus slánóchar í.


Agus do bhíodar go léir ag gol, agus g‐á caoineadh: acht adubhairt seisean, Ná bidhidh ag gol; ní marbh atá sí, acht n‐a codladh.


Agus tharla, timcheall ocht lá tar éis na cainnte sin, go dtug sé leis Peadar, agus Eoin, agus Séamas, agus go ndeachaidh sé suas ar shléibh chum urnaighe do dhéanamh.


Acht do chuir Peadar iad go léir amach, agus do leig sé é féin ar a ghlúnaibh, agus do‐rinne sé urnaighe; agus ag iompodh chum an chuirp, adubhairt sé, A Thabitá, éirigh. Agus d’fhoscail sí a súile; agus nuair do chonnaic sí Peadar, d’éirigh sí aniar.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí