Teastaíonn grá uainn go léir, agus bíonn fonn orainn go mbeadh grá againn. Ó rugadh muid, bíonn an gá sin linn, an mothú go bhfuil grá againn, go bhfuil luach orainn, go bhfuil tábhacht againn do dhaoine eile.
Is mothú é an grá atá neamhchoinníollach, íon, nach mbíonn ag iarraidh dochar a dhéanamh. A mhalairt ar fad, bíonn leas an duine eile i gcroílár an ghrá.
Nuair a bhíonn taithí againn ar an ngrá, bíonn fonn orainn grá a thabhairt ar an dóigh chéanna a fuaireamar é. Is mothú cumhachtach é an grá a sháróidh aon chás agus a bhainfidh aon rud amach. Athraíonn sé muid, neartaíonn sé muid, agus cabhraíonn sé linn bheith níos fearr gach lá. Tugann an grá meas, glacadh, agus foighne leis.
In aon luach a léirítear, bíonn an grá i láthair, mar is é an mothú is mó a spreagann a chéile chun a bhfíor-nádúr a bhaint amach.
Nuair a bhíonn grá idir beirt, bíonn sé frithpháirteach. Ciallaíonn sé sin go mbraitheann an duine eile an rud céanna atá á mhothú againn dóibh. Is é an cineál seo grá a chuireann tús le caidreamh sláintiúil, foirgneach.
Sa Bhíobla, i 1 Corantaigh 13, faighimid cur síos álainn ar an ngrá: "Is foighneach an grá, is cineálta é; ní bhíonn éad air, ní bhíonn an grá ag maíomh as féin, ní bhíonn sé sotalach. Ní dhéanann sé aon ní míchuí, ní lorgóidh sé a chuid féin, ní gcuirtear fearg air, ní choinníonn sé cuntas ar an olc. Ní bhíonn áthas air san éagóir, ach bíonn áthas air san fhírinne".
Oír ní bhfuil Día neamhchomhthrom, go mbíadh dearmud aige ar bhur nobair agus air sháothar bhur ngrádha, noch do fhoillsigheabhair dhá ainm, sa miniondrálachd do rinneabhair, agus fós do ní sibh do na náomhuibh.
Agus freagóruidh an Rí agus a déara sé ríu, A deirim ribh go fírinneach, An feadh do rinneabhair é don duine is lugha do na dearbhráithreachaibhsi agumsa, go ndearnabhair dhamhsa é.
Uime sin an feadh atá an tám aguinn, déunam maith do na huile dháoinibh, agus go mórmhór do luchd éintighe an chreidimh.
Agus atá a náithese aguinn úadhsan, An tí ghrádhuigheas Día go nghrádhughadh sé a dhearbhtáthar mar an gcéudna.
Achd a dtáobh ghrádh bhráithreamhuil ní bhfuil sibhse a riachdanas sgríobhadh chuguibh: óir do teaguisgeadh sibh ó Dhía, chum a chéile do grádhughadh.
Agus bíodh go gcaithfinn a bhfuil agam ré bochdaibh do chothughadh, agus go dtuibhruinn mo chorp da losgadh, agus mé bheith gan grádh, ní bhfuil tarbha dhamh ann.
Ná connaimh maith ón ndruing dar dúal í, a nuáir bhías sé a ccumas do laimhe ré na dhéanamh.
Ní fhacuidh éinneach Día riamh. Dá raibh grádh aguinn dá chéile, atá Día na chómhnuighe ionnuinn, agus atá a ghrádh go diongmhálta ionnuinn.
Oír, a dhearbhráithre, as chum sáoirsi do goireadh sibh; amháin ná déunuidh an tsáoirse na cionfátha don choluinn, achd bíghidh féin ag seirbhís do chéile tré ghrádh. Oír coimhliontár an réachd uile a náoinbhréithir amháin, ann so; Grádhuigh do chomharsa mar thú féin.
Do bheirim áithne núa dhíbh, Grádhuighe a chéile; mar do ghrádhuigh misi sibhsi, grádhuighidh féin a chéile amhluidh sin.
Is as so is aithnigh dhúinn grádh Dé, gur chuir sé a anum síos air ar soinne: uime sin atá dfíachuibh oruinne ar nanmanna do chur síos ar son ar ndearbhraithreach.
Bíodh toil aguibh dhá chéile maillé ré grádh bráithreamhuil; ag tabhairt onóra uáibh gach áon ag dul roimhe a chéile;
A cháirde, bíodh grádh aguinn dá chéile: óir as ó Dhía tig an gradh; agus gidh bé neach ghrádhuigheas atá sé ar na gheineamhuin ó Dhía, agus is aithnidh dhó Día.
Agus do bhí áon chróidhe agus áon anam amháin ag an druing do chreid: agus ní dúbhairt éainneach aca go madh leis féin áon ní dhá raibh na sheilbh; achd do bhádar na huile neithe comhchoitcheann aca.
Gradhuigh an chara gach uile uáir, agus rugadh an dearbhráthair a naghaidh buaidheartha.
Ná bíodh fíacha ag áoin neach oraibh, achd amháin sibh féin do ghrádhughadh a cheile. (Oír an tí ghrádhaigheas a chómharsa do choimhlíon se an dligheadh.)
Agus tugam aire dhá chéile ionnus go mbéam dhár mbrosdughadh féin chum grádha agus deaghoibrigheadh: Gan tréigean an chomhchruinnighe do níomaóid a gceann a cheile, do réir nóis dhruinge áirighe; achd ag teagusg a chéile: agus go madh móide dhéanam sín, an mhéid as léir dhibh an lá úd ag drúd rinn.
Atá an grádh fadfhoighideach, deaghchróidheach; ní ghabhann an grádh tnúth; ní dhéanann an ghradh ní ar bith go neamhchóir, ní máoithmheach é, Ní dhéanann ní ar bith ré taircuisne, ní iarran sé na neithe bheanus ris féin, ní sobhrosduighe é chum feirge, ní smuáineann sé ar a nolc; Ní dhéanann gáirdeachus sa néugcóraidh, achd gabhuidh sé gáirdeachus sa bhfírinne; Fuilngidh sé na huile neithe, creidigh sé na huile neithe, bí muinighin aige as na huile neithibh, iomchraidh rís na huile neithibh.
Ní dhéanann grádh olc don chomharsain: ar a nadhbharsin a sé an grádh coimhlionadh an dlighe.
Achd ar mbeith dhíbhse, a chaired, dhá bhur bhfollamnughadh féin ann bhur gcreideamh ró náomhtha, maille ré bheith dhíbh ag urnuighe sa Sbiorad Náomh, Coimhéuduigh sibh féin a ngrádh Dé, ag súil ré trócaire ar Dtíghearna Iósa Críosd chum na beatha marthannuigh.
Oír coimhliontár an réachd uile a náoinbhréithir amháin, ann so; Grádhuigh do chomharsa mar thú féin.
Oír do réir mar atá iomad ball aguinn a néunchorp amháin, agus nach éunoifig amháin atá ag na huile bhallaibh sin: As mar an gcéudna, atámaóidne morán, ar néanchorp a Gcríosd, agus gach áon fo leith ar mhallaibh agá chéile.
Do bheirim áithne núa dhíbh, Grádhuighe a chéile; mar do ghrádhuigh misi sibhsi, grádhuighidh féin a chéile amhluidh sin. Air so aithéonaid na huile dháoine gur deisciobail dhamhsa sibh, má bhíonn grádh aguibh féin dá chéile.
Oír is tré aoin Sbioruid do baisdeadh sinn uile chum éunchoirp, más Iúduighe sinn nó Gréugaígh, más sáor nó daor sinn; agus tugadh deoch dhuinn uile ré a híbhe chum éin Sbioruide.
Uime sin do coimhéudadh Peadar a bpriosún: agus do rinne a neagluis úrnaighe go dúthrachdach chum Dé ar a shon.
Agus roimh na huile neithibh bíodh grádh ro dhioghraiseach aguibh dhá chéile: óir cuirfidh an grádh folach ar iomad peacadh.
Bighidh sochroidhtheach, trócaireach dhá chéile, ag tabhairt maitheamhnuis uáibh, amhuil tug Día mar an gcéudna maitheamhnus dáoibhse a Gcríosd.
¶ Ní dhéana tú dioghaltas, ní bhía mioscuis ar bith agad re cloinn do dháoine, achd gráidheocha tú do chomharsa mar thú féin: misi an TIGHEARNA.
Agus dfoillsigh mé thainmsi dhóibh, agus foillséochaidh mé é: ionnus an grádh lér ghrádhuigh tú misi go mbíadh sé ionntasan, agus misi ionnta.
Agus siúbhluidh a ngrádh, amhuil do ghrádhuigh Críosd sinne, agus tug sé é féin air ar son a ofráil agus na iodhbairt dheaghbhaluidh do Dhía.
Achd ós cionn na neitheannsa uile biodh aguibh carrthannachd, noch as coimcheangal diongmháltachda ann.
Oír atá Día dfíadhnuise agum, ar mhéud mo dhúile ionnuibh uile ó fhréumhach mo chróidhe a Níosa Críosd.
Achd a deirimsi ribh, Bíodh grádh agaibh dá bhur naímhdibh, beannaighidh na dáoine mhallaigheas sibh, deunaidh maith do na dáoinibh ait ar beag sibh, agus deúnaidh urnaighthe ar son na muinntire bhuaidhreas sibh, agus dhíbreas subh;
O rinneabhair bhur nanmanna glan a númhlachd na fírinne trés an Spiorad chum grádha bráithreamhuil gan fhallás, bíodh grádh díoghraiseach aguibh dhá chéile ó chróidhe ghlan:
Tuguidh onóir do na huile dhaóinibh. Grádhuighe na dearbhráithre. Bíodh eagla Dé oruibh. Tuguidh onóir don rí.
An tí ghrádhuigheas a dhearbhráthair atá sé na chomhnuighe sa tsolas, agus ní bhfuil oilbhéim ann.
Oír a sí so an teachdaireachd do chúalabhair ó thosuigh, eadhon sinne do thabhairt grádh dhá chéile.
Agus gidh bé agá bhfuil maóin an tsáoghailse, agus do chí a dhearbhráthair a ríachdanas, agus nach déun trúaighe dhó, cionnus chomhnuigheas gradh Dé ann? A chlann bheag, nár ab a mbréithir, ná a dteanguidh bhías bhur ngrádh; achd a ngníomh agus a bhfírinne.
Agus a sí so a áithne, Go ccreidfeadh sinne a nainm a Mhic Iósa Críosd, agus a chéile do ghrádhughadh, réir na háithne tug seision dúinn.
Gan éinní tré chonnsbóid ná tré ghlóir dhíomháoin; achd a númhlachd inntinne measadh gach áon gur fear neach eile na é féin. Do bhrígh go dtáinic sé go garr don bhás ar son oibre Chríosd, agus nár chuir suim ann a anam, ionnus go gcoimhlíonfadh sé a nuireasbhaidh do bhí oramsa a dtáobh bhur seirbhísse. Nár ab íad na neithe bheanais ris féin bhéuras gach áon dá aire, achd gach áon na neithe fós bheanas ré dáoinibh eile.
Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé, Gráidheochuidh tú do Thighearna Dia as do chroidhe uile, agus as tanam uile, agus as do bhríoghuibh uile, agus as da smúaintighthibh uile; agus do comharsa mar thu féin.
Atá a fhios aguinne gur hathruigheadh sinn ó bhás go beatha, do bhrígh go bhfuil grádh aguinn air na dearbhráithribh. An tí nach grádhuigheann a dhearbhrathair cómhnuighe sé a mbás.
As air so aithnigheamáoid go bhfuil grádh aguinn do chloinn De, an tan bhíos grádh do Dhía aguinn, agus choimhéudamáoid a aitheanta.
Uime sin gach uile ní budh mían libh daoine do dhéunamh dhíbh, deúnaidhsi a leithéide dhóibhsean mar an gcéudna: oír a sé so an dligheadh agus na faighe.
Dá nabra éinneach, atá grádh agum air Dhía, agus fúath bheith aige air a dhearbhráthair, is bréugach é: Oír cionnas is éidir don tí nach grádhuigheann a dhearbhráthair do chonnairc sé, grádh thabhairt do Dhía nach bhfacuidh sé? Agus atá a náithese aguinn úadhsan, An tí ghrádhuigheas Día go nghrádhughadh sé a dhearbhtáthar mar an gcéudna.
Ata dfiachaibh orainne an dream atá láidir éugcrúas na ndáoineadh meirbh diomchar, agus gan ar dtoil féin do leanmhuin. Agus a deir sé a rís, Déunaidh gáirdeachus, a Chineadhacha, maille ré na phobal. Agus a rís, Molaidh an Tighearna a uile Chineadhacha, agus a phuibleacha uile, molaidh é. Agus a ris a deir Esaías, Biáidh fréamh Iesse ann, agus an tí éireochas chum na Ccineadhach do sdiúradh; cuirfid na Cineadhacha a ndóthchas ann. Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh. Agus a dhearbhráithreacha, as dearbh leamsa féin bhir dtáobhsa, go bhfuilti lán do mhaith, ar mbeith dháoibh líonta do ghach uile éolas, agus go dtig dháoibh fós a chéile do theagusg. Gidheadh fós, a bhráithreacha, do sgríobh mé chugaibh a gcáil maille ré ghé dhánachda, mar do bhéinn dá bhur gcur a gcuimhne, trés an mgrás tugadh dhamh ó Dhía, Ionnus go mbéinn am óglach ag Iósa Críosd a measg na Gcineadhach, ag miniosdralachd soisgéil Dé, do chum go mbeith gean ar ofrail na Gcineadhach, ar mbeith dhi náomhtha trés an Spiorad Náomh. Uime sin atá adhbhar gáirdeachais agam a Niósa Críosd sna neithíbh úd ata a ttáobh Dé. Oír ní bhía mé daná ar éainni do labhairt nar oibridh Críosd thríom, chum úmhlachda na Gcineadhach, a mbréithir agus a ngníomh, Maille ré cúmhachd chómharthadh agus mhíorbhuileadh, tré neart Spioraide Dé; ionnus gur chóimhlíon mé soisgéil Chríosd, ó Ierusalem, agus na timcheall go soithe Illiricum. Uime sin déunadh gach áon aguinn toil a chomharsan ré maith chum follamnuighe.
Gidheadh dá gcoimhlíona sibh an reachd ríogha do réir an sgriobtúir, Gradhuigh do chómharsa mar thú féin, as maith do ní sibh é:
Agus fós a dubhairt sé ris an té thug cuireadh dhó, An tráth do dhéanas tú dinnéir nó suipéir, ná goir do cháirde ná do dhearbhraithre, ná do dháoine gáoil, ná do chomh arsanna saidhbhre; ar eagla go dtiobhradh siadsan fós cuireadhdhuitse arís, agus go bhfúoghtheá an chomáoin chéadna. Achd an tan do ní tú féasda, goir na boichd, na dáoine ciorthuimeacha, na bacaigh, agus na doill: Agus biádh tú beannuighe; do bhrigh nach bhfuil acfuinn aca an chomáoin cheadna do thabhairt dhuit: óir do bhéarthar a luáidheachd dhuit a neiséirghe na bhfíréun.
Oír atá grádh Chríosd dar mbrosdughadh; ar na bhreathnughadh so dhúinn, eadhon má fuáir éunduine bás ar son na nuile, go bhfúaradar uile bás:
Is as so aitheantar clann Dé, agus clann an díabhail: gidh bé nach leanann do nfíréuntachd ní ó Dhía atá sé, ná an tí nach dtabhair grádh dhá dhearbhrathair.
Uime sin dá raibh ocarus ar do námhuid, tabhair bíadh dhó; dá raibh tart air, tabhair deoch dhó: óir tré so do dhéunamh dhuit carnfuidh tú gríosach ar a cheann. Na beireadh an tolc buáidh ort, achd beirse buáidh ar a nolc ré maith.
Ar ndul do Pheadar na ionnsaidh an tráth sin, a dubhairt sé, A Thighearna, gá a mhioncachd do dheana mo dhearbhráthair coir a maghaidh, agus mhaithfeas mé dhó? an go nuige an seachdmhadh húair? A deir Iósa ris, Ni abruim riot, Gus an seachdmhadh húair a mháin: achd, Go soithe seachdmhoghad seachd nuáire.
Agus go méuduighe an Tíghearna sibh agus go dtuguidh fó deara dhibh líonadh a ngrádh dhá chéile, agus do na huile dhaóinibh, do réir mar atámuidne fós díbhse:
Agus íarruim so dathchuinghe, bhur ngrádhsa do líonadh fós ní sa mhó ná chéile a neólas agus a nuile thuigse;
Achd a sé as toradh don Spiorúid grádh, gáirdeachas, síothcháin, foíghid fhasa, ceannsachd, rún maitheasa do dhéunamh, creideamh,
Atá síothcháin mhór don lucht ghrádhuigheas do dhligheadhsa: agus ní bhfuil ceap tuislighe na naghaidh.