Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:13 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Agus an chuid a thuiteann ar an gcaraig, siniad an mhuintir a ghlacann an focal le h-áthas nuair airighid siad é; ach ní bhíd na préacha acu san; creidid siad ar feadh tamaill agus i n-am an chatha téighid siad ar gcúl.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

13 Agus an chuid atá ar an gcarraig, sin an dream a ghabhas go háthasach leis an mbriathar chomh luath agus a chluineas siad é; ach níl an fhréamh acu siúd, ní mhaireann a gcreideamhsan ach seal, ach loiceann siad in am an chathaithe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

13 Is iad sin ar an charraig, an dream a ghlacas an briathar le h-áthas, nuair a chluin siad é, acht ní bhíonn fréamhacha ar bith acu sin, óir creideann siad ar feadh tamaill, agus le linn an chathuighthe téid siad ar gcúl.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus iad‐san atá ar an gcarraig is iad na daoine ghlacas chuca an briathar le h‐áthas tar a éis dóibh éisteacht leis; agus ní fhuil fréamh aca‐san; creideann siad ar feadh tamaill, agus i n‐am cathuighthe téigheann siad ar gcúl.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Agus an dream úd air an gcarruic, noch an tan do chluinid, gabhuid chuca an briathar maille lé gáirdeachus; achd ní bhfuil fréamh aca so, noch chreideas feadh tamuill, agus fhilleas ar a nais a naimsir an chathaigthe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 Iad siúd ar an gcarraig, sin iad na daoine a ghlacann an briathar le háthas nuair a chluineann siad é; ach ní bhíonn fréamh acu; creideann siad ar feadh tamaill, ach in am na trialach meathann siad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

13 Iad siúd ar an gcarraig, sin iad na daoine a ghlacann an briathar le háthas nuair a chluineann siad é; ach ní bhíonn fréamh acu; creideann siad ar feadh tamaill, ach in am na trialach meathann siad.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:13
37 Tagairtí Cros  

Óir bhí eagal ar Héród roim Eóin, mar bhí fhios aige gur dhuine naomhtha, fíoraonta é, agus bhí sé ’ghá choimeád, agus dheineadh sé a lán neithe ar a chómhairle, agus thugadh sé cluas dó go toilteanach.


An chuid a thuiteann i n-aice an bhóthair, siniad na daoíne a chloiseann, agus tagann an diabhal ’n-a dhiaidh san agus tógann sé an focal as a gcroidhe, i dtreó ná creidfidís agus ná saorfaí iad.


An chuid ámhthach, a thuit ameasg na sgeach, siniad an mhuintir a d’airigh an focal, ach ag dul dóibh i ndiaidh cúraim agus saidhbhris agus pléisiúir an tsaoghail múchtar iad agus ní thugaid siad toradh.


Gach géag atá orm agus ná tugann toradh, gearrfaidh sé í; agus gach géag a thugann toradh, glanfaidh sé í, ionus go dtabharfadh sí breis toradh.


An t-é ná fanfaidh ionam-sa, caithfar amach é mar ghéag, agus feóchfaidh sé; agus tógfar é agus caithfar sa teine é, agus loisgfar é.


Lóchran ar lasadh agus ag taithneamh ab eadh é siúd, agus níor mhisde libh-se ar feadh tamaill áthas a dh’fhághail ’n-a sholus.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí