Salm 143 - An Bíobla Naofa 1981Urnaí in Am an Bhuairimh 1 Salm Dháiví. 1 Salm Dháiví. 1 Éist le m'urnaí, a Thiarna; éist le m'achainí as ucht do dhílse, freagair mé as ucht d'fhíréantachta. 2 Ná glaoigh ar do ghiolla chun breithiúnais; óir níl aon neach fíréanta i d'fhianaise. 3 Óir chuaigh an namhaid sa tóir orm; threascair sé m'anam go huir; thug sé orm fanacht sa dorchacht ar nós daoine atá marbh le fada. 4 Dá bhrí sin tháinig meath ar mo mheanma; agus chalcaigh mo chroí istigh ionam. 5 Is cuimhin liom na laethanta fadó; déanaim machnamh ar d'oibreacha go léir. Bím ag smaoineamh ar shaothar do lámh 6 agus sínim mo sciatháin amach chugat; mar thalamh spalptha bíonn m'anam ag tnúth leat. 7 Éist liom gan mhoill, a Thiarna, óir tá mo mheanma á cloí. Ná cuir d'aghaidh i bhfolach orm, sula mbeinn cosúil leis an dream a ghabhann san uaigh. 8 Cuir do bhuanghrá in iúl dom ar maidin, óir is ionat a chuirim mo dhóchas. Tabhair dom eolas na slí atá le triall agam, óir is chugatsa a thógaim m'anam. 9 Fuascail mé ó m'eascairde, a Thiarna; óir chuir mé mé féin faoi do choimirce. 10 Múin dom do thoil a dhéanamh, óir is tú mo Dhia, a Thiarna. Go ndéana do dhea-spiorad mé a sheoladh, isteach sa talamh comhréidh. 11 Cosain mo bheo as ucht d'ainm, a Thiarna; i d'fhíréantacht saor m'anam ón anacair. 12 Déan mo naimhde a dhíothú as ucht do chineáltais; agus cuir ó mhaith a mbíonn ag déanamh cos ar bolg orm; óir is mé do sheirbhíseach, a Thiarna. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart