Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:14 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 An chuid ámhthach, a thuit ameasg na sgeach, siniad an mhuintir a d’airigh an focal, ach ag dul dóibh i ndiaidh cúraim agus saidhbhris agus pléisiúir an tsaoghail múchtar iad agus ní thugaid siad toradh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

14 Agus an méid a thit i measc na ndriseog, sin an dream a éisteas, ach nuair a théann siad ar aghaidh tachtann imní agus saibhreas agus pléisiúir an tsaoil seo iad, agus ní aibíonn a dtoradhsan.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

14 Agus an chuid a thuit imeasc na ndreasóg, is iad sin an dream a chuala, acht ar imtheacht dóibh, múchtar iad le cúraim, le saidhbhris agus le pléisiúirí an tsaoghail seo, agus ní thabhrann siad aon toradh uatha.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus an chuid do thuit i measc an drisligh, is iad‐san na daoine d’éist, agus sa tslighe dhóibh, múchtar iad le cúram, agus le saidhbhreas, agus le pléisiúr an tsaoghail, agus ní thugaid toradh chum abaidheachta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Achd an ní úd do thuit a measg na ndeilbneach, a siad so do éisd, achd ar nimtheachd dóibh, muchtar íad lé cúram agus lé saidhbhreas agus lé saímhe na beatha, agus ní thabhruid toradh úatha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

14 É siúd a thit sa deilgneach, sin iad na daoine a chuala, ach go n-imíonn siad leo agus go bplúchtar iad ag cúraimí agus ag saibhreas agus ag pléisiúir an tsaoil, agus ní thagann siad chun aibíochta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

14 É siúd a thit sa deilgneach, sin iad na daoine a chuala, ach go n‑imíonn siad leo agus go bplúchtar iad ag cúraimí agus ag saibhreas agus ag pléisiúir an tsaoil, agus ní thagann siad chun aibíochta.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:14
17 Tagairtí Cros  

Agus an t-é a ghlac an siól ins na sgeachaibh, siné an t-é a chloiseann an briathar, agus go ndeineann cúram an tsaoghail seo agus mealladh saidhbhris an briathar do mhúchadh, agus bíonn sé gan toradh.


Agus tagann cúram an tsaoghail isteach, agus mealladh saidhbhris, agus ainmhianta i dtaobh neithe eile, agus múchaid siad an briathar, agus curtar ó thoradh thabhairt é.


Ní féidir d’aon tseirbhíseach rud a dhéanamh ar dhá mháighistir; óir beidh fuath aige do dhuine acu, agus grádh do’n duine eile; nó claoidhfidh sé le duine acu, agus cuirfidh sé neamhshuim sa duine eile. Ní féidir daoibh Dia d’fhriothalamh agus mammon.


Ach tugaidh aire dhaoibh féin sar a raghadh bhúr gcroidhthe i ndúire le craos agus le meisge agus le cúram an tsaoghail seo, agus go dtiocfadh an lá úd go h-obann oraibh.


Agus an chuid a thuiteann ar an gcaraig, siniad an mhuintir a ghlacann an focal le h-áthas nuair airighid siad é; ach ní bhíd na préacha acu san; creidid siad ar feadh tamaill agus i n-am an chatha téighid siad ar gcúl.


Ach an chuid a thuiteann ar an dtalamh fóghanta, siniad an mhuintir a ghlacann an focal leis an ndeagh-chroidhe is fearr nuair a chloisid siad é, agus coimeádaid siad é, agus tugaid siad toradh uatha le fadfhulang.


Agus do thuit tuille dhe ameasg na sgeach; agus d’fhás na sgeacha i n-aonfheacht leis, agus mhúchadar é.


An t-é ná fanfaidh ionam-sa, caithfar amach é mar ghéag, agus feóchfaidh sé; agus tógfar é agus caithfar sa teine é, agus loisgfar é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí