Nuair a bhíonn tú féin nó do mhuintir i mbaol nó i nganfhios, is mór an sólás atá le fáil sna véarsaí Bíobla a bhaineann le gealltanais agus le samplaí de chosaint Dé. Deir sé linn ina fhocal nach bhfágfaidh sé ná nach dtréigfidh sé sinn. Is cosaint spioradálta í seo, cosaint lán de thrócaire.
Cothaíonn cosaint Dé ár gcreideamh Críostaí. Cuireann sé uirlisí spioradálta ar ár mbealach chun sinn féin a chosaint ar ionsaithe an namhad. Tá sé tábhachtach muid féin a chur faoi chúram Dé, le go saorfaidh sé sinn ó gach olc agus ó gach baol, agus go gcosnóidh sé sinn ó gach namhaid.
Agus muid ag imeacht ón mbaile, guímis ar Dhia Uilechumhachtach go dtabharfaidh sé cosaint dúinn ar na naimhde agus go dtabharfaidh sé slán abhaile sinn arís. Deir Salm 27:1, “Is é an Tiarna mo sholas agus mo shlánaitheoir; cé a mbeadh eagla orm? Is é an Tiarna dún mo shaoil; cé a chuirfeadh sceoin orm?”
Sáraíonn cosaint Dé gach bacainn. Is mór an chumhacht atá sa chreideamh agus saorann sé sinn ón namhaid, ón bpeaca agus ón mallúchán. Ní dhéanfaidh aon ní dochar duit faoi lámh an Uilechumhachtaigh.
Comhlíonann Dia gach rud a gheall sé dúinn ina fhocal. Tá sé dílis agus fírinneach. Clúdaíonn a fhocal sinn agus saorann sé sinn ó gach olc.
Oír cía chuireas ar leith thusa? agus créud atá agad nach bhfuáir tú? agus má fuáir tú é, créd fá ndéanann tú glóir as, mar nach glacta é?
Bíodh deaghchoinbhearsáid aguibh a measg na Gcineadhach: ionnas a náit a nithiomráidh do níd oruibh mar luchd mighníomh, go madh héidir ríu as ma déaghoibribh, do chífid síad, glóir do thabhairt do Dhía sa lá na bhfeuchfuidh orrtha.
Seachuin mar an gcéudna ainmíana na hóige: agus lean dfíréuntachd, do chreideamh, do ghrádh, do shíothcháin, maille ris an druing ghoireas air an Dtíghearna ó chroidhe ghlan.
Is féarr an bocht imthighios iona ionnracus, ná an té bhíos urchóideach iona shlighthibh, bíodh go mbeith sé saidhbhir.
Oír atá a fhios so aguibh, nach bhfuil oighreachd a ríoghachd Chriosd agus Dé, ag sdríopuidh ar bith, aig neach neamhghlan, ná ag duine sanntach, noch as íodhaladhruigh,
Tuille eile, a dhearbhraithre, gidh bé ar bithe neithe atá firinneach, gidh bé neithe atá trómgha, gidh bé neithe atá ceart, gidh bé neithe atá glan, gidh be neither as fíu grádh, gidh bé neithe ar a bhfuil deaghtheisd; ma tá súbhailcighe ar bith, agus má tá moladh, go madh híad bhías sibh a smuáineadh.
Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Samuel, Ná féach ar a ghnúis, no ar áirde a phearsann; do chionn gur dhíult misi é: óir ní fhaiceann an TIGHEARNA mar do chí duine; óir do chí an duine an ní bhías a bhfiaghnuise a shúl, achd do chí an TIGHEARNA an croidhe.
Achd a dubhairt seision ríu, Atá tíghearnas ag righthibh seision ríu, Atá tíghearnas ag righthibh na Geinidheach orrtha; agus an dream agá bhfuil cumhachda orrtha goirthear dáoine flaitheamhla dhíobh. Achd ní mar sin dáoibhse: achd an té as mó eadruibh, bhíodh sé mar an té is lugha; agus an té is áired eadruibh, mar an té do ní miniosdralachd.
Is córa ainm maith do bhreith do roghain ná saidhbhrios mór, agus fabhar gradhach tar airgid agus tar ór.
Nár ab é a ní bheanus ris féin shírfeas neach ar bith, achd síreadh gan áon a ní rachus a sochar da chomharsuin.
Achd íarruigh ar tús flaitheas Dé, agus a fhiréuntachdsan; agus teilfidhthear na neithesi uíle chugaibh.
Bí neach ann do ní é féin saidhbhir, gidheadh ag nach bí éainní: bí neach ann do ní é féin bocht, gidheadh atá sé lán do shaidhbhrios.
Ná cuirigh bhur ndóigh a sárughadh, agus a sladuigheachd ná bíthi díomhaóin: an tan fhásas saidhbhrios, ná cuiridh bhur ccroidhe air.
Ná déunuigh olc a naghuidh uilc, ná anchaint a naghuidh anchainte: achd go contrárgha dhó sin, tuguidh bhur mbeannachd; ar mbeith a fheasa aguibh gur chuige so do goireadh sibh, ionnas go bhfuigheadh sibh féin beannachd mar oighreachd.
Achd an dream lér mían bheith saidhbhir tuitid síad a gcáthughadh agus a ndul, agus a niomad ainmhían éigcéillidhe díoghbhalacha, nach mhúchas daóine a sgríos agus a milleadh.
Gan éinní tré chonnsbóid ná tré ghlóir dhíomháoin; achd a númhlachd inntinne measadh gach áon gur fear neach eile na é féin.
Cúartuigh mé, a Dhé, agus tuig mo chroidhe: teastuidh me, agus tuig mo smuáintighe: Agus féuch an bhfuil slighe ar bith chiontach ionnam, agus treóruidh mé a slighe na síorruidheachta.
Tabhruidh aire ribh fá gan áoinneach aguibh do chláonadh ó ghrás Dé; fá gan fréumh shearbhuis ar bith do fhás súas dá bhur mbuáidhreadh, trés a ndéuntaói morán neamhghlan;
Moladh neach oile thú, agus nar bé do bhéul féin; coimhthigheach, agus nar biad do phuisíne féin.
Chífe an peacach sin, agus biáidh fearg air; do dhéana sé díosgán ré na fhíacluibh, agus leighfe sé: meithfe mían an pheacaidh.
Agus créud fa a bhfaiceann tú an broth beag a súil do dhearbhráthar, agus nach dtugair dod aire an tsail atá ad shúil féin? Nó cionnus as éidir leachd a rádh réd dhearbhrathair, A dhearbhrathair, léig dhamh an broth atá ad shúil do bháin aisde, agus nách bhfaiceann tú an tsail atá ad shuil féin? A fhir an dhúarchrábhuidh, ar tus teílg amach an tsail as do shuil féin, agus an sin bhus léir dhuit, an broth atá a súil de dhearbhráthar do bhúain aisde.
Tríalluidh eagla an TIGHEARNA chum beatha: agus an té agá mbí sin anfuidh sé sásta; ní thiocfuighthior chuige le holc.
Is beannuigh an fear nach siubhluighionn a ccomhairle na neimhdhiadhach, nach seasann a slighe na bpeacach, agus nach suighionn a suigheachán na ttárcuisneach.
Ní dhéanann ní ar bith ré taircuisne, ní iarran sé na neithe bheanus ris féin, ní sobhrosduighe é chum feirge, ní smuáineann sé ar a nolc;
Ná dearmaduigh maith agus cúmann do dhéunamh: óir dí dúil ag Día ann a samhuil sin díobarthuibh.
An té chuirios a dhóigh iona shaidhbhrios tuitfidh sé: acht bláithfid na fíréin amhuil buinneáin.
Agus gidh bé ar bith ní dhéuntaói a mbreithir nó a ngníomh, déantar íad uile a nainm an Tíghearna Iósa, ag breith bhuídheachais díbh ré Día eadhon an Tathair thrídsion.
Molaidh an TIGHEARNA. Is beannuighe an duine air a bhfuil eagla an TIGHEARNA, agá bhfuil dúil iona aitheantaibh go ro mhór.
Oír as beag an tarbha a dtéid an cleachdadh corparrdha: achd is tarbhach an díaghachd chum na nuile neitheann, agá bhfuil gealladh na beatha atá a lathair, agus chum teachda.
Agus a dubhairt sé riú, Gidh bé ghéubhas chuige an leanabh so a mainmsi is misi ghabhas se chuige: agus gidh bé ghéubhas misi chuige, gabhuidh sé chuige an té do chuir uádh mé: óir gidh bé is lugha eadruibhsi uile, bíaidh se mór.
Achd ag déunamh maitheasa ná bímid tuirseach: oír beanfum iona ám féin, muna ndeacham a neimbrígh.
As a núas atá gach deaghthabhartus agus gach tíodhlacadh diongmhálta, ag teachd ó Athair na soillse, ar nach dtéid athrughadh, ná fíu sgáile cláochlóigh.
Maille ris a nuile úmhlachd inntinne agus cheannsachd, maille ré foighid fhada, ag iomchur ré cheile a ngrádh;
Uime sin a deirim, Siúbhluidh sa Sbiorúid, agus ní choimhlionfuidh sibh núanghus na colla.
Is mar sin béid na dáoine deighionach air tosach, agus na céad dáoine air deireadh: oir a ta mórán ar na ngairm, agus beagan ar na dtogha.
Agus atá a fhios aguinn go gcomhoibrigheann gach uile ní chum maitheasa do na daóinibh ghráduigheas Día, noch atá ar na ngairm do reir a órduighesion.
Agus má atá aóinneach aguibh a neasbhuibh éagua, íarruidh í air Dhía, noch do bheir go fairsing úadh do na huilibh, agus nach déun maóidheamh; agus do bhéurthar dho í.
Beirídh buidheachas sna huile neithibh: óir a sí sin toil Dé a Níosa Críosd bhur dtáobhsa.
Is féarr an bocht shiubhluighios iona iomláine, ná an té bhíos urchóideach iona phuisinibh, agus na amadán.
Agus fós go deimhin, measuim gur dioghbháil na huile neithe, ar son éolais ro oirdheirc Iósa Críosd mo Thighearna: agar léig mé dhíom na huile neithe ar a shon, agus measuim nach bhfuil ionnta achd aóileach, ionnus go ngnodhachuinn Críosd,
An té ghrádhuighios airgiod ní sástar lé hairgiod é; nó an té ghrádhuighios iomarcaigh ré bíseach: is díomhaóineas so mar an gcéadna.
Bíodh bhur ngrádh gan cheilg. Bíodh gráin agaibh ar a nolc; agus ceangluigh don mhaith.
Na cruinnighidh ionnmhas ar an ttalamh, mar a ttrúaillean an léoghan agus an mheirg é, agus mar a ttochlaid agus mar a ngoidid na biothamhnuigh: Ar a nadhbharsin a núair do ní tú déirc, mar do ní luchd an fhúarchrábhaigh ann sna sionagógaibh agus ann sna sraideannaibh, do chum go bhfuighidís glóir ó dhaóinibh. Go firinneach a deirimsi ribh, Go bhfuil a dtúarasdal aca. Achd cruinnighidh ionnmhas dháoibh féin air neamh, ós ann nach dtruáilleann an míoll críon ná an mheirg, agus nach tochlaid agus nach goidid na gaduidhthe:
Santuigh sé go géar air feadh an laoi oile: acht do bheir an fíréun ní úadh agus ní choiglionn sé é.
Uime sin úmhluighe sibh féin do Dhía. Cuiridh a naghuidh an díabhal, agus teithfidh sé uáibh.
Is fuilteach a nfearg, agus is cuthaigh an chorruighe; acht cía fhéadas seasamh as coinne ainghidheachda?
Bí ad thocht don TIGHEARNA, agus déan feithiomh, foighideach air: ná fearguidh thú féin ris an té bhíos sona iona shlighe, ris an tí noch chriochnuighios a dhroch smuáintigh.
Síubhlam go cubhaidh amháil sa ló; ní a gcráos ná a meisge, ná a seómradóireachd ná a macnus, ná a gceannarraic ná a dtnúth.
Scuir ó fheirg, agus léig dhíot ainteas: ná fearguidh thú féin air éanchor chum uilc do dhéanamh.
Ná bíodh fearg ort ar son na ndrochdhaoine, agus ná bíodh tnúth órt ris na ciontachaibh; Oír stuidéaruidh a ccroidhe millteachus, agus labhruid a mbéil urchóid. Oír ní bhía luáigheacht ag an ndrochdhuine; cuinfighear coinneal an chiontuigh as.
Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.
Achd a sé as toradh don Spiorúid grádh, gáirdeachas, síothcháin, foíghid fhasa, ceannsachd, rún maitheasa do dhéunamh, creideamh, Macántas, measardhachd: ní bhfuil dligheadh a nadhuigh a samhuil sin.
Oír atá sibh fós colluidhe: oír ó atá tnúth, agus imreasuin, agus aimhreiteach eadruibh, a né nach bhfuilti colluidhe, agus nach siobhlann sibh do réir dháoine?
Bíodh gairdeachus oráibh ma ráon ris an muinntir ar a bhfuil gairdeachus, agus bígidh ag cáoi maráon ris an muinntir do ní cáoi.
Oír sa náit ann a bhfuil tnúth agus consbóid, bí buáidhirt ann agus gách uile dhroichghníomh.
Ní shainteocha tú tigh do chomharsan, ní shainteocha tú bean do chomharsan, nó óglach do chomharsan, nó a bhanóglach, nó a dhamh, nó a assal, no énni is lé do chomharsaín.
Ní tré ríachdanus a deirim so: óir do fhoghluim misi, bheithe sásuigh, ris an staid ann a bhfuilim. As éol damh bheith uiríseal, agus as éol damh bheith iomlán: sa nuile áit agus sna huile neithibh do teaguisgeadh mé ré bheith sáitheach agus ré bheith a riachdanus.
Atá an grádh fadfhoighideach, deaghchróidheach; ní ghabhann an grádh tnúth; ní dhéanann an ghradh ní ar bith go neamhchóir, ní máoithmheach é,
Na fearguidh thú féin fá luchd déanta a nuilc, ná bí aingidhe a naghaidh luchda oibrighthe a néigceirt.
Santuighe sibh ní, agus ní bhíonn sé aguibh: bhí sib hag marbhadh, agus ag iomthnúthughadh, agus ní féidir libh ní fhagháil: do ní aguibh, do bhrígh nach íarrann sibh. Iárruidh sibh, agus ní gheibh sibh, éinní, do bhrígh go níarrthaói go holc, ionnus go mbíadh sibh ag caitheamh ré bhur míangusaibh féin.
Ná bíodh dúil a nglóir dhiomháoin aguinn, ag cur chathuighe ár a chéile, ag tnúth ré chéile.
Ná tnúthuigheadh do chroidhe ris na peacachuibh: acht bí a neagla an TIGHEARNA ar feadh an laé uile.
Uime sin ar gcur na huile aingidheachda, agus meabhla, agus fhalláis, agus thnútha, agus an uile ithiomráidh uáibh,
Aithnighidh an croidhe a shearbhus féin; agus ní bheanann coimhthigheach re na shólás.
Do chuáidh mfeóil agus mo chroidhe a laige: isé Día neart mo chroidhe, agus mo chuid ronna go bráth.
Go madh háontoil dhíbh ré chéile. Ná bígidh áirdinntinneach, achd cumaidh sibh féin ris a ndreim is ísle. Nó bighidh glic ann bhur mbaramhluibh féin.
Oír goidh bé ball iona bfuil bhur nionnihas, is ann sin bhiás bhur gcroidhe mar an gcéadna.
Bíodh gach uile shearbhus, agus gach aingidheachd, agus gach fearg, agus gach gárrtha, agus gach ithiomradh, ar ná thogbháil uáibh, maille ris a nuile olc:
Uime sin úmhluighe sibh féin faói laimh chúmhachduigh Dé, chum bhur nárduighe dhó a nam iomchubhaidh: Téilgidh bhur nuile chúram airsion; óir is cúramach é bhur dtimchioll.
Taisbeanfa tú dhamh casáin na beatha: ad lathairsi atá líonmhaireachd lúathgháire; air do láimh dheis atá sáimhe go síothbhúan.
Achd déunadh gach áon a obair féin dearbhtha, agus mar sin biáidh adhbhar gáirdeachais aige dhá tháobh féin amháin, agus ní do tháobh dhuine eile.
Oír ní laimhmaóid sinn féin do cheangal, nó chur a gcomórus re druing áirighe bhíos dá moladh féin: gidheadh ní thuigid síad, gur dá dtomhas féin ríu féin bhid síad, agus dá gcomórtus féin ré chéile.
An té agá mbí croidhe uáibhreach, cuirigh sé ceannairg air siubhal: acht do dhéantar méith an té chuirios a dhóigh annsa TIGHEARNA.
Agus a dubhairt sé riú, Feachaidh, agus seachnuidh sibh ar a tsaint: oír ní a níomarcuigh an tsaídhbhris atá ag duine air bith atá a bheatha.
Seachnuidh sibh féin ar shaint; go madh lór libh na neithe atá a lathair aguibh: oír a dubháirt sé, Ní dhealocha mé riot, agus ní thréigfead thú.
Uime sin claóidhigh bhur mbuill thalmhuidhe, sdríopachas, neamhghloine, fonn colluidhe, ainmhían, agus saint, noch as iodhaládhradh:
Agus bhur ndithchioll do dhéunamh ré bheith ciúin, agus re bhur ngnothuighibh féin do dhéunamh, agus ré sáothrughadh dhíbh ré bhur lámhuibh féin, do réir na naitheantadh thugamairne dhíbh;
¶ Do mheas mé a rís, gach uile sháothar, agus gach uile obair cheart, gurab air a shonso thnúthuighios duine re na chomharsain. Is díomhaóineas so fós agus buáidhreadh spioraide.
Bféarr beagan maille re heagla an TIGHEARNA ná ionnmhus mór agus buáidhreadh maille ris.
Oír gach ní atá sa tsáoghal, mar atá ainmhían na colla, agus ainmhían na súl, agus úabhar na beatha, ní ó Nathair atáid síad, achd is ón tsáoghal atáid.
Ná bíodh eagla ort a nuáir do nithear duine saidhbhir, a nuáir mhéuduighthear glóir a thighe; Oír an tan éugfas sé ní bheára éinní leis: ní rachaidh a ghlóir síos dá leanmhuin.
An ccuirfidh tú do shúile annsa ní nach bhfuil ann? óir do ní saidhbhrios go deimhin sciatháin dó féin; eitillidsiad as amhuil iolar chum nimhe.