Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Salm 42:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Tá cíocras chun Dé ar m'anam chun Dé bheo; cá huair a thiocfaidh mé go bhfeicfidh mé gnúis mo Dhé.

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

3 Ba iad mo dheora ba bhia dom lá aʼs oíche: agus iad á rá liom gach lá, anois cá bhfuil an Dia sin agat?

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

3 Gach la a’s oidhche is iad mo dhéar, Is cuibhrion damh ’s as biadh; An uair deirid riom do ghnáth, Ca bfuil anois do Dhia?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Dob íad mo dhéora mo bhíadh do ló agus doidhche, an feadh a deirthear riom go láetheamhuil, Cáit а bhfuil do Dhía?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Tá cíocras chun Dé ar mʼanam chun Dé bheo; cá huair a thiocfaidh mé go bhfeicfidh mé gnúis mo Dhé.

Féach an chaibidil Cóip




Salm 42:3
16 Tagairtí Cros  

B'fhéidir go mbreathnódh an Tiarna ar [m'anró] agus an mhaith a chur i mo threo in éiric a mhallachta inniu.”


Bíonn m'eascairde do mo mhaslú de shíor; agus bíonn m'ainm ina eascaine ag mo naimhde.


Cad fáth a ndeir na ciníocha “Cá bhfuil a nDia?”


agus sínim mo sciatháin amach chugat; mar thalamh spalptha bíonn m'anam ag tnúth leat.


Gabhann a bhfeiceann mé ag fonóid fúm: croitheann siad a gceann agus pus orthu:


A Thiarna, nach líonmhar iad mo naimhde! Tá mórán daoine ag éirí amach i m'éadan!


Deirim le Dia, mo charraig, cén fáth a ndearna tú dearmad orm? Cad chuige dom triall go dobrónach is mo namhaid do mo chrá?


A Dhia, mo Dhia thú, is tú a iarraim, tá íota tharta ar m'anam chugat. Ní théann lagadh ar mo cholainn ach ag tnúth leat amhail talamh túr tirim gan uisce.


Cad fáth a ndeir na ciníocha: “Cá bhfuil a nDia?” Gura follas do na ciníocha os comhair ár súl go mbainfidh tú díoltas díobh in éiric fuil do sheirbhíseach a dhoirteadh.


Cúitigh, a Thiarna, faoi sheacht lenár gcomharsana; an aithis urghránna a chas siad leatsa.


A Dhia na slua, cá fhad a bheidh tú ar buile, ar a shon go bhfuil do phobal ag guí?


Ag meirtniú le méin do m'anam, santaíonn sé cúirteanna an Tiarna. Gairdíonn mo chroí is mo cholainn, i nDia - an Dia bithbheo.


Trí huaire sa bhliain, caithfidh do chuid fear uile teacht i láthair an Tiarna Dia.


Idir an póirse agus an altóir goileadh na sagairt, lucht friotháilte an Tiarna, agus abraidís: “Coigil do phobal, a Thiarna; ná déan ceap magaidh de d'oidhreacht, í ina staicín aiféise i measc na náisiún. Cén fáth a mbeadh sé le rá ag na náisiúin: ‘Cá bhfuil a nDia siúd?’ ”


Feicfidh mo namhaid é seo agus déanfar ceap magaidh den té a dúirt liomsa: “Cá bhfuil do Dhia?” Bainfidh mé lán na súl aisti; gabhfar de chosa inti anois mar lathach na sráideanna.


Óir cén duine daonna den uile fheoil a chloisfeadh glor Dé bheo ag labhairt ó chroí na tine mar a rinneamar, agus a d'fhéadfadh fanacht beo?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí