Salm 32 - An Bíobla Naofa 1981Maitheamh an Pheaca 1 Mascail Dháiví. 1 Mascail Dháiví. 1 Is méanar dár maitheadh a choir; dár folaíodh a pheaca; 2 an té nach gcuireann an Tiarna cion ina leith, ‘s nach bhfuil cealg ina chroí. 3 Bhí mé i mo thost, agus chríon mo chnámha; bhínn ag osnaíl gach lá, 4 Óir gach uile lá agus oíche ba throm orm do lámh. Go deimhin, bhí mo neart á thrá mar a bheadh le teas an tsamhraidh. 5 Ach cheana, d'admhaíos mo pheaca duit agus níor cheil mé m'urchóid. Dúirt mé: “Admhóidh mé anois mo choir don Tiarna.” Agus thug tú maithiúnas dom ansin: mhaith tú mo pheaca dom. 6 Guífidh gach neach diaga thú, dá bhrí sin, in am an éigin. Nuair a bhrúchtfaidh na tuilte móra ní thiocfaidh siad i ngar dó. 7 Is tú m'áit fholaigh, a Thiarna, do m'fhuascailt ó m'anacair; cuireann tú gártha fuascailte thart timpeall orm. 8 Tabharfaidh mé teagasc agus múinfidh mé an tslí is triallta duit. Tabharfaidh mé comhairle agus eolas duit; coimeádfaidh mé súil ort. 9 Ná bígí mar an each ná an mhiúil, gan chiall gan tuiscint. Mura gcoisctear le béalbhach agus srian iad ní thiocfaidh siad i do chóngar. 10 Is líonmhar iad dóláis na n‑éagráifeach, ach tá trocaire agus grá ag an té a mbíonn a dhóchas sa Tiarna. 11 Déanaigí lúcháir agus gairdeas sa Tiarna, a fhíréana uile. Déanaigí aoibhneas agus áthas a lucht an chroí dhírigh. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart