Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:15 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Ach an chuid a thuiteann ar an dtalamh fóghanta, siniad an mhuintir a ghlacann an focal leis an ndeagh-chroidhe is fearr nuair a chloisid siad é, agus coimeádaid siad é, agus tugaid siad toradh uatha le fadfhulang.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 Agus maidir leis an méid atá in ithir mhaith, is é sin an dream a chluineas an briathar agus a mbíonn greim docht acu air go hionraic dea-chroíoch, agus a thugas toradh de bharr a bhfoighne.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

15 Acht an chuid a thuit ar an talamh mhaith, is iad sin na daoine a ghlacas an briathar le déagh-chroidhe iomlán, a chongbhuigheas é, agus a bheir toradh uatha fá fhoighid.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus an chuid atá sa talamh maith, is iad‐san na daoine d’éist leis an mbriathar le deagh‐chroidhe macánta, agus congbhuigheann siad é, agus do‐bheir siad toradh go foighdeach uatha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Achd an ní do thuit ann sa talamh mhaith, a síad súd éisdeas ris an mbreithir, agus chungmhas é a gcroidhe shocraidh mhaith, agus do bheirid toradh úatha a bhfoighid.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

15 Ach é siúd sa talamh maith, sin iad na daoine, tar éis dóibh an briathar a chloisteáil le dea-chroí macánta, a choinníonn é agus a thugann toradh uathu trína mbuanseasamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 Ach é siúd sa talamh maith, sin iad na daoine, tar éis dóibh an briathar a chloisteáil le dea-chroí macánta, a choinníonn é agus a thugann toradh uathu trína mbuanseasamh.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:15
40 Tagairtí Cros  

Ach an t-é a bheidh seasamhach amach go deire, raghaidh sé saor.


Ach dubhairt seisean: Abair, ámhthach, is beannuighthe an mhuintir a chloiseann briathar Dé agus do choimeádann é.


Tugann an deagh-dhuine an deagh-nídh amach a’ deagh-stór a chroidhe féin; agus tugann an droch-dhuine an droch-nídh amach a’ droch-stór a chroidhe; óir a’ flúirse an chroidhe is eadh do labhrann an béal.


An chuid ámhthach, a thuit ameasg na sgeach, siniad an mhuintir a d’airigh an focal, ach ag dul dóibh i ndiaidh cúraim agus saidhbhris agus pléisiúir an tsaoghail múchtar iad agus ní thugaid siad toradh.


Ní dheineann aoinne coinneal do lasadh agus í chur fé bhéal árthaigh nó fé leabaidh, ach curtar ar choinnleóir í, i dtreó go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an solus.


Má tá grádh agaibh dom coimeádaidh m’aitheanta.


Fanaidh am’ ghrádh. Má choiméádann sibh m’aitheanta fanfaidh sibh am’ ghrádh; fé mar a choimeádaim-se aitheanta m’Athar agus go bhfanaim ’n-a ghrádh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí