Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Corantaigh 13:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Má roinnim amach mo mhaoin shaolta go léir, agus má thugaim suas mo chorp le dó ach gan aon ghrá a bheith agam, ní aon tairbhe dom é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Má thugaim uaim a bhfuil agam, agus má thugaim mo chorp suas lena loscadh, mura bhfuil grá i mo chroí, ní tairbhe ar bith dom é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus dá mbronnainn mo mhaoin shaoghalta chum na boicht do chothú, agus dá dtabharainn mo chorp d’á loscadh, gan grádh bheith agam, ní fhuil tairbhe dá laighead agam d’á bhárr.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus bíodh go gcaithfinn a bhfuil agam ré bochdaibh do chothughadh, agus go dtuibhruinn mo chorp da losgadh, agus mé bheith gan grádh, ní bhfuil tarbha dhamh ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Má roinnim amach mo mhaoin shaolta go léir, agus má thugaim suas mo chorp le dó ach gan aon ghrá a bheith agam, ní haon tairbhe dom é.

Féach an chaibidil Cóip




1 Corantaigh 13:3
22 Tagairtí Cros  

Ach anois tá mé chun an fhíréantacht seo agat a léiriú go hoscailte, agus do ghnóthaí gan rath.


Ach seo sibh ag cur muiníne i mbriathra mealltacha gan tairbhe.


Déanann siad a n‑oibreacha uile d'fhonn go mbeifí á dtabhairt faoi deara. Sin mar a chuireann siad leithead ina bhfiolaictéirí agus fad lena scothóga;


Ar chloisteáil sin d'Íosa, dúirt sé leis: “Tá aon ní amháin de dhíth ort go fóill: díol gach a bhfuil agat agus roinn ar na boicht é agus beidh stór agat sna flaithis; tar ansin agus lean mise.”


Ansin dúirt Peadar: “Is é atá déanta againne: ár maoin shaolta a thréigean agus tusa a leanúint!”


Ach dúirt Zacháias go croíúil leis an Tiarna: “Is é a dhéanfaidh mé, a Thiarna, leath mo mhaoine a thabhairt do na boicht, agus má bhain mé aon ní go héagórach d'aon duine, déanfaidh mé aisíoc leis faoi cheathair.”


Óir ba mhó acu glóir daoine ná glóir Dé.


Dúirt Peadar leis: “A Thiarna, cad chuige nach féidir dom thú a leanúint anois? Tabharfaidh mé m'anam ar do shon.”


Níl grá ag aon duine níos mó ná seo go dtabharfaidh duine a anam ar son a chairde.


Is é an spiorad a dhéanann beoú, ní dhéanann an fheoil aon tairbhe. Na focail atá ráite agam libh, is spiorad agus is beatha iad.


Ach d'fhreagair Pól ansin: “Cad ab áil libh bheith ag olagón mar sin agus ag scóladh an chroí ionam? Táim ullamh ní amháin le mo cheangal ach leis an mbas féin a fhulaingt ar son ainm an Tiarna Íosa in Iarúsailéim.”


Agus ná bímis mórchúiseach ná ag saighdeadh a chéile ná ag éad le chéile.


Ná déanaigí aon ní le teann iomaíochta ná le teann gaisce, ach sibh á mheas go huiríseal gur fearr daoine eile ná sibh féin.


Is beag an tairbhe an aclaíocht choirp, ach is mór go deo an tairbhe an chráifeacht, mar go bhfuil tuar na beatha inti abhus agus thall.


Ná cuirtear ar seachrán sibh le gach saghas teagaisc strainséartha. Is fearr an croí a neartú le grásta [Dé] ná le cúrsaí bia nach ndeachaigh chun sochair do na daoine a bhíodh ag plé leo.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí