Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Peadar 4:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Thar aon ní eile bíodh grá buan agaibh dá chéile óir clúdaíonn grá a lán peacaí.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Thar gach rud eile bíodh dianghrá dúthrachtach agaibh dá chéile, ó cheileann an grá mórán peacaí.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Thar gach nidh eile bíodh dian‐ghrádh agaibh d’á chéile: óir cuireann an grád clúdach ar a lán mór peacaidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus roimh na huile neithibh bíodh grádh ro dhioghraiseach aguibh dhá chéile: óir cuirfidh an grádh folach ar iomad peacadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Thar aon ní eile bíodh grá buan agaibh dá chéile óir clúdaíonn grá a lán peacaí.

Féach an chaibidil Cóip




1 Peadar 4:8
17 Tagairtí Cros  

Gineann fuath achrann, ach cuireann an grá brat thar gach cóir.


Ní dhéanann an t‑amadán aon mhoill ach a fhearg a thaispeáint; ach ní thógann an duine ciallmhar ceann d'achasán.


An té a mhaitheann coir, spreagann sé grá; ach an té thagraíonn arís di, cuireann sé cairde in earraid.


Baois agus náire is ea freagra a thabhairt gan éisteacht ar dtús.


Má labhraím i dteangacha daoine agus aingeal ach gan aon ghrá a bheith agam, níl ionam ach mar a bheadh prás ag fuaimneach nó ciombail ag clingeadh.


Bíonn an grá foighneach agus bíonn sé lách; ní bhíonn éad air; ní dhéanann sé maíomh


Agus mar bharr ar gach ní acu sin cuirigí umaibh an grá mar is é a chuirfidh bail agus críoch ar an iomlán.


Agus go ndéana an Tiarna bhur ngrá dá chéile agus do chách eile a mhéadú go fras nó go mbeidh sé ar aon chéim leis an ngrá atá againne daoibh.


Tá sé d'fhiacha orainn bheith ag gabháil buíochais gan stad le Dia mar gheall oraibh, a bhráithre, agus níl ann ach an ceart, mar tá bhur gcreideamh ag fás thar na bearta agus bhur ngrá dá chéile, gach duine agaibh, ag dul i méid.


Níl de chuspóir ag an bhfoláireamh seo ach an grá a mhúscailt a thagann as an gcroí glan, as an gcoinsias maith agus as an gcreideamh gan chluain.


Bíodh grá agaibh do bhur mbráithre i gcónaí;


Ach thar aon ní eile, a bhráithre liom, ná tugaigí mionn, dar neamh ná dar talamh, ná dar aon mhionn eile. Nuair a bhíonn “sea” le rá agaibh, abraigí “sea,” agus “ní hea” nuair is “ní hea,” ionas nach dtiocfadh an daorbhreith oraibh.


bíodh a fhios aige, an té a chasfaidh peacach ar ais óna sheachrán slí, go sábhálfaidh sé a anam ón mbás, agus go ndéanfaidh sé a lán peacaí a chlúdach as radharc.


Rinne sibh bhur n‑anam a íonghlanadh trí umhlú don fhírinne le haghaidh grá gan cur i gcéill do na bráithre; tugaigí grá díograiseach dá chéile, más ea, ó chroí glan.


A bhráthair na páirte, guím rathúnas ort in iomlán do ghnóthaí, agus sláinte, fearacht an rathúnais anama atá ort cheana féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí