1 Samúéil 16:7 - An Bíobla Naofa 19817 Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: “Ná bac a dhreach ná a airde, mar diúltaím dó; ní thugann Dia breith mar a thugann an duine; breathnaíonn an duine an cló ach breathnaíonn an Tiarna an croí.” Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)7 Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Samuel, Ná féach ar a ghnúis, no ar áirde a phearsann; do chionn gur dhíult misi é: óir ní fhaiceann an TIGHEARNA mar do chí duine; óir do chí an duine an ní bhías a bhfiaghnuise a shúl, achd do chí an TIGHEARNA an croidhe. Féach an chaibidil |
Agus tusa, a Sholaimh, a mhic, cuir aithne ar Dhia d'athar; tabhair seirbhís dó ó do chroí go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán; óir scrúdaíonn an Tiarna gach croí agus is eol dó gach beartas agus gach smaoineamh. Má lorgaíonn tú é, ligfidh sé duit é a fháil, ach má dhéanann tú é a thréigean, caithfidh sé i leataobh thú go brách.