Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:51 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

51 Agus nuair a shrois sé an tigh níor leig sé aoinne isteach i n-aonfheacht leir ach Peadar agus Séamus agus Eóin, agus athair agus máthair an chailín.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

51 Agus nuair a shroich sé an teach, níor lig sé dʼaon duine dul isteach ina chuideachta, ach Peadar agus Eoin agus Séamas, agus athair agus máthair an linbh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

51 Agus nuair a tháinic sé go dtí an teach, níor leig sé d’aoinneach dul isteach leis acht Peadar agus Séamus agus Eoin, agus athair agus máthair an chailín.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

51 Agus nuair do shroich sé an teach, níor leig sé d’aoinneach teacht isteach i n‐éinfheacht leis, acht Peadar, agus Eoin, agus Séamas, agus athair agus máthair an chailín.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

51 Agus ar ndul a sdeach don tigh dhó, níor fhuiling sé neach ar bith do dhul a sdeach, achd Peadar, agus Séumus, agus Eóin, agus athair agus mathair an chailín.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

51 Ar theacht dó chun an tí, níor lig sé dʼaon duine dul isteach leis ach Peadar agus Eoin agus Séamas, agus athair agus máthair an chailín.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

51 Ar theacht dó chun an tí, níor lig sé d'aon duine dul isteach leis ach Peadar agus Eoin agus Séamas, agus athair agus máthair an chailín.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:51
13 Tagairtí Cros  

Agus do rug sé leis Peadar agus Séamus agus Eóin, agus thusnuigh sé ar bheith go crith-eaglach agus go dúbhach;


Símón, ar ar thug sé Peadar, agus a dhritháir Aindrias, Séamus agus Eóin, Pilib agus Bartoleméus,


Agus d’airigh Íosa an focal agus dubhairt sé le h-athair an chailín: Ná bíodh eagal ort: creid amháin, agus beidh sí slán.


Agus bhí na daoine go léir ag gol agus ag caoi ’n-a diaidh. Agus dubhairt sé leó: Ná bídhidh ag gol; ní marbh atá an cailín, ach ’n-a codla.


Agus do thárla, tímpal ocht lá tar éis na cainte sin, gur thóg sé leis Peadar agus Séamus agus Eóin, agus go ndeaghaidh sé suas ar an gcnoc chun úrnuighthe dhéanamh.


Annsan do chuir Peadar na daoine go léir amach as an seómra agus do leig sé é féin ar a ghlúinibh agus dhein sé úrnuighthe, agus d’iompuigh sé chun an chuirp agus dubhairt sé: A Thaibíta, éirigh! Agus d’osgail sisi a súile agus chonnaic sí Peadar agus d’éirigh sí aniar.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí