Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eabhraigh 13:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Bíodh grá agaibh do bhur mbráithre i gcónaí;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Maireadh an bhráithriúlacht go buan.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Bíodh grádh bráthardha i gcómhnaidhe eadraibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Biodh grádh bráithreamhuil go comhnuigheach eadruibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Bíodh grá agaibh do bhur mbráithre i gcónaí;

Féach an chaibidil Cóip




Eabhraigh 13:1
30 Tagairtí Cros  

Amhrán Oilithreach. Le Dáiví. 1 Féach! nach maith agus nach aoibhinn é go mbeadh bráithre ina gcónaí le chéile.


Is iad seo m'aitheanta daoibh: sibh a thabhairt grá dá chéile.


Nuair a tháinig Lá Cincíse bhí siad go léir le chéile ar aon láthair.


Bhí buíon na gcreidmheach ar aon aigne agus ar aon intinn le chéile. Ní deireadh aon duine acu liom ná leat faoina chuid maoine mar bhí gach ní i bpáirt acu.


Is chun saoirse a bheith agaibh a glaodh oraibh, a bhráithre. Ach ná bíodh an tsaoirse sin ina leithscéal agaibh chun na collaíochta; ní hea, ach bígí ag déanamh seirbhíse dá chéile le teann grá.


Is é toradh a thugann an Spiorad uaidh, áfach, grá, lúcháir, síocháin, foighne, cineáltas, dea-chroí, dílseacht,


Mar in Íosa Críost is cuma an timpeallghearradh ann nó as, ach an creideamh a oibríonn trí ghrá.


agus déanaigí bhur ndícheall chun an aontacht a thagann ón Spiorad a choimeád faoi cheangal na síochána.


agus mairigí de réir an ghrá faoi mar a ghráigh Críost sinne agus a thug é féin suas ina ofráil chun Dé agus ina íobairt chumhra ar ár son.


Tá sé d'fhiacha orainn bheith ag gabháil buíochais gan stad le Dia mar gheall oraibh, a bhráithre, agus níl ann ach an ceart, mar tá bhur gcreideamh ag fás thar na bearta agus bhur ngrá dá chéile, gach duine agaibh, ag dul i méid.


Agus tugaimis aird ar a chéile chun go spreagfaimid a chéile chun grá a thaispeáint dá chéile agus chun dea-oibreacha a dhéanamh.


Rinne sibh bhur n‑anam a íonghlanadh trí umhlú don fhírinne le haghaidh grá gan cur i gcéill do na bráithre; tugaigí grá díograiseach dá chéile, más ea, ó chroí glan.


Tugaigí onóir do chách; bíodh grá agaibh don bhráithreacht; bíodh eagla oraibh roimh Dhia agus bíodh ómós agaibh don impire.


Mar fhocal scoir, bígí uile ar aon intinn, agus bíodh comhbhá agaibh le chéile, agus grá agaibh do na bráithre; bíodh trócaire in bhur gcroí agus uirísle in bhur meon.


Thar aon ní eile bíodh grá buan agaibh dá chéile óir clúdaíonn grá a lán peacaí.


agus grá bráthar leis an gcráifeacht agus an charthanacht leis an ngrá bráthar.


Agus seo í an aithne a thug sé: go gcreidfimis in ainm a Mhic Íosa Críost agus go dtabharfaimis grá dá chéile, de réir mar a d'ordaigh seisean dúinn.


Má deir duine: “Mo ghrá-sa Dia” agus gur fuath leis a bhráthair, is bréagach é, mar an té nach dtugann grá don bhráthair ar léir dó é, ní féidir leis grá a thabhairt do Dhia nach bhfaca sé riamh.


Ach tá seo agam i d'aghaidh: gur thréig tú an grá a bhí agat a chéaduair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí