Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Seanfhocal 3:27 - An Bíobla Naofa 1981

27 A mhic, ná coinnigh an mhaith ón té dar dual í nuair is féidir leat í a chur i ngníomh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Ná connaimh maith ón ndruing dar dúal í, a nuáir bhías sé a ccumas do laimhe ré na dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 3:27
8 Tagairtí Cros  

Tá sé ar mo chumas agam dochar a dhéanamh duit ach dúirt Dia d'athar liom aréir: ‘Ná habair aon ní ar aon chúinse le Iacób.’


Mairg don mhuintir a bhíonn ag meabhrú urchóide agus ag beartú oilc ar a leaba. Le céadsolas na maidine siúd chun gníomhartha iad mar is acmhainn dóibh é.


Íocaigí do chách a bhfuil dlite dó, mar sin: an cháin d'fhear na cánach agus an dleacht d'fhear na dleachta, urraim don té is díol urraime agus ómós don té is díol ómóis.


Fad atá an deis againn, mar sin, déanaimis an mhaith do chách agus go háirithe do líon tí an chreidimh.


Agus tú á scaoileadh saor ná lig uait beo bocht é.


Thug seisean é féin suas ar ár son chun sinn a fhuascailt ó gach urchóid agus chun pobal ar leith a íonghlanadh dó féin, pobal a bheadh cíocrach chun dea-oibreacha.


Féach, tuarastal na n‑oibrithe a bhain fómhar bhur gcuid gort, agus a choinnigh sibh uathu go calaoiseach, tá sé ag éamh os ard; agus tá cluasa Thiarna na Slua sroichte ag éamh na mbuanaithe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí