Cuir do dhóigh a Ndía re do uile chroidhe; agus ná bí táobh ré do thuigsi féin.
Ann do shlighthibh uile admhuigh eision, agus do dhéana sé do shlighthe díreach.
Teagosfa mé thú, agus múinfead thú san tslighe iona ngéubhair: do bhéar comhairle dhuit ré mo shúil do beith ort.
Agus má atá aóinneach aguibh a neasbhuibh éagua, íarruidh í air Dhía, noch do bheir go fairsing úadh do na huilibh, agus nach déun maóidheamh; agus do bhéurthar dho í.
Is ón TTIGHEARNA orduighthear coiscéime an duine: an tan bhías dúil aige iona shlighe.
Bíodh go ttuitfeadh, ní teilgfighthear síos é: óir congmhaidh an TIGHEARNA a lámh súas.
Agus do cluinfid do chlúasa focal táobh shíar dhíot, dhá rádh, Sí so an tslighe, siubhluighidh innte, a nuáir fhillfidhe ar an láimh dheis, agus a nuáir fhillfidhe ar an láimh chlé.
Foillsigh a THIGHEARNA, do shligthe dhamhsa; taisbéin damh do chasain.
Tréoruigh mé ann thfírinne, agus teagaisc mé: óir is tú Día mo shlánuighthe; ortsa bhím ag feithiomh air feadh an laói.
Oír atá fios na smuáintigheadh smuáinim dá bhur ttáobh agum, a deir an TIGHEARNA, smuaintighthe síothchána, agus ní uile, do thabhairt críche agus dothchus díbh.
Agus tréorochuidh an TIGHEARNA thú a ccomhnuidhe, agus sásfuidh sé hanam a ttiormach, agus do dhéana sé do chnámha méith: agus budh cosmhuil thú re gáirdín ar na fhliuchadh, agus cosmhuíl re tobar fioruisce nach bhfáillighid a uisgeadha.
Tabhair orum do thrócaire do chloisdion air maidin; óir is ionnadsa chuirim mo dhóigh: tabhair orum an tslighe daithniughadh ann a siubhola mé; óir is chugadsa thógbhuim súas manam.
Achd an tan thiocfus seisean, Spiorad na fírinne, tréorochaidh sé sibh chum gach uile fhírinne: óir ní úadh féin laibhéoras sé; achd laibhéoruidh sé, na huile neithe chluinnfeas sé: agus foillséochuidh sé dhíbh na neithe atá chum teachda.
Toirmiscthior tionnscanta a néagmhuis chomhairle: acht a niomad na ccoimhairleach daingnithear íad.
Tréorochuidh sé na ceannsaighthe a mbreitheamhnus: agus múinfidh sé a shlighe do na ceannsaighthibh.
Ná bíodh ró chúram neithe ar bith oruibh; achd sa nuile ní biodh bhur níarratuis foillsighthe do Dhía a nurnuighe agus a nathchuinge maille ré breith buidheachais.
Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sháruigheas a nuile thuigse, bhur gcroidhthe agus bhur ninntinneacha a Níosa Críosd.
Is marso a deir an TIGHEARNA Thfúascaltóir, Aon Náomhtha Israel; Is misi an TIGHEARNA do Dhía noch mhúineas duit tarbhughadh, noch thréornighios thú annsa tslighe ionar chóir dhuit gabháil.
Agus bíodh siothcháin Dé ag ríaghlughadh bhur gcroidheadh, chum a bhfuiltí fós ar bhur ngairm a néunchorp; agus bíghidh buidheach.
Bíd mórán tionnsgantadh a gcroidhe an duine; thairis sin a si comhairle an TIGHEARNA, sheasfas.
Iarruigh, agus do bhéurthar dhaóibh; lorgairídh, agus do gheabhtháoi; búalidh an dorus, agus oisgéoltar dháoibh:
¶ Oír ní híad mo smúaintighthe bhur smuáintighthesi, ní mo asíad bhur slighthe mo shlighthesi, a deir an TIGHEARNA.
Oír fa mar is áirde na neamha ná an talámh, is marsin is áirde mo shlighthesi ná bhur slighthesi, agus mo smuáintighthe ná bhur smuáintighthe.
Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.
Bí ad thocht don TIGHEARNA, agus déan feithiomh, foighideach air: ná fearguidh thú féin ris an té bhíos sona iona shlighe, ris an tí noch chriochnuighios a dhroch smuáintigh.
Oir isé an TIGHEARNA do bheir eagna: as a bhéul thig an téolus agus an tuigse.
Do ní sé stór gliocuis iomláin do nfíréun: bí sé na scéith don druing shubhluighios go hionnraic.
Coimhéaduigh sé casáin an bhreitheamhnuis, agus cumhduighidh sé slighe a náomh.
Ann sin tuigfidh tú fíréantacht, agus breitheamhnus, agus comhthrom; fós, gach uile dheaghshlighe.
Daingnidh mo choiscéime ann do bhréithir: agus ná léig durchóid ar bith úachtaránacht do bhreith orum.
¶ Ná bíodh eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigbhrígheach: óir is misi do Dhía: neirteochuidh mé thú: fós, cuideocha mé leachd; fós, cuinneocha mé súas thú le láimh dheis mo cheirt.
Uime sin mas íthe, nó ibhe dháoibh, nó gidh bé ar bith ní do ní sibh, go madh chum glóire Dé dhéana sibh na huile neithe.
Treoruidh mé, ó a THIGHEARNA, ann thfíréantachd, do bhrígh mo naimhde; déan do shlighe díreach am fhiaghnuisi.
Achd an Comhfhurtáightheóir, an Spiorad Náomh, noch chuirfeas an Tathair úadh a mainmsi, múinfidh sé na huile neithe dhibh, agus cuirfidh sé a ccuimhne dhibh, gach uile ní dhá ndubhairt misi ribh.
Ar a nadhbharsin déunam maill ré dothchas go hárdchatháoir na ngrás, chum trócaire do ghnodhúghadh, agus ghrás dfagháil dúinn chum furtachda a nám ríachdanais.
Múin do shlighe dhamh, a THIGHEARNA, agus tréoruidh a ród chomhthrom mé, do bhrígh mó námhad.
Uime sin úmhluighe sibh féin do Dhía. Cuiridh a naghuidh an díabhal, agus teithfidh sé uáibh.
Druidigh ré Día, agus druidfé sé ribh. Glanuidh bhur lámha, a pheacacha; agus glanuigh bhur gcroídhthe, a luchd na dá intinne.
¶ Thug an Tighearna DIA dhamhsa teanga na ndáoine foghlomtha, go mbeith a fhios agam ciondus do laibheoruinn focal a nam ris an té bhíos coirthe: múscluidh sé ó mhaidin go maidin, múscluidh sé mo chluás do chluinsion mar a néagnuidhe.
Is trócaire agus fírinne slighthe an TIGHEARNA uile don luchd chongmhus a chunnradh agus a fhiaghnuiseadh.
A náit nach bí comhairle, tuitidh an pobal: acht a niomad na ccomhairleach bhíos daingean.
Agus do bhéara mé na daill a slighe nach aithne dhóibh; tréorochuidh mé íad a slighe nar bhfeas dóibh: do dhéana mé an dorchadas na sholus rompa, agus na neithe cama díreach. Ag so na neithe dhéanas mé dhóibh agus ní thréigfe mé íad.
Beinneocha mé an TIGHEARNA, noch thug comhairle dhamh: do thegaisgeadar mo dhubháin mé mar an ccéadna a naimsir na hoidhche.
Uime sin a deirim, Siúbhluidh sa Sbiorúid, agus ní choimhlionfuidh sibh núanghus na colla.
Goir orumsa, agus freagora mé thú, agus taisbéanfa mé neithe móra agus cumhachtacha dhuit, noch nach feas duit.
Teagaisg dhamh a THIGHEARNA, do shlightheacha; agus siubhólad ann tfírinne: coimhcheangail mo chroidhe chugadsa deaglughadh hanma.
Bí slighe a namadáin díreach iona shúilibh féin: acht is críonna an té éistios ré comhairle.
Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.
Feith air an TTIGHEARNA: bí láidir, agus neartochuidh sé do chroidhe: agus déan‑fheitheamh air an TTIGHEARNA.
Coimhdeochuidh tú an té sin a síothcháin iomláin, noch agá mbí a inntinn daingion ionnadsa: do bhrígh go bhfuil a dhóigh ionnad.
Uime sin úmhluighe sibh féin faói laimh chúmhachduigh Dé, chum bhur nárduighe dhó a nam iomchubhaidh:
Téilgidh bhur nuile chúram airsion; óir is cúramach é bhur dtimchioll.
Tabhair tuigse dhamh, agus coimheadfad do dhlighe; agus coimhlíonfad é le mo chroidhe iomlán.
Tabhair oram siubhal a ccasán haitheantadh; óir is annsin atá mo dhúil.
Agus a sé an creideamh as bun do na neithibh ré bhfuil dóigh, agus as foillsiughadh dearbhtha air na neithibh nach bhfaicthear.
Ionnus go dtíubhradh Día ar Dtighearna Iósa Críosd, Athair na glóire, Sbiorad éagna agus foillsighe dháoibh chum eision dadmháil:
Oír is tú mo charruig agus mo dhaingion; air a nadhbharsin ar son thanma tréoruidh mé, agus dírigh mé.
Bíghidh ag úrnuighe gan sgur.
Beirídh buidheachas sna huile neithibh: óir a sí sin toil Dé a Níosa Críosd bhur dtáobhsa.
Meas slighe do chos, agus bídis doshlighthe uile daingion.
Ná fill air an laimh dheis nó chlé: áthruigh do chos ó nolc.
Oir is marso a deir an Tighearna DIA, Neach Náomhtha Israel; A niompogh agus a suáimhnios béithí tárthúighthe; a cciúnas agus a ndóthchus bhías bhur neart: agus níor bháill libh.
Ar a nádhbharsin ó thárrla a chomhmór sin do néull fíadhnuiseadh ar dtimchiollne mar an gceudna, ag cur gach uile thruim dhínn, agus an pheacuigh leanus din go héusguidh, riótham maille ré foighid chum chin na coimhleanga atá romhuinn,
Oír do bhádarson dár smachdughadhne beagan láethe réir a dtola féin; achd chum ar leasa eision, ionnus go nglacfamaóis a náomhthachd san.
Achd ní cosmhuil smachdughadh air bith ré headh na nuáire sin do bheith solásach, achd dólasach: gidheadh do bheir sé na dhiáigh sin toradh smuáimhneach na fíréuntachda don druing chleachdas é.
Uime sin tógbhuidh súas na lámha díomhaóineach, agus na glúine gan sbracadh;
Agus déunuidh céimniughadh díreach ré bhur gcosuibh, deagla a neithe atá bacach do chláonadh as a tslighe; ach go madh táosga leighéosaidh é.
Leanuigh síothchain ris na huile dhaóinibh, agus náomhthachd, óir gan í ní fhaicfidh éinneach an Tíghearna.
Tabhruidh aire ribh fá gan áoinneach aguibh do chláonadh ó ghrás Dé; fá gan fréumh shearbhuis ar bith do fhás súas dá bhur mbuáidhreadh, trés a ndéuntaói morán neamhghlan;
Deagla go mbíadh éinneach na sdríopuigh, ná neimhdhíagha, mar Esau, noch do reac a cheart óighreachda ar son éinchinn amháin bídh.
Oír atá a fhios aguibh an tan bá mían rís fós ná dhiáigh sin, an bheannachd fhagháil mar oighreachd, gur diultadh é: óir ní bhfuáir sé áit aithrighe, bíodh gur íarr sé í maille re déuruibh.
Oír ní chum an tsléibh thangabhair ré a bhféudtar cumailt, ná chum na tíneadh lasarrgha, ná chum na sdoirme, ná an dorchaduis, na an gairbhshíain,
Ná chum fuáime an sduicm bá ghótha na mbríathar; agár shireadar an dream do chúaluidh é dathchuinge gan an bhríathar do labhairt ríu féin ní sa mhó:
Ag féuchuinn ar Iósa ceannphort agus fear críochnuighe an chreidimh; noch ar son an tsóláis do cuireadh as a chomhair do fhúlaing céusadh na croithe, ag gcur na masla a neamhshuim, agus do shuigh ar deis árdchathaóire Dé.
Taisbeanfa tú dhamh casáin na beatha: ad lathairsi atá líonmhaireachd lúathgháire; air do láimh dheis atá sáimhe go síothbhúan.
Achd a néagna úd ó neamh atá sí glan ar tús, na dhiáigh sin síothchánta, ceannsuigh, sótheaguisg, lán do thrócaire agus do dheaghthórtuibh, gan chláon, gan fhallas.
Agus go dtugaidh Día na foighide agus na cómhfhurtachda dhaóibh bheith dáoininntin a dtáobh a chéile do réir Iósa Críosd:
Ionnus go madh héidir libh go háontadhach ré hén bhéul amháin, Día Athair ar Dtighearna Iósa Críosd do mholadh.
Agus a sé so an dóthchas atá aguinn as, éadhon, ma íarrmuid éinne air do réir a thola, go néisdeann sé rinn:
Atá slighe ann do chithear díreach do dhuine, acht isé a chríoch sin slightheacha an bháis.
Bíodh bríathar Chríosd na comhnuide ionnuibh go saidhbhir sa nuile éagna; dá bhur múnadh agus dá bhur dteagasg féin a salmuibh agus a bhfonnuibh molta Dé, agus a gcainticibh sbioradálta ag déunamh ceóil don Tíghearna ann bhur gcroidhthibh maillé ré gean.
Gáirdigh anam do sherbhísigh: óir is chugadsa, a THIGHEARNA, thógbhuim súas manam.
Oír tusa, a THIGHEARNA, atáoi maith agus maithfeach; agus ro thrócaireach don luchd ghairios ort.
Ní ag déunamh seirbhíse don tsúil, mar an luchd do ní toil na ndáoine; achd mar shearbhfhoghantuighibh Chríosd, ag déunamh toil Dé ó chróidhe;
Achd íarruigh ar tús flaitheas Dé, agus a fhiréuntachdsan; agus teilfidhthear na neithesi uíle chugaibh.
Grádhuighim an mhéid ghrádhuighios mé; agus an drong íarrus mé go moch do gheabhuid mé.
Is ó Sbioruid Dé tháinic an sgriobtúir uile, agus is tarbhach é chum teaguisg, chum spreagtha, chum ceartuighthe, chum foirceaduil na fíréuntachda:
Ionnus go mbíadh óglach Dé diongmhalta, agus ullmhuighe go hiomlán chum na huile dhéaghoibhre.
Teilg do mhuirighin air an TTIGHEARNA, agus cothochuidh sé thú: ní fhuileonguidh sé an fíréun do chorrughadh go bráth.
Agus rachaid mórán do dhaóinibh agus a déaruid, Tigidh uáibh, agus déanom suas go slíabh an TIGHEARNA, go tigh Dé Iácob; agus múinfidh sé dhúinn a shlighthe, agus siubholam iona chasánuibh: óir is amach as Síon rachus an dligheadh, agus focal an TIGHEARNA as Ierusalem.
Agus a deirimsi ribh, Iarraidh, agus do bhéarthar dháoibh; lorgairigh, agus do gheabhtháoi; buailidh an doras, agus oisgéoltar dháoibh.
Biáid mo shúile ar dhaóinibh fírinneacha na talmhan, iondus go naitreabhuid am fhochair: an tí shiubhlus a slighe iomláin, is é do dhéanas serbhís damhsa.
Gidheadh achd do fhoillsigh Día dhúinne íad tré na Spioraid: oír sgrúdáighe an Spiorad na huile neithe, agus fós, neithe doimhne Dé.
Thig so mar an ccéadna ó TIGHEARNA na slógh, noch atá iongantach a ccomhairle, agus oirdheirc a noibriughadh.
Agus go dtréoruidhe an Tíghearna bhur gcroidhthe sá tslíghe dhírigh chum grádha Dé, agus chum feitheamh go foighideach ré Críosd.
Imthighidh a sdeach sa dorús chumhann: óir is farsing an dorus, agus is leathan an tslighe, thréoraigheas do chum damanta, agus is mór théid a sdeach thríthe:
Do bhrígh gur cumhann an doras, agus is caól an tslighe thréoraigheas chum na beatha, agus is beag do gheibh eólus uirrthe.
Atá ar nanam ag feitheamh air an TTIGHEARNA: is eision ar ccabhair agus ar scíath.
Oír is annsan do dhéanas ar ccroidhe gáirdeachus, do bhrígh gur chuireamar ar ndóigh ann a ainm náomhthasan.
Is díreach uile shlighe an duine iona shúilibh féin: acht measuidh an TIGHEARNA na croidhthe.
Acht an drong fheithios air an TTIGHEARNA athnúadhuighid síad a neart; éreochuid súas le sciathánuibh amhuil iolair; riothfaid siad, agus ní bhéid coirthe; agus siubholuid, agus ní bhéid síad anbhfann.
Uime sin, ón lá fá gcúalamar, ní sguirmíd dá bheith ag úrnuighe ar bhur son, agus ag athchuinghe sibhse do bheith líonta déolas a thoilesion a nuile éagna agus thuidge sbioradalta;
Oir bí fios slighe na bhfiréun ag an TTIGHEARNA: acht rachaidh slighe na neimhdhíadhach seachad.
Achd íarradh sé maille ré creideamh, gan bheith amhrusach air éunchor. Oir an tí ar a mbí amhrus is cosmhuil é ré tuinn fhairge ghluáisdear ris an ngaóith agus bhíos dá tiomáin a nunn san all.
Ná saóileadh an tí sin go bhfuighe sé aóinní on Dtíghearna.
Fear dhá inntinne neamhsheasmhach na uile shlighthibh.
Racha misi romhad, agus do dhéana mé háite cama díreach: brisfidh mé na mblodhuibh na geatadha práis, agus géarrfa mé ó chéile na barradha íaruinn:
¶ Cruinnighidh sibh féin agus tigidh; láimh ré chéile, a dhrong do chuáidh as do na cineadhachaibh: ní bhfuil éolus ar bith ag an mhéid chuireas súas maide a níomháigheadh greanta, agus ghuidhios chum dé nach ccabhruighionn íad.
Innisidh, agus tugaidh a bhfogus íad; gabhaidís fós, comhairle agá chéile: cía dfoillsigh so ón tseanaimsir? cía dinnis é ó sin a leith? nach déarna misi an TIGHEARNA? agus ní bhfuil Día ar bith ann taóbh amuigh dhíomsa: Día ceart agus Slánaightheoir; ní bhfuil maithearrach ann.
¶ Féuchaidh orumsa, agus bíthí sábhalta, a uile théoranna na talmhan: óir is misi Día, agus ní bhfuil maithearrach ann.
Do mhionnuigh mé thríom féin, do chuáidh an fócal amach as mo bhéul a bhfírinne, agus ní fhillfe sé, Go nuimhleochuidh gach uile ghlún damhsa, mionnocha gach uile theanga.
Go deimhin, a déara neach, is ansa TIGHEARNA atá fíréantacht dhamhsa agus neart: is chuige thiucfuid daóine: agus an mhéid atá ar lasadh na adhuigh béid síad náireach.
Annsa TIGHEARNA fíréanfuighear síol Israel uile, agus is ann do dhéanaid glóir.
Agus do bhéara mé dhuitsi ionnmhus na ndorchadus, agus saidhbhrios foluigheach áiteach nuáigneach, ar chor go naithnighe tú gur misi, an TIGHEARNA, noch ghoirios órt as hainm, gur mé Día Israel.
Má labhrann éanneach, lábhradh mar bhríáthra Dé; má ní éainneach miniosdrálachd, déunadh í réir na hacfuinne bheir Día úadh: ionnus go bhfuighe Díá glóir sna huile neithibh tré Iósa Críosd; agá bhfuil glóir agus cumhachda go sáoghal na sáoghal. Amén.
Cuir do dhóigh annsa TIGHEARNA, agus déan maith; áitreibhigh tú annsa dúithche, agus beathóchar thú go deimhin.
Laibheoruidh béul a nfíréin eagna, agus laibheoruidh a theanga breitheamhnus.
Atá dligheadh a Dhé iona chroidhe, ní sciorrfuidh áon dá choiscéimibh.
Bí an drochdhuine ag faire ar an bhfíréun, agus íarruidh a chur chum báis.
Ní fhúigfidh an TIGHEARNA iona láimh é, agus ní dhaimnéochuidh é an tan do dhéantar breitheamhnus air.
Feith air an TTIGHEARNA, agus connaimh a shlighe, agus áirdeochuidh sé thú chum oighreachda na dúithche: a nuáir bhéid na drochdhaóine air na scrios, do chífe tú sin.
Do chonnairc mé an drochdhuine neartmhar, agus agá leathnughadh féin amhuil crann glas fhasas úadh féin.
Agus do ghabhus thort, agus, féuch, ni raibh sé ann: agus díarr mé é, agus níor fríth é.
Comharthuigh an fíréun, féuch air an ndíreach: óir is síothcháin críoch a nfir sin.
Acht scriosfuighthear luchd an tsáruighthe á néinfheachd: agus gearrfar amach deireadh an drochdhuine.
Agus is ón TIGHEARNA atá slánughadh a nfíréin: sé a neart é a naimsir a néigiontuis.
Agus bíodh do dhúil fós annsa TIGHEARNA; agus do bhéura sé dhuit íarratas do chroidhe.
Teagaisg an leanabh sa ntslighe ann ar choir dho imtheachd: agus tan bhías sé áosta, ní thréigfidh sé í.
A déarad a ttaobh an TIGHEARNA, Mo dhídean agus mo dhaingion: mo Dhía; cuirfiod mo dhóthchus ann.
Oír as sinne a obairsion, air a gcrúthughadh a Níosa Críosd chum déaghoibrigheadh, noch do ullmhuigh Día roimh láimh, chum sinne do shiubhal ionnta.
Ann sin ghoirfios tú, agus freagoruidh an TIGHEARNA; éighfidh tú, agus a déara seision, Atáim annso. Má chuirionn tú uáit as do lár an chuing, cuir amach an mhéir, agus labhairt díomhaóinis;
Uíme sin, an mhéid dhínn atá diongmhalta, biodh a ninntinnse aguinn: achd má tá sibh ar atharrach inntinne, foillséochuidh Día a ní céudna dhíbh.
Oír gidh bé neithe do sgríobhadh roimhe so is chum sinne theagusg do sgríobhadh íad, ionnus go mbeith dóthchas aguinn tré fhoighid agus tré chómhfhurtachd na sgríobtúr.
Ise an TIGHEARNA mo sholus agus mo shlánughadh; cía re a mbiáidh eagla agum? sé an TIGHEARNA neart mo bheatha; cía budh eagal damh?
Is ón TTIGHEARNA atá imtheacht an duine; cionnus fhéadus duine maiseadh a shlighe fein do thuigsin?
Do tháobh Dé, atá a shlighe iomlán: do dearbhadh bríathra an TIGHEARNA: is scíath é do nuile chuirios a ndothchus ann.
Ionnas nách mbiádh sibh lesgeamhuil, achd bhur luchd leanmhana ag an druing agá bhfuil oighreachd na ngeallamhnach tré chreideamh agus tré fhoighid.
Acht misi, atá mo ghuidhe chugadsa a THIGHEARNA, a nam ionghabhála: a Dhé, do réir ro iomad do thrócaire cluin mé, a bhfírinne do shlánaighthe.
Fá dheóigh, a dhearbhráithreacha, bíghidh neartmhar sa Dtíghearna, agus a gcúmhachd a neirtsion.
Féuch, do dhéana misi ní núadh; a nois fásfuidh sé amach; nach aitheona sibhse é? eadhon do dhéana mé slighe annsa bhfásach, agus aibhne annsa díothramh.
Agus a dubhairt sé riá uile, Madh áill ré héinneach misi do leanmhuin, díultadh sé dho féin, agus toghbadh sé a chros gach láoi agus leamadh sé misi.
Uime sin leanum na neithe bheanus ré soithcháin, agus na neithe bheanus ré follamnughadh a chéile.
A mhic, ná dearmaid mo dhligheadh; acht coimhéadadh do chroidhe maitheanta:
Marsin líonfuighear do scioból lé saídhbhrios, agus brisfid do chantaóirighe amach le fíon núadh.
A mhic, na tarcuisnigh smachtughadh an TIGHEARNA; agus na bí curtha dhá cheartughadh:
Oír an té ghrádhuighios an TIGHEARNA, smachtuighidh sé é; amhuil athair an mac iona mbí a dhúil.
Is beanuighe an té do gheibh eagna, agus an duine do gheibh tuigsi.
Oír is féarr a ceanniugheacht ná ceannuigheacht airgid, agus a sochar ná ór glan.
Is mórluáigh go mór í náid na clocha uaisle: agus na huile neithe is áoibhinn leachd ní coimhmeas ría íad.
Atáid fad láethe ann a deasláimh; agus ann a láimh chlé saidhbhrios agus onóir.
Is slighthe soláis a slighthe, agus is síodhchain a casáin uile.
Is crann beatha í don druing ghlacus greim dhí: agus is beanuighe gach aon dá bhfostoighionn í.
Do shuighidh an TIGHEARNA an talamh le na ghliocas; le tuigse do dhaingnidh sé na flaitheamhnuis.
Oír do bhéaruid síad chugad, fad láetheadh, agus sáoghal fada, agus síothcháin.
Oir gidh be aít ann a bhfuilid días nó tríur ar ná gcruinneaghadh am ainmsi, a táimsí ann sin ann a lár súd.
Uime sin teaguisgim, thair gach éinní, athchuinghe, guidhe, urnuighe, agus altughadh, ar son na huile dháoineadh;
Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ris na Iúdaidhibh do chreid dhó, Má chomhnuighthísi am bhréithirsi, go fírinneach beithí bhar ndeiscioblaibh agam;
Agus áithéontáoi a nfírinne, agus saorfaidh a nfirinne sibh.
Agus an mhuinntir agá bhfuil fios hanma cuirfid a ndóigh ionnad: óir thusa, a THIGHEARNA, níor thréigis an luchd íarrus thú.
Cláonuidh bhur cclúas, agus tigidh chugamsa: clúinidh, agus mairfidh bhur nanam, agus do dhéana misi ccunnradh síorruidhe ribh, eadhon grása daingne Dháibhi.
Agus Día na síothchana, tug air ais ó mharbhuibh an Tíghearna Iósa, árdáodhaire na gcáorach, tré fhuil an chonnartha shíorruidhe,
Go ndéuna sé sibh diongmhalta sa nuile deaghobair, chum a thola do dhéunamh, ag oibriughadh ionnuibh an neithe as geanamhuil na fhíadhnuise, tré Iósa Críosd; dá bhfuil glóir go sáoghal na sáoghal. Amén.
An té choimhéadas teagasg atá sé a slighe na beatha: acht an té dhíultas smachtughadh atá sé air seachrán.
Oír ní sbiorad eagla tug Día dhúinne; achd sbiorad cúmhachd, agus grádh, agus sláinte inntinne.
Do rinneadar do lámha mé agus do chumadar mé: tabhair tuigsi dhamh, agus do dhéan haitheanta dfoghluim.
Oír is chuige so fós do goireadh sibh: óir do fhúluing Críosd mar an gcéudna air ar soinne, ag fábháil sómpla aguinn, ionnus go leanfadh sibh a lorg:
Agus is mar an gcéadna fhóireas an Spiorad ar néagcrúasne: oír ní bhfuil a fhios aguinn créd do íarrfadhmaóis a nurnuighe mar budh cóir: achd do ní an Spiorad féin urnuighe air ar son lé hosnaidhibh dó-innse.
Achd atá a fhíos ag sgrúdaigheóir na gcroidheadh cred é toil na Spioruide, óir is do réir thola Dé ghuidheas sé ar son na náomh.
Dá ccampuigheadh slúagh am aghuidh, ní bhía eagla air mo chroidhe: dá neirgheadh cogadh am aghaidh, annso bhías mé dóthchusach.
Gabhaidhsi mo theagasg, agus ní airgiod; agus éolus tar a nór toghtha.
Oír is fear a neagna náid na clocha búadha; agus na huile neithe is féidir do dhúiliughadh ní hionchoimhmeasta ría íad.
Oír atá ar gcuid do Chríosd aguinn, má chongmhamáoid go diongmhálta céudthosach ar muinighine go teachd don chrich dheigheanuidh;
Agus budh ríghthe bhías na naithreachuibh oileamhna agad, agus bainríoghna na mbanaltrannuibh: cromfuid síos duit go na naighthibh chum na talmhan, agus lighfid súas luáithreadh do chos; agus aitheonuidh tú gur misi an TIGHEARNA: óir ní bhiáidh náire ar an luchd fheithios orumsa.
Ar mbeith dhúinn ag tabhairt ar naire do na neithibh nach bhfuil ré a bhfaicsin, agus ní do na néithibh ata re a bhfaicsin: oír is neamhbúan na neithe atá ré a bhfaicsin; agus is síorruidhe na neithe nach bhfaicthear.
Agus féuch an bhfuil slighe ar bith chiontach ionnam, agus treóruidh mé a slighe na síorruidheachta.
Uime sin foráileam thrídsion do ghnáth íodhbairt mholta do Dhía, eadhon toradh na mbéol admhuigheas a ainm.
Agus a sé Día, dhaingnigheas sinne maille ribhse a Gcríosd, agus do ung sinn;
Noch fós do chuir séula oruinn, agus tug comhartha daingnighthe na Sbioruide ann ar gcroidhthibh.
Achd gidh bé do ní an fhirínne thig sé chum an tsoluis, ionnus go mbeidís a oibreacha follus, tré gur ab a Ndía atáid siád ar na ndéunamh.
Achd as úadhasan atá sibhse a Niósa Críosd, noch atá ar na dhéunamh ó Dhía dhúinne na eagna, agus na fhíréuntachd, agus na náomhthachd, agus na fhúasgladh:
Déunuidh na huile neithe gan mhonbhar agus gan challóid:
Ionnus go mbiáidh sibh neimhchiontach agus neamhurchóideach, bhur gcloinn neamhlochduigh ag Día, a measg dhroichchinidh chrosda, eidir a bhfuil sibh ag deallrughadh mar lóchrannuibh soilse sa tsáoghal;