Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Eoin 3:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Uaidh seo a aithnímid an grá, mar gur thug seisean a anam ar ár son; agus is mithid dúinne ár n‑anam a thabhairt ar son na mbráithre.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Is air seo a aithnímid cad is grá ann, gur thug seisean a anam uaidh ar ár son; agus is amhlaidh ba choir dúinn ár n-anamacha féin a thabhairt ar son na mbráithre.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Air so is eadh aithnighmíd an grádh, de bhrigh go dtug seisean a anam ar ár son; agus ba cheart dúinne ár n‐anam do thabhairt ar son na mbráthar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Is as so is aithnigh dhúinn grádh Dé, gur chuir sé a anum síos air ar soinne: uime sin atá dfíachuibh oruinne ar nanmanna do chur síos ar son ar ndearbhraithreach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Uaidh seo a aithnímid an grá, mar gur thug seisean a anam ar ár son; agus is mithid dúinne ár n-anam a thabhairt ar son na mbráithre.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 3:16
24 Tagairtí Cros  

díreach faoi mar nár tháinig Mac an Duine chun go mbeifí ag freastal air ach chun go ndéanfadh sé féin freastal agus a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.”


Mise an sáraoire, Tugann an sáraoire a bheatha ar son a chaorach.


faoi mar a aithníonn an tAthair mé, agus mar a aithnímse an tAthair. Agus tugaim mo bheatha ar son mo chaorach.


Tá aithne nua á tabhairt agam daoibh, go dtabharfadh sibh grá dá chéile; faoi mar a thug mise grá daoibhse, go dtabharfadh sibhse grá dá chéile.


Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidh i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shioraí aige.


Tugaigí aire daoibh féin mar sin agus don tréad ar fad a bhfuil sibh ceaptha in bhur maoir air ag an Spiorad Naomh chun bheith in bhur n‑aoirí ar an Eaglais a cheannaigh sé dó féin lena chuid fola.”


a chuir a gceann i mbaol ar son m'anamasa; agus ní mise amháin atá buíoch díobh ach eaglaisí uile na ngintlithe chomh maith.


Ach cruthaíonn Dia an grá atá aige dúinn trí Chríost a fháil bháis ar ár son agus sinn fós inár bpeacaigh.


Dá réir sin is é an bás atá ag obair ionainne fad atá an bheatha ag obair ionaibhse.


agus mairigí de réir an ghrá faoi mar a ghráigh Críost sinne agus a thug é féin suas ina ofráil chun Dé agus ina íobairt chumhra ar ár son.


A fheara, bíodh grá agaibhse do bhur mná faoi mar a bhí grá ag Críost don Eaglais agus thug suas é féin ar a son d'fhonn í a choisreacan do Dhia.


Fiú amháin má tá mo chuid fola le doirteadh agam mar dheoch ofrála ar an íobairt a dhéanann sibh chun Dé le bhur gcreideamh, tá áthas orm faoi agus déanaim comhghairdeas libh uile.


Bhíomar chomh ceanúil sin oraibh go rabhamar sásta ní amháin an dea-scéal a roinnt oraibh ach ár n‑anam féin a roinnt oraibh chomh maith, agus a ansa linn a bhí sibh.


fad a bheimid ag feitheamh le fíoradh ár ndóchais bheannaithe, le taibhsiú glórmhar ár nDé mhóir agus ár dTiarna Íosa Críost.


Óir is feasach sibh nach le nithe sothruaillithe mar ór nó airgead a fuasclaíodh sibh ó bhur n‑iompar baoth a fuair sibh mar oidhreacht ó bhur n‑aithreacha,


D'iompair sé ár bpeacaí ina cholainn féin ar an gcrann d'fhonn go bhfaighimis bás dár bpeacaí ach go mairfimis don fhíréantacht. Trína chréachtaí a cneasaíodh sibh.


Óir fuair Críost bás an t‑aon uair amháin i ngeall ar pheacaí, an fíréan thar ceann na neamhfhíréan, d'fhonn sinn a thabhairt i láthair Dé. Básaíodh é sa cholainn, ach rinneadh beo é sa spiorad


An té a deir go maireann ann ní foláir dó siúl faoi mar a shiúil seisean.


An té a deir go bhfuil sa solas agus gur fuath leis a bhráthair tá sé sin sa dorchacht i gcónaí.


agus ó Íosa Críost an finné dílis, an chéadghin ó mhairbh, rialtóir ríthe an domhain. Don té a bheir grá dúinn, agus a scaoil sinn ónár gcionta trína fhuil féin,


Chan siad iomann nua á rá: “Is fiú thú an scrolla a ghlacadh, agus a shéalaí a bhriseadh, óir básaíodh thú agus d'fhuascail tú daoine do Dhia le d'fhuil, as gach treibh, agus teanga, agus pobal, agus cine,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí