Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Filipigh 1:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Tá a fhios ag Dia go bhfuilim ag tnúth libh uile le cion Íosa Críost féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Mar fágaim é dʼfhianaise ar Dhia, an chumha a bhíos orm in bhur ndiaidh i snaidhm shearc Íosa.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Óir is é Dia m’fhiadhnaidhe ar an dúil mhóir chuirim ionnaibh go léir le caomh‐ghrádh Íosa Críost.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Oír atá Día dfíadhnuise agum, ar mhéud mo dhúile ionnuibh uile ó fhréumhach mo chróidhe a Níosa Críosd.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Tá a fhios ag Dia go bhfuilim ag tnúth libh uile le cion Íosa Críost féin.

Féach an chaibidil Cóip




Filipigh 1:8
24 Tagairtí Cros  

Anois féin, féach, tá m'fhinné ar neamh, Agus tá mo chosantóir ansiúd thuas.


Dá bharr sin, ar son Mhóáb tá mo chliabh mar chláirseach ar crith, agus mo chroí istigh ar son Chír Harasait.


Breathnaigh anuas ó na flaithis agus féach, ó arda na naofachta agus na glóire mar a bhfuil do chónaí. Cá bhfuil do dhíbheirg agus do ghaisce, do theasghrá agus do thrócaire chugainn? Ná seas i leataobh uainn


An ionúin liom mo mhac Eafráim an méid sin? An bhfuil mé chomh doirte sin air mar leanbh, nach bhfuil uair dá mbagraím air nach ag cuimhneamh air a bhím, nach formhothaithe mé i gcónaí ar a shon, go ligim do mo ghrámhaireacht a bheith ag tnúthán ina dhiaidh? Is é an Tiarna a labhraíonn.


de chionn trócaire chroí ár nDé a bhéarfaidh an Láchan dár bhfiosrú ó uachtar neimhe,


Mar, an Dia a mbím ag seirbhís dó ó m'anam i ndea-scéal a Mhic, tá sé ina fhinné agam air go mbím ag cuimhneamh oraibh gan staonadh i m'urnaithe i gcónaí,


Táim ag insint na fírinne i gCríost, agus tá mo choinsias á dhearbhú dom sa Spiorad Naomh, nach aon bhréag dom a rá


Bíonn áthas orainn fiú amháin nuair a bhímid féin lag agus sibhse go láidir. Is é ár nguí go gcuirfear sibhse ar lán bhur leasa.


agus gan aon easpa slí ann daoibh. In bhur gcroí féin atá an chúngracht.


Agus is ag dul i méad atá a chion oraibh nuair a chuimhníonn sé ar chomh humhal agus a bhí sibh go léir dó, agus ar chomh hurramach uamhnach agus a d'fháiltigh sibh roimhe.


Dearbhaím i bhfianaise Dé nach bhfuil focal bréige ina bhfuil á scríobh agam.


mar is mac do Dhia gach uile dhuine agaibh de bharr bhur gcreidimh in Íosa Críost.


A chlann ó, táim mar bheinn ar luí seoil libh arís nó go gcumtar Críost ionaibh.


Dá bhrí sin más fiú aon ní an sólás a fhaigheann sibh i gCríost, más fiú aon ní an spreagadh a thagann ón ngrá, más fiú aon ní bhur gcumann leis an Spiorad, má tá cion nó trua ar bith ionaibh,


Is fada leis uaidh sibh go léir agus tá imní air toisc gur chuala sibh go raibh sé breoite.


Dá bhrí sin, a bhráithre ionúine na pairte, ós sibhse m'aoibhneas agus mo chuid den saol, seasaigí go daingean sa Tiarna, a chairde cléibh.


Ba mhaith liom go dtuigfeadh sibh a dhéine a bhím ag coimhlint ar bhur son agus ar son mhuintir Láoidícéa agus ar son an dreama nár leag riamh súil orm.


Dá bhrí sin, ós sibhse an pobal tofa, pobal naofa muirneach Dé, cuirigí umaibh trua croí, cineáltas, uirísle, ceansacht agus foighne.


Agus mar is eol daoibh féin, ní dhearnamar plámás libh riamh,


Bhíomar chomh ceanúil sin oraibh go rabhamar sásta ní amháin an dea-scéal a roinnt oraibh ach ár n‑anam féin a roinnt oraibh chomh maith, agus a ansa linn a bhí sibh.


Agus nuair a chuimhním ar na deora a shil tú is fada liom go bhfeicfidh mé thú go líonfaí mo chroí le háthas.


Is é cnú mo chroí é ach táim á chur ar ais chugat,


Is ea, a bhráthair, táim ag iarraidh aisce ort sa Tiarna; tabhair tógáil chroí dom i gCríost.


Duine a bhfuil maoin an tsaoil aige agus go n‑airíonn a bhráthair ar an gcaolchuid, agus go gcruann a chroí air, conas a bheadh grá Dé go buan sa duine sin?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí