Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Salm 1:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Is aoibhinn don fhear nach leanann de chomhairle lucht na héagráifeachta; nach seasann i slí na bpeacach, agus nach suíonn i gcuideachta na sotalach;

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

1 Is beannaithe an fear nár shiúil ar chomhairle lucht an oilc, agus nár sheas i slí na bpeacach: nár shuigh i gcathaoir na dtarcaisneoirí.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

1 ’S beannuidhe an fear, nach siubhluighionn fós A ccómhárle na ndáoi, A slighe fhiar na bpeacach mbáoith, ’Na sheasamh fós nach mbí; A ccatháoir na ndáoineadh ttarcuisneach Ni mian leis suidhe go bráth:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Is beannuigh an fear nach siubhluighionn a ccomhairle na neimhdhiadhach, nach seasann a slighe na bpeacach, agus nach suighionn a suigheachán na ttárcuisneach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Is aoibhinn don fhear nach leanann de chomhairle lucht na héagráifeachta; nach seasann i slí na bpeacach, agus nach suíonn i gcuideachta na sotalach;

Féach an chaibidil Cóip




Salm 1:1
52 Tagairtí Cros  

Ná bíodh m'anam páirteach ina gcomhairlí; nár aontaí mo chroí lena gcomhluadar, óir mharaíodar daoine le teann feirge agus speireadar daimh le barr buile.


Bhí Eineoc ag siúl fara Dia. Ansin d'imigh sé as radharc daoine, óir rug Dia leis é.


Ba é ba lú a rinne sé ná aithris a dhéanamh ar Iarobám mac Nabát; phós sé Ízeibil iníon Eatbál rí na Síodónach, agus ansin chrom sé ar fhónamh do Bhál agus é a adhradh.


Lean seisean chomh maith sampla theaghlach Acháb, mar gur thug a mháthair drochchomhairle dó.


An gean leat bheith do mo chiapadh, Bheith ag maslú saothar do lámh, Agus ag cuidiú le comhairle na gcoirpeach?


“Ní ar a láimh féin atá a gconách, Agus is fada ó Dhia comhairle na gcoirpeach”


An raibh mé cois ar chois leis an mbreag? Nó ar sodar i ndiaidh na calaoise?


Óir is cúram don Tiarna slí na bhfíréan, ach rachaidh slí na n‑éagráifeach ar ceal.


Is méanar don dream a choinníonn an ceart, agus a chloíonn leis an bhfíréantacht de shíor.


Alleluia. Is aoibhinn don fhear ar a mbíonn eagla an Tiarna; a thugann taitneamh dá aitheanta uile.


Imígí uaim, a lucht déanta na hurchóide; coimeádfaidh mé aitheanta mo Dhé.


Is méanar don mhuintir arb amhlaidh dóibh; an mhuintir a bhfuil an Tiarna ina Dhia acu.


Is méanar don té a bhfuil a chúnamh i nDia Iacóib; a chuireann a dhóchas sa Tiarna, a Dhia,


Cumhdaíonn an Tiarna an coimhthíoch; 9b déanann sé tacaíocht don dílleachtaí is don bhaintreach. 9c ach cuireann sé slí na bpeacach trína chéile.


Tá mo chosa ina seasamh ar an réidh; molfaidh mé an Tiarna sna tionóil.


Bíonn aingeal an Tiarna i gcampa thart ar lucht a eaglaithe, á bhfuascailt.


Tá urchóid agus cealg ina bhéal níl ciall aige don mhaith.


Éist le mo ghlor is mé ag gearán, a Dhia; cosain mo bheo ar eagla an namhad.


Ach ní éistfeadh mo phobal le mo ghlór; níorbh áil le hIosrael bheith umhal dom.


Óir is grian agus is sciath é an Tiarna Dia a bhronnann orainn grásta agus glóir. Ní eitíonn sé maitheas ar bith ar an muintir a chaitheann a mbeatha gan cháim.


A mhic, ná gabh an bealach leo, agus ná leag do chos ar a gcosán.


“A dhaoine saonta, an fada eile a thabharfaidh sibh gean do bhur saontacht? An fada eile a bhainfidh scigirí taitneamh as a scigireacht agus a bheidh drochmheas ag amadáin ar an eolas?


Tugtar gean don léirthuiscint, ach is guaisiúil í slí na bhfeallairí.


An té a mbíonn caidreamh aige ar dhaoine eagnaí, éiríonn sé féin eagnaí; bíodh amadáin mar chairde aige, agus beidh sé thíos leis.


Tá [an bata] ullamh do scigirí, agus léasadh do dhroim na n‑amadán.


Le thú a chosaint ar shlí na hurchóide, agus ar lucht na claonteanga,


Tugann sé tarcaisne do tharcaisneoirí, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na huirísle.


Tá bealach na n‑urchóideach mar an duibheagán domhain; ní eol dóibh céard a bhaineann tuisle astu.


Más eagnaí thú, téann sin chun do thairbhe; más fonóidí thú, tú féin amháin a bheidh thíos leis.


Níor bhain mé sult riamh as suí i gcomhluadar na scigirí; mar gheall ar do láimhse orm, shuigh mé ar leithligh, óir líon tú le fearg mé.


Is beannaithe an fear a chuireann a mhuinín sa Tiarna agus arb é an Tiarna a dhóchas.


“Dúirt mé lena gclann san fhásach: Ná siúlaigí de réir reachtanna bhur n‑aithreacha, ná comhlíonaigí a ndeasghnátha, ná truailligí sibh féin lena n‑íola.


D'fhreagair Íosa agus dúirt sé leis: “Is méanar duit, a Shíomóin Bar Ióna, óir ní fuil agus feoil a d'fhoilsigh duit é ach m'Athair atá ar neamh.


Ach dúirt sé: “Is mó is méanar dóibh seo a chluineann briathar Dé agus a choimeádann é.”


Níor thug sé seo aontú le hintinn ná le míghníomh na mball eile. As Airiomatáia dó, cathair Iúdach, agus é ag súil le ríocht Dé.


Má tá a fhíos agaibh na nithe sín, is méanar daoibh má dhéanann sibh iad.


Dúirt Íosa leis: “De bhrí go bhfaca tú mé, a Thomáis, chreid tú. Is méanar dóibh seo nach bhfaca agus a chreid.”


mar is trídsean atá teacht againn le creideamh ar an ngrásta seo ina mairimid. Agus ábhar mórála dúinn is ea an dóchas go bhfuil glóir Dé i ndán dúinn.


Gabhaigí cathéide Dé chugaibh, dá bhrí sin, i dtreo nuair a thiocfaidh lá an oilc, go bhféadfaidh sibh an fód a sheasamh, agus go mbeidh sibh fós in bhur seasamh tar éis daoibh an cath a bhaint ar an iomlán.


Is ceadmhach daoibh aon ainmhí a scoilteann an chrúb go ladhrach agus a chognaíonn an chíor a ithe.


Nach méanar duit, a Iosrael! Cé tá mar thú, pobal a d'fhuascail an Tiarna, an té is sciath do dhídine, agus claíomh do bhua. Tiocfaidh do naimhde ag lútáil ort, ach siúlfaidh tusa ar a ndroim.


Is leor an t‑am atá thart le déanamh mar is áil leis na gintlithe, ag caitheamh a saoil le ragairne, le hainmhianta, le meisce, le carús, le hól agus le híoladhradh mídhleathach.


Is méanar dóibh siúd a níonn a n‑éidí, chun go mbeadh ceart acu chun crann na beatha, agus dul na geataí isteach don chathair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí