Salm 51 - An Bíobla Naofa 1981Aithrí agus Croíbhrú an Pheacaigh 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví, 2 an uair a tháinig Nátán fáidh chuige tar éis do [Dháiví] peaca a dhéanamh le Baitseaba. 2 an uair a tháinig Nátán fáidh chuige tar éis do [Dháiví] peaca a dhéanamh le Baitseaba. 3 Déan trócaire orm, a Dhia, de réir do bhuanghrá: cealaigh mo choir as iomad do thrua. 4 Nigh go huile mé ó mo chion, agus déan mo pheaca a ghlanadh díom. 5 Óir aithním mo chionta go maith agus tá mo pheaca os mo chomhair i gcónaí. 6 Is ortsa amháin a pheacaigh mé; an ní is olc i do láthair a rinne mé. Ionas go mba léir gur ceart é do bhreith agus go dtugann tú breithiúnas gan locht. 7 Ach féach gur rugadh faoi chion mé agus gur gineadh i mbroinn mo mháthar faoi pheaca mé. 8 Féach, is geal leat an croí dílis, agus i mo lár istigh múineann tú eagna dom. 9 Croith orm hiosóip agus glanfar mé; nigh mé agus is gile mé ná an sneachta. 10 Lig dom an gairdeas agus an t‑áthas a chloisteáil, agus beidh lúcháir ar na cnámha a bhrúigh tú. 11 Iompaigh do ghnúis ó mo pheacaí agus cealaigh mo chionta go léir. 12 Cruthaigh ionam croí glan, a Dhia, agus cruthaigh spiorad daingean as an nua ionam. 13 Ná díbir amach as do radharc mé agus ná beir do naomhspiorad uaim. 14 Tabhair ar ais dom áthas do shlánaithe agus tabhair spiorad na díograise mar thaca dom. 15 Múinfidh mé do shlite do lucht na hurchóide agus fillfidh na peacaigh ar ais chugat. 16 Saor mé ó choir na fola, a Dhia, a Dhia mo shlánaitheoir, agus mórfaidh mé le mo theanga do cheartas. 17 A Thiarna, oscail mo bheola, agus fógróidh mo bhéal do mholadh. 18 Óir ní bhfaigheann tú taitneamh in íobairt agus an loiscíobairt a dhéanfainn ní ghlacfá. 19 M'íobairtse, a Dhia, an croí aithríoch; ní eiteoidh tú, a Dhia, croí brúite uiríseal. 20 Bí fial le Síón, as ucht do mhaitheasa, a Thiarna, ionas go dtógfaí ballaí Iarúsailéim as an nua. 21 Glacfaidh tú ansin le híobairtí na fíréantachta, le hofrálacha agus le híobairtí uileloiscthe: ansin ofrálfar mairt chugat ar d'altóir. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart