Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:42 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

42 óir do bhí inghean amháin aige agus í tuairim dhá bhliadhain déag d’aois, agus do bhí sí ’n‐a luighe i riochtaibh báis. Acht sa tsiubhal dó do bhí an sluagh ag brúghadh air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

42 mar ní raibh aige ach an t‑aon iníon amháin, a bhí thart ar dhá bhliain déag dʼaois, agus bhí sí i mbéala báis. Sa siúl dó, bhí na daoine ag brú air.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

42 Óir bhí aon inghean amháin aige timcheall ar a dá bhliadhain déag, agus bhí sí ag fagháil bháis. Agus thárla, nuair a bhí sé ag imtheacht, go raibh sé dá bhrúghadh ag na sluaighte.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

42 Do bhrígh go raibh éinghein inghine aige, timcheall a dá bhliadhan dég, agus í fagháil bhais. Achd ar mbeith ag imtheachd dhó do bhí an sluagh dha bhrughadh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

42 Mar go raibh aon inghean amháin aige agus í tímpal dhá bhliain déag, agus go raibh sí ag dul chun báis. Agus, ag dul ann dó, do tharla go raibh an tsluagh ag brúth air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

42 óir bhí aon iníon amháin aige timpeall dhá bhliain déag, agus bhí sí ag fáil bháis. Agus ag dul ann dó, bhí na sluaite ag plúchadh air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

42 óir bhí aon iníon amháin aige timpeall dhá bhliain déag, agus bhí sí ag fáil bháis. Agus ag dul ann dó, bhí na sluaite ag plúchadh air.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:42
15 Tagairtí Cros  

Agus d’imthigh sé i n‐éinfheacht leis; agus do lean sluagh mór é, agus do bhíodar ag brúghadh air.


Agus nuair do bhí sé ag teacht i ngar do gheata na cathrach, féach, do bhí corp d’á bhreith amach, aon‐mhac a mháthar, agus ise ’n‐a baintreabhaigh: agus do bhí mórán de mhuinntir na cathsach ’n‐a fochair.


Agus féach, tháinig fear darbh ainm Iárus, duine d’uachtaránaibh na sionagóige, agus do chaith sé é féin ag cosaibh Íosa, agus d’iarr sé d’impidhe air teacht chum a thighe;


Agus bean ar a raibh sruth fola le dhá bhliadhain déag, agus go raibh a maoin iomlán caithte aici ar liaghaibh, agus gan leigheas le fágháil aici ó dhuine aca,


Agus adubhairt Íosa, Cia h‐é do bhain liom? Agus nuair shéan gach uile dhuine é, adubhairt Peadar agus siad‐san do bhí ’n‐a fhochair, A Mháighistir, atá na sluaighte ag teannadh umat agus ag brúghadh ort.


Ar an adhbhar sin, fá mar tháinig an peacadh ar an saoghal tré dhuine amháin, agus an bás tríd an bpeacadh, ionnas go dtáinig an bás chum an uile dhuine, de bhrigh go raibh peacadh déanta ag an uile dhuine:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí