Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Eoin 3:17 - An Bíobla Naofa 1981

17 Duine a bhfuil maoin an tsaoil aige agus go n‑airíonn a bhráthair ar an gcaolchuid, agus go gcruann a chroí air, conas a bheadh grá Dé go buan sa duine sin?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

17 Ach an duine a bhfuil ollmhaitheas an tsaoil seo aige agus a fheiceas a bhráthair i riachtanas, agus a dhúnann a chroí roimhe, conas a fhanfadh grá Dé sa duine sin?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Acht cibé duine go bhfuil maoin an tsaoghail seo aige, agus go bhfeiceann sé á bhráthair i riachtanas, agus go gcruadhann sé a chroidhe ’n‐a aghaidh, cionnas chómhnuigheann grádh Dé ann?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Agus gidh bé agá bhfuil maóin an tsáoghailse, agus do chí a dhearbhráthair a ríachdanas, agus nach déun trúaighe dhó, cionnus chomhnuigheas gradh Dé ann?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

17 Duine a bhfuil maoin an tsaoil aige agus go n-airíonn a bhráthair ar an gcaolchuid, agus go gcruann a chroí air, conas a bheadh grá Dé go buan sa duine sin?

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 3:17
17 Tagairtí Cros  

Tugann an fíréan aire dá chuid stoic, ach is cruálach í trocaire an urchóidigh.


Is masla dá chruthaitheoir luí ar an mbochtán; ach an té a bhíonn cineálta leis an mbocht, tugann sé onóir dó.


An té a bhíonn cineálta leis na boicht, tugann sé iasacht don Tiarna, déanfaidh sé cúiteamh ar son a ndearna sé.


An té a thugann cluas bhodhar d'éamh an bhochtáin nuair a ghlaofaidh sé féin, ní eistfear leis.


An té a iompaíonn a chluas ó éisteacht leis an dlí, is gráiniúlacht fiú a urnaí.


Dúirt sé leo á bhfreagairt: “An té a bhfuil dhá chóta aige, tugadh sé cóta don té atá ina uireasa, agus an té a bhfuil rud le hithe aige, déanadh sé a leithéid chéanna.”


Tá a fhios agaibh go maith an chomaoin a chuir ár dTiarna Íosa Críost oraibh: siúd is go raibh sé saibhir rinne sé bochtán de féin ar mhaithe libhse, d'fhonn is go ndéanfaí daoine saibhre díbh trína bhochtaineachtsan.


Ná déanaigí dearmad ar an maith a dhéanamh agus bhur gcuid a roinnt. Óir tá an saghas sin íobairtí taitneamhach le Dia.


Má tá deartháir nó deirfiúr gan éadach agus gan cuid an lae de bhia acu,


agus go ndeir duine agaibhse leo: “Imígí faoi shíocháin; faighigí goradh agus ithigí bhur sáith,” agus nach dtugann sibh riachtanais na beatha dóibh, cén tairbhe é?


Má deir duine: “Mo ghrá-sa Dia” agus gur fuath leis a bhráthair, is bréagach é, mar an té nach dtugann grá don bhráthair ar léir dó é, ní féidir leis grá a thabhairt do Dhia nach bhfaca sé riamh.


Gach duine a chreideann gurb é Íosa an Críost is ó Dhia a gineadh é, agus gach duine a thugann grá don té a ghin tugann grá fós don té a gineadh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí