Salm 27 - An Bíobla Naofa 1981Muinín as an Tiarna 1 Le Dáiví. 1 Le Dáiví. 1 Is é an Tiarna mo sholas is mo shlánú, cé a chuirfidh eagla orm? Is é an Tiarna daingean m'anama; cé a chuirfidh ar crith mé? 2 Nuair a thugann lucht mallaithe fogha fúm d'fhonn mo chlú a mhilleadh, is iad m'eascairde a thiteann ar lár; baintear tuisle as mo naimhde. 3 Má bhíonn arm in eagar catha i mo choinne ní bheidh eagla ar mo chroí. Fiú amháin má bhítear ag cur cogaidh orm beidh dóchas agam ann. 4 Iarraim aon ní amháin ar an Tiarna; bím ag tnúth leis de shíor: go gcónóidh mé in áras an Tiarna gach lá de mo shaol; go bhfaighidh mé taitneamh in aoibhneas an Tiarna ‘s go bhfeicfidh mé a theampall. 5 Óir cuirfidh sé i bhfolach ina bhoth mé in am na buartha; folóidh sé faoi dhídean a phailliúin mé, ardóidh ar charraig mé. 6 Ardófar mo cheann ar ball thar mo naimhde i mo thimpeall, go n‑ofrálfaidh mé ina bhothsan istigh íobairt an áthais. Canfaidh mé agus ceolfaidh mé don Tiarna. 7 Éist, a Thiarna, le mo ghlór nuair a ghlaoim ort, freagair, agus fóir orm. 8 Dúirt mo chroí i do thaobhsa: “Bí ag lorg a ghnúise.” Bím ag lorg do ghnúise, a Thiarna, 9 ná folaigh d'aghaidh orm. Ná cuir do ghiolla uait i bhfeirg; is tú mo chúnamh. Ná teilg uait mé is ná tréig mé: a Dhia mo shlánaithe! 10 Má thréigeann fiú m'athair is mo mháthair mé, glacfaidh an Tiarna liom. 11 Tabhair eolas do shlí dom, a Thiarna, cuir sa bhóthar réidh mé, d'ainneoin mo naimhde; 12 agus ná tabhair suas mé a Dhia, do thoil m'eascairde. D'éirigh finnéithe falsa i m'éadan, agus lucht an fhoréigin. 13 Creidim go bhfeicfidh mé maitheas an Tiarna i dtír na mbeo. 14 Fan leis an Tiarna go meanmnach; bíodh misneach i do chroí. Cuir do dhóchas sa Tiarna. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart