Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 42 - An Bíobla Naofa 1981


An Dara Leabhar Saint chun Dé agus chun a Theampaill

1 Do stiúrthóir an chóir. Mascil chlann Chorach.

2 Faoi mar a shantaíonn an eilit na sruthanna uisce is amhlaidh a shantaíonn m'anam thusa, a Dhia.

3 Tá cíocras chun Dé ar m'anam chun Dé bheo; cá huair a thiocfaidh mé go bhfeicfidh mé gnúis mo Dhé.

4 Is iad mo dheora is bia dom de lá agus d'oíche nuair a fhiafraítear díom in aghaidh an lae: “Cá bhfuil do Dhia?”

5 Ar na nithe seo a dhéanaim mo mhachnamh nuair a chuirim mo racht díom: mar a ghluaisinn i dtosach an tslua ag triall ar theach Dé dom, le gártha gairdis agus molta i ndáil fleá agus féile.

6 Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom, faoi mhíshuaimhneas istigh ionam? Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é; mo shlánaitheoir agus mo Dhia é.

7 Tá m'anam go buartha istigh ionam, is ort a bhím ag cuimhneamh ó thír na Iordáine, ó Hearmón, agus fós ó Shliabh Mizeár.

8 Glaonn na duibheagáin ar a chéile le torann do chuid easanna. Tagann do thonnta agus do thuilte go léir ina gcaisí anuas orm.

9 Bronnfaidh an Tiarna a bhuanghrá orm de lá agus canfaidh mé ceadal san oíche do Dhia mo bheo.

10 Deirim le Dia, mo charraig, cén fáth a ndearna tú dearmad orm? Cad chuige dom triall go dobrónach is mo namhaid do mo chrá?

11 Le hachasáin a bhaineann fáscadh as an gcroí agam tarcaisníonn mo naimhde mé, á rá liom gan stad in aghaidh an lae: “Cá bhfuil do Dhia?”

12 Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom, faoi mhíshuaimhneas istigh ionam? Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é; mo shlánaitheoir agus mo Dhia é.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí