Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 90 - An Bíobla Naofa 1981


An Ceathrú Leabhar Síoraíocht Dé agus Díomuaine an Duine
1 Achainí Mhaois, giolla Dé.

1 Achainí Mhaois, giolla Dé. 1 A Thiarna, is tú ba thearmann dúinn, ár ndídean ó ghlúin go glúin.

2 Ó thosach sular saolaíodh na sléibhte, sular rugadh an talamh agus an chruinne, is tú Dia gan tús gan deireadh.

3 Déanann tú deannach arís den duine á rá: “Ar ais libh, a Ádhamhchlann.”

4 Óir níl míle bliain i d'fhianaise ach mar an lá a d'imigh tharainn inné, nó mar a bheadh faire na hoíche.

5 Sciobann tú chun siúil iad amhail aisling, nó mar fhéar úrghlas na maidine.

6 Eascraíonn sé ar maidin agus bláthaíonn sé baintear é agus feonn sé um thráthnóna.

7 Táimid dár gcnaí go dearfa le d'fhearg; scanraítear sinn le dásacht do dhíbheirge.

8 Chuir tú ár n‑urchóidí os do choinne, ár bpeacaí folaithe faoi sholas do ghnúise.

9 Gabhann ár laethanta tharainn is tú i bhfeirg linn; cuirtear deireadh lenár mblianta amhail osna.

10 Seachtó bliain suim ár saolré; nó ceithre fichid má fhaighimid ár sláinte. Saothar agus stró a sealsan; imíonn siad ar luas agus bíonn deireadh linn.

11 Cé a chuimhníonn ar chumhacht do chuid feirge; cé a mbíonn eagla air roimh neart do bhuile?

12 Múin dúinn giorra shaoil an duine chun go bhfaighimid críonnacht inár gcroí.

13 Fill orainn; cá fhad a bheidh tú feargach? Déan trócaire ar do shearbhóntaí, a Thiarna.

14 Tabhair ár sáith de do bhuanghrá ar maidin dúinn, go mbeidh áthas orainn agus gairdeas go deo.

15 Déan lúcháireach sinn i ndíol ar imir tú de bhuairt orainn; i ndíol na mblianta ina bhfacamar an t‑olc.

16 Taispeáin do bhearta do do sheirbhísigh; agus do chlú is do chumhacht do do chlann.

17 Go dtaga grásta ár dTiarna Dia anuas orainn agus go soirbhí tú saothar ár lámh; sea, go soirbhí tú saothar ár lámh!

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí