Salm 112 - An Bíobla Naofa 1981Aoibhneas an Fhíréin Salm Aibítreach 1 Alleluia. Is aoibhinn don fhear ar a mbíonn eagla an Tiarna; a thugann taitneamh dá aitheanta uile. 2 Beidh a shliocht siúd go tréan ar talamh; is beannaithe clann an duine ionraic. 3 Beidh maoin is maitheas ina theaghlach; mairfidh a fhíréantacht go brách is choíche. 4 Bíonn ina sholas sa dorchacht don dea-dhuine; is trócaireach é, is fial, is ionraic. 5 Bíonn an dea-dhuine carthanach fial lena chuid; riarann sé a ghnó go ceart onórach. 6 Ní chorrófar an fíréan choíche; mairfidh a chuimhne go brách na breithe. 7 Ní chuirfidh drochscéala eagla air; is daingean a chroí, is é an Tiarna a dhóchas. 8 Is dílis daingean a chroí gan eagla; feicfidh sé a naimhde á dtreascairt. 9 Dáileann sé a chuid go fial ar lucht an ghátair; maireann a fhéile go brách agus choíche. Tógfar a cheann, ardófar a chumhacht go glórmhar. 10 Feicfidh an peacach agus beidh sé ar buile. Bainfidh sé dioscán as a fhiacla agus leáfaidh sé; agus meathfaidh mian an urchóidigh. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart