Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 46 - An Bíobla Naofa 1981


“Tá Tiarna na Slua inár bhFochair”

1 Do stiúrthóir an chóir. [Salm] chlann Chorach. Leis an bhfonn “Na Maighdeana...” Amhrán.

2 Is dídean dúinn Dia, agus is é ár neart é: is é ár gcúnamh go dearfa é le linn ár n‑anacra.

3 Dá bhrí sin ní eagal linn má luascann an talamh agus go gcaitear na sléibhte i gceartlár na mara,

4 fiú amháin má bhíonn a huisce ag coipeadh 's ag fiuchadh, agus na sléibhte á suaitheadh ag neart na dtonnta. [Tá Tiarna na Slua inar bhfochair: is daingean dúinn Dia Iacóib.] Selah

5 Cuireann caisí na habhann lúcháir ar chathair Dé, ionad naofa agus áras cónaithe an Neach is Airde.

6 Tá Dia ina lár, ní féidir í a bhogadh; tiocfaidh Dia i gcabhair uirthi le fáinne an lae.

7 Tógtar clampar i measc na gciníocha, baintear croitheadh as ríochtaí, toirníonn seisean lena ghlór agus leánn an talamh.

8 Tá Tiarna na Slua inár bhfochair, is daingean dúinn Dia Iacóib.

9 Téanam agus feiceam oibreacha an Tiarna, na héachtaí móra a rinne sé ar talamh.

10 Cuireann sé cosc le cogaí ar fud na cruinne: briseann sé boghanna agus smiotann sé sleánna, loisceann sé sciatha agus carbaid le tine.

11 “Éistigí! bíodh a fhios agaibh gur mise is Dia ann, in ardréim ar na ciníocha, in ardréim ar talamh.”

12 Tá Tiarna na Slua inár bhfochair, is daingean dúinn Dia Iacóib. Selah

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí