Maithfidh a thabhairt, saoraíonn sé an t-anam, slánaíonn sé na cnámha agus suaimhníonn sé na smaointe. Níl mothúchán níos áille ná croí glan sláintiúil a bheith agat.
Gan mhaithiúnas a thabhairt, tagann mothúcháin fearga, bróin, dúlagair, lionn dubh, agus fuatha leis. Ba mhaith le Dia go mbainfeá taitneamh as saoirse iomlán trí fhoghlaim conas maithiúnas a thabhairt, díreach mar a mhaitheann sé do pheacaí agus do chionta gach lá.
I measc do bhotún agus do laigí, taispeánann Dia a ghrá duit, ag tabhairt deiseanna nua duit i gcónaí. Is mian leis go n-iomprófá ar an mbealach céanna leis na daoine mórthimpeall ort.
Má mhaitheann tú do dhaoine eile, maithfidh d’Athair neamhaí duitse freisin; ach mura maitheann tú, ní mhaithfidh d’Athair duitse ach an oiread. Múineann Íosa dúinn maithiúnas a thabhairt trína shampla féin, ag taispeáint grá síoraí dóibh siúd a bhrath é, fiú a chairde is gaire.
B’fhéidir gur bhrath go leor de do chairde thú, ag gortú do chroí agus ag cur as do mhuinín iontu, ach caithfidh tú sampla Íosa a leanúint, ag tabhairt maithiúnais dóibh. Déan cinneadh tosú arís agus gan cairdeas a chailleadh de bharr uabhair ná díomá. Cleacht an umhlaíocht agus iarr maithiúnas as na cionta atá déanta agat.
Ní le bheith go maith leis an duine eile atá an maithiúnas, ach le bheith go maith leat féin agus ualach a ligean uait nach ligeann duit bogadh ar aghaidh, ag cur isteach ar do chaidreamh le Dia.
Má tá grá agat do do chara, téigh i gcomhairle leis arís, labhair faoi na difríochtaí eatarthu agus cruthaigh chuimhneacháin nua, ag fágáil an ama atá thart ina dhiaidh, ag foghlaim na ceachtanna agus ag féachaint i dtreo todhchaí álainn le chéile. Coinnigh prionsabail na dílseachta, na macántachta agus na trédhearcachta, agus beidh sibh dochloíte.
Cuimhnigh i gcónaí Seanfhocal 17:9 "An té a chlúdaíonn locht, saothraíonn sé cairdeas; ach an té a phléann an scéal, dealóidh sé cara."
Oir ma mhaithi a gcionnta do dháonibh, maithfidh bhur Nathair neámhdha dáoibhsi mar an gcéadna: Achd muna maithtisi a gcionta do na dáoinibh, ni mhaithfidh bhur Nathair féin dáoibhsi bhur gcionta.
Gidh bé cheilios sárughadh íarruidh sé grádh; acht gidh bé athnúaighios cúis dealnigh sé cáirde.
Gidh bé cheilios a pheacuighe ní bhía biseach air: acht gidh bé admhas agus thréigios íad do gheabha sé trócaire.
Agus ná beiridh breath, agus ní bhéurthar breath oruibh: ná damnuighe, agus ní daiméontar sibh: maithidh, agus maithfithear dháoibh:
Agus an tan bhéithí bhur seasamh ag déanamh úrnuighthe, maithidh, má tá ní ar bith aguibh a naghuidh áonduine: ionnas go maithfeadh bhur nathairsi a tá air néamh bhur ccionta féin dhaoibhsi mar an gcéudna.
Tabhraidh bhur naire dhíbh féin: Má pheacaigheann do dhearbhrathair ad aghaidh, imdhearg é; agus má ní sé aithrighe, tabhair maitheamhnus dó. Is da réir so bhias ar an lá ann a bhfoillseochthar Mac an duine. Ann sa lá sin, an té bhiás a tigh, agus a mháoin ann sa tighsin, ná tuirlingeadh sé chum a dtógbhála: agus an tí atá ar an machaire, na casadh sé tar a ais mar an gcéadna. Cuimhnighe ar mhnáoi Lot. Gidh bé neach iárrfas a anam féin do shabháil caillfidh sé é; agus gidh bé chaillfeasa anam beodhfuidh sé é. A deirim ribh, béid diás a náoinleabaigh ann sa noidhche úd; geubhthar lé háon aca, agus fúighfighthear an fear eile. Beid diás ban ag bróinteórachd a náoinfheachd; géubhthar lé mnáoi aca, agus fuigfighthear an dara bhean. Beid diás fear ar an machaire; géubhthar lé háon aca, agus fuigfighthear an fear eile. Agus ar bhfreaga dhóibhsion a deirid ris, Gá háit, a Thighearna? Agus a dubhairt seision riú, Gidh bé ball a mbíu an corp, is ann sin fós chruinneochthar na hiolair. Agus má pheacaigheann sé ad aghaidh seachd nuáire sa ló, agus go bhfillfe sé chugad seachd nuáire sa ló, ag rádh, Atá aithreachas oram; tabhair maitheamhnus dó.
Ní do réir ar ccionta do rinne sé dhúinn; agus ní do réir ar néigceirt thug sé luáidheacht dúinn. Acht mar atá áirde na neamh ós cionn na talmhan, atá a oineach chomór sin don lucht air a bhfuil a eagla. Comhfhad atá a náird shoir ó náird shíar, do chuir sé ar bpeacuidhe uáinne.
Na déanaidh olc a naghaidh uilc ar éainneach. Bíodh cúram na neitheann maith oraibh a bhfíadhnuise na nuile dháoine. Mas féidir é, an mhéid thig dhíbhsé dhe, bíodh síothcháin agaibh ris na huile dhaóinibh A chairde grádhacha, ná déunaidh dioghaltus ar bhur son féin, achd fanaidh ris an bhfeirg: óir atá sgríobhtha, Is leamsa an dioghaltus; do bhéura mé cúitiughadh uáim, a deir an Tighearna.
Má thugann tú cionta dot aire, a THIGHEARNA, a THIGHEARNA, cía sheafas? Acht is agadsa atá maithmheachus, ionnus go mbiáidh eagla romhad.
A dhearbhraithre, má ghreamuighthear neach a gcóir ar bith go hobann, tuguidhse a dhream spioradálta, a shamhuil sin do dhuine ar a ais ré sbiorad ceannsachda; ag tabhairt aire leachd féin a dhuine, nach ccuirfidhe cáthughadh ortsa mar an gcéudha.
Achd má tháinic dóilgheas do tháobh éunduine, níor chuir sé dóilgheas oramsa, achd a gcáilibh; ionnus nach gcuirfinn ro úalach oruibhse uile. Is lór dhá leitheid sin do dhuine an timdheargadh, fuáir sé ó mhórán. Ionnus a nois contrárrdha dhó sin gur córa dhíbh maitheamhnus do thabhairt dó, agus sólás do chur air, deagla go sluigfidhe súas é lé hiomarcuidh doilghís. Uime sin íarruim dathchuinghe oruibh bhur ngrádh do dhainniughadh dhá tháobh.
Is Misi, Misi féin an té scriosas amach do sháruighthe ar mo shon féin, agus ní chuimhneochad do pheacuidhe.
A dhearbhráithre, ní mheasuim gur rug mé fós uirrthe: achd do ním éinní amháín, ar mbeith dhamh ag dearmad na neitheann atá arm o chúl, agus ag déunamh mo dhíthchill chum na neitheann atá romham, Riothuim go díán chum an chomhartha do mhían luáídhéachda árdghárma Dé a Níosa Críosd.
Is sona an té agá bhfuil a chionnta ar na maitheamh, agus a pheacadh ar na fholach. Atáid iomad doilghios don pheacach: acht tiucfa trócaire, a ttimchíoll an té chuireas a dhóthchus annsa TIGHEARNA. Déanuidh gáirdeachus annsa TIGHEARNA, agus bíthí lúathgháireach, sibhsi a fhíréuna: agus déanuidh lúathgháir, sibhsi uile noch atá díreach a ccroidhe. Is beanuighe an té noch nach cuirionn an TIGHEARNA peacadh na leith, agus ag nach bhfuíl cealg iona spioraid.
Leanuigh síothchain ris na huile dhaóinibh, agus náomhthachd, óir gan í ní fhaicfidh éinneach an Tíghearna. Tabhruidh aire ribh fá gan áoinneach aguibh do chláonadh ó ghrás Dé; fá gan fréumh shearbhuis ar bith do fhás súas dá bhur mbuáidhreadh, trés a ndéuntaói morán neamhghlan;
Oír tusa, a THIGHEARNA, atáoi maith agus maithfeach; agus ro thrócaireach don luchd ghairios ort.
Dá nadmham ar bpeacuidh, atá seision fírinneach agus ceart re ar bpeacuigh do mhaitheamh dhúinn, agus ré ar nglanadh ó anuile neamhfhiréuntachd.
Na beiridh breath, do chum nach mbéarthaói breath oraibh. Agus mas iásg iárrfus sém an nathair neimhe do bheúradh sé dhó? Ar a nadhbharsin, ma atá a fhios agaibhsi atá olc, tiodhluicthe maithe do thabhairt dá bhur gcloinn, a né nach mó ná sin do bhéuraidh bhur Nathairse atá air neamh neithe maithe don dreim iárrus air iád? Uime sin gach uile ní budh mían libh daoine do dhéunamh dhíbh, deúnaidhsi a leithéide dhóibhsean mar an gcéudna: oír a sé so an dligheadh agus na faighe. Imthighidh a sdeach sa dorús chumhann: óir is farsing an dorus, agus is leathan an tslighe, thréoraigheas do chum damanta, agus is mór théid a sdeach thríthe: Do bhrígh gur cumhann an doras, agus is caól an tslighe thréoraigheas chum na beatha, agus is beag do gheibh eólus uirrthe. Coimhéadaigh sibh féin ar na fáigheannaibh fallsa, thig chugaibh a gculaidhibh caórach, agus a tá leith a sdigh na madruidh állta fhúaduigheachda. Air a ttórrthaibh aitheóntaoi íad. An gcrunnighid daóine caóra fíneamhna do dhriseach, no fígighe do na fothannanaibh? Is mar sin do bheir gach uile chrann maith tórrtha maithe; achd do bheir an drochchrann drochthórrtha. Ní héidir leis an gcrann maith drochthórrtha diomchar, na leis an gcrann gcrion tórrtha maithe do thabhairt. Gach uile chrann nach iomchrann toradh maith gearrthar é, agus téilgthear san teinidh é. Oír is do réir na breithe bheirthí, bheúrhar breath oruibh: Agus is leis an miosúr thomhaistí, toimheósfuidhthear dháoibh a rís.
Cuiridh discréid duine a fhearg air cáirde; agus isí a ghlóir míríaghuil do léigean thairis.
Iona bhfuil fuásgladh aguinn tré na fhuil, (maithmheachas na boeacadh,) do réir sháidhbhris a ghrássan:
Uime sin gabhaídh chugaibh a chéile, do réir mar do ghabh Críosd sinne chuige chum glóire Dé.
Noch do sháor sinn ó chúmhachduibh an dorchaduis, agus do atharruigh sinn go rioghachd a Mhic ionmhuin féin: Ion a bhfuil an fúasgladh aguinn tré na fhuil, eadhon maithmheachas na bpeacadh:
Deuna trócaire orum, a Dhé, do réir do thrócaire móire: do réir ro iomaid do thruáighe scrios amach maindlighthe. Cruthaigh ionnam croidhe glan, a Dhé; agus athnúaghaidh ann mo mheadhón spiorad iomlán. Ná teilg mé seachad od fhiaghnuise; agus ná beír do spiorad náomhtha uáim. Aisig dhamh gáirdeachus do shlánuighthe; agus connuimh súas mé le spiorad shaóir. Ann sin múinfidh mé do shlighe do chiontachaibh; agus iompóchthair peacacha chugadsa. Sáor mé ó fhuil, a Dhé, Día mo shlánuighthe: agus foillseochaidh mo theanga thfíréantacht ós áird. A THIGHEARNA, foisgeola tú mo phuisíne; agus foillseochuidh mo bhéul do mholadh. Oír ní íarrann tú íodhbairt; agus go ttiubhruinn sin uáim: ní bhfuil dúil agad a nofráil loisge. Is íad íodhbartha Dé spiorad briste: ar chroidhe bhriste chomhbrúighte, a Dhé, ní dhéanair tarcuisne. Déan maith do Shion ó do dheaghthoil féin: cuir súas balladha Ierusalem. Annsin biáidh fonn agad a níodhbairt na fíréuntachda, a nofráil loisge agus a nofráil chnaóite go hiomlán: annsin do dhéanaid bulóga óga do thoirbhirt air haltóir. Nigh mé ó mo chiontaibh go hiomlán, agus glan mé ó mo pheacaidh.
Agus a dubhairt Iósa, A Athair, maith dhóibh; óir ní bhfuil a fhios aca créd do nid síad. Agus an roinn a éaduighsion, do theilgeadar crannchar orthu.
Thairis sin, mar do bhí sé trócaireach, do mhaith a ccionta, agus níor sgrios íad: agus dfill sé go minic a fhearg tar a hais, agus níor mhúscail sé a dhibhfhearg uile.
Claóidhidh brontanas a bhfolach fearg: agus mínighe luáidheacht annsa bhrollach fearg neartmhar.
Ar a nadhbharsan do bhéara misi breath oruibh, a thigh Israel, gach uile dhuine do réir a shlightheach, a deir an Tighearna DIA. Déanuidh aithrigh, agus fillidh sibh féin ó bhur cciontuibh uile; marsin nach biáidh eicceart na scrios aguibh.
A chlann bheag, sgríobhuim na neithese chuguibh, ionnus nach déunadh sibh peacadh. Agus má rinne éinneach peacadh, atá abhcóidigh aguinn a bhfochair a Nathar, Iósa Críosd an firéún.
Scuir ó fheirg, agus léig dhíot ainteas: ná fearguidh thú féin air éanchor chum uilc do dhéanamh.
Oír, a dhearbhráithre, as chum sáoirsi do goireadh sibh; amháin ná déunuidh an tsáoirse na cionfátha don choluinn, achd bíghidh féin ag seirbhís do chéile tré ghrádh.
Molfad thú, a THIGHEARNA mo Dhía, rem uile chroidhe: agus do dhéanad hainm do ghlórughadh go bráth. Oír is mór thrócaire orumsa: agus dfúascail tú manam ó ifrionn íochdarach.
Agus as ó Dhía atáid uile, noch do reidhigh sinne ris féin tré Iósa Críosd, agus tug dhúinne miniosdrálachd an réitigh sin; Oír go deimhin, do bhí Día a Gcríosd, ag réiteach an tsáoghuil ris féin, gan conntus do dhéunamh ríu fá sa gcionntuibh; agus do chuir sé ionnuíne briathar an réitigh sin.
Tigidh anois, agus déanum réusún re chéile: a deir an TIGHEARNA: mátá go bhfuilid bhur bpeacaidhe amhuil scáirléad, béidh síad coimhgheal ré sneachda; mátá go bhfuilid dearg mar chrimson, béidh síad amhuil olann.
Agus, féuch, tugadar fear pairilise, na luighe air a leabaidh chuighe: agus an tan do chunnairc Iósa a gcreideamh a dubhairt sé re fear na pairilisi; Biódh muinighin mhaith agad a mhic; ataid do pheacaigh ar na maitheamh dhuit.
Agus deirigh sé, agus do chuáidh sé dionnsuighe a athaar. Agus ar mbeith fós a gcíanúadh dhó do chonnaire a athair é, agus do ghabh truáighe mhór dhó é, agus ag rith dhó, do chrom sé fá na bhrághuid, agus do phóg sé é.
Bíodh fearg oruibh, gidheadh ná déunuigh peacadh: ná maireadh bhur bhfearg go dul na gréine fáoi: Agus ná tuguidh áit do diábhal.
Gradhuigh an chara gach uile uáir, agus rugadh an dearbhráthair a naghaidh buaidheartha.
Achd foillsighidh Día a ghrádh féin dúinne ann so, do bhrigh ag mbeith dhúinn fós ar bpeacthachuibh, gur fhuiling Críosd bás air ar son.
Agus gibh bé dhá dtug sibhse maitheamhnus áoinneithe, do bheirimse mar an gcéadna: óir má thug misi maitheamhnus a neinní uáim, gidh bé dhá dtug mé an maitheamhnus, is ar bhir sonsa tug mé uáím é a bhfíadhnuisi Chríosd;
Atá síothcháin mhór don lucht ghrádhuigheas do dhligheadhsa: agus ní bhfuil ceap tuislighe na naghaidh.
Gan éinní tré chonnsbóid ná tré ghlóir dhíomháoin; achd a númhlachd inntinne measadh gach áon gur fear neach eile na é féin. Do bhrígh go dtáinic sé go garr don bhás ar son oibre Chríosd, agus nár chuir suim ann a anam, ionnus go gcoimhlíonfadh sé a nuireasbhaidh do bhí oramsa a dtáobh bhur seirbhísse. Nár ab íad na neithe bheanais ris féin bhéuras gach áon dá aire, achd gach áon na neithe fós bheanas ré dáoinibh eile.
Toiligh, a THIGHEARNA, mo sháoradh: a THIGHEARNA, déan deithnios dom chabhair. Náirighthear, agus claóidhtear íad a néinfheachd noch íarrus manam do mhilleadh; filltior ar a nais agus náirighthear an dream noch órduighios olc dhamh.
Agus is mar sin do dhéana Máthair neamhdhasa ribhsi, muna maithfe gach áonduine agaibh da dhearbhrathair ó bhur gcroidhthibh a gcionnta.
Do ní an duine trócaireach maith dhá anam féin: acht an té bhíos éattrocaireach buáidhridh sé a fheóil féin.
Ná déunuigh olc a naghuidh uilc, ná anchaint a naghuidh anchainte: achd go contrárgha dhó sin, tuguidh bhur mbeannachd; ar mbeith a fheasa aguibh gur chuige so do goireadh sibh, ionnas go bhfuigheadh sibh féin beannachd mar oighreachd.
Uime sin cuiridh iomuibh, mar chloinn thoghtha, náomhtha ionmhuin Dé, innighe trócaire, cáoine, úmhlachd inntinne, ceandsachd, agus foighid;
Oir do pheacaigh a nuile dhuine, agus atáid a négmhuis ghlóire Dé; Agus atáid ar na sáoradh a naisgidh ré na ghrásuibhsean trés an bhfúasgladh do rinneadh lé Híosa Críosd:
Cruthaigh ionnam croidhe glan, a Dhé; agus athnúaghaidh ann mo mheadhón spiorad iomlán. Ná teilg mé seachad od fhiaghnuise; agus ná beír do spiorad náomhtha uáim. Aisig dhamh gáirdeachus do shlánuighthe; agus connuimh súas mé le spiorad shaóir.
Tréigeadh an drochduine a shlighe, agus an duine neimhfhíréanta a smuaintighthe: agus filleadh sé chum an TIGHEARNA, agus do dhéana sé trócaire air; agus chum ar Ndénne, óir maithfidh sé go líonmhar.
Atá an grádh fadfhoighideach, deaghchróidheach; ní ghabhann an grádh tnúth; ní dhéanann an ghradh ní ar bith go neamhchóir, ní máoithmheach é, Ní dhéanann ní ar bith ré taircuisne, ní iarran sé na neithe bheanus ris féin, ní sobhrosduighe é chum feirge, ní smuáineann sé ar a nolc; Ní dhéanann gáirdeachus sa néugcóraidh, achd gabhuidh sé gáirdeachus sa bhfírinne; Fuilngidh sé na huile neithe, creidigh sé na huile neithe, bí muinighin aige as na huile neithibh, iomchraidh rís na huile neithibh.
Oír biáidh mé trócaireach da néugcóruibh, agus cuirfe mé a bpeacuidhe agus a naindhlighthe as mo choimhne feasda.
Achd a deirimsi ribh, Bíodh grádh agaibh dá bhur naímhdibh, beannaighidh na dáoine mhallaigheas sibh, deunaidh maith do na dáoinibh ait ar beag sibh, agus deúnaidh urnaighthe ar son na muinntire bhuaidhreas sibh, agus dhíbreas subh;
Uime sin leanum na neithe bheanus ré soithcháin, agus na neithe bheanus ré follamnughadh a chéile.
Gidh bé neach fhúathuigheas a dhearbhráthair as fear dúnmharbhtha é: agus atá a fhios aguibh nach déunann an bheatha marthannach comhnuighe a bhfear dúnmharbhtha ar bith.
Uime sin má deirséirghe sibh má ráon ré Críosd, íarruidh na neithe atá shúas, sa nionad ann a bhfuil Críosd na shuídhe ar deis Dé. Agus ó chuireabhair an duine núadh iomuibh, noch atá ar na athnúadhughadh a néolas do réir íomháighe an ti do chrúthaidh é: Mar nach bhfuil Gréugach agus Iúduighe, timchillghearradh agus neamhthimchillghearradh, duine barbartha, agus Scitían, dáor agus sáor: achd Críosd na uile agus ann sna huilibh. Uime sin cuiridh iomuibh, mar chloinn thoghtha, náomhtha ionmhuin Dé, innighe trócaire, cáoine, úmhlachd inntinne, ceandsachd, agus foighid; Ag tabhair íomchair dhá chéile, agus ag maitheamh dhá chéile, má tá gearan ag neach a nadhuigh aroile: amhuil tug Críosd maitheamhnas díbhse, go madh hamhluidh sin dhéunas sibhse. Achd ós cionn na neitheannsa uile biodh aguibh carrthannachd, noch as coimcheangal diongmháltachda ann. Agus bíodh siothcháin Dé ag ríaghlughadh bhur gcroidheadh, chum a bhfuiltí fós ar bhur ngairm a néunchorp; agus bíghidh buidheach. Bíodh bríathar Chríosd na comhnuide ionnuibh go saidhbhir sa nuile éagna; dá bhur múnadh agus dá bhur dteagasg féin a salmuibh agus a bhfonnuibh molta Dé, agus a gcainticibh sbioradálta ag déunamh ceóil don Tíghearna ann bhur gcroidhthibh maillé ré gean. Agus gidh bé ar bith ní dhéuntaói a mbreithir nó a ngníomh, déantar íad uile a nainm an Tíghearna Iósa, ag breith bhuídheachais díbh ré Día eadhon an Tathair thrídsion. A mhnám, bíghidh úmhal da bhur bhfearuibh, mar is cubhaidh sa Dtíghearna. A fhiora, grádhuighe bhur mná, agus ná bíghidh searbh dhóibh. Bíodh bhur ndúil sna neithibh atá shúas, agus ní sna neithibh atá air talamh.
An té tharcuisnighios a chomharsa peacuigh sé: acht is beannuighe an té, do ní trócaire air na bochtaibh.
Acht atá tusa, a THIGHEARNA, Día trócaireach, grásamhuil, ag fulang a bhfad, agus lán do thrócaire agus dfírinne.
Créd do chithear dháoibh? Dá mbeith céad cáora ag áonduíne, agus go rachadh áoncháora dhíobh ar seachrán, a né nach bhfúigeadh sé na náoi gcáoiridh déag agus ceithre fichid, agus nach rachadh sé ar na sléibhthidh, diárruidh na cáorach do chúaidh air seachrán? Agus ma theagmhan go bhfaghann sé í, a deirmsi ribh go fírinneach, gur ab mó a lúathgháir tríthe, ná ar son na náoi gcáorach ndeg agus cheithre fichid nach deachuidh ar seachrán. Mar an gcéadna ní hí toil bhur Natharsa a tá ar neamh, go rachadh éinneach do na dáoinibh a mugha.
Bíodh toil aguibh dhá chéile maillé ré grádh bráithreamhuil; ag tabhairt onóra uáibh gach áon ag dul roimhe a chéile;
Do fheith mé air an TTIGHEARNA, atá manam ag feithiomh, agus iona bhréithir atá mo dhóigh.
Ionnus go dtíubhradh sé dhibh, do réir shaidhbhris a ghlóire, bheith láidir neartmhar tré na Sbioruid sa duine don táobh a stigh;
¶ Nach cumhain libh na neithe roimhe, nach meastaói na neithe a nallúd. Féuch, do dhéana misi ní núadh; a nois fásfuidh sé amach; nach aitheona sibhse é? eadhon do dhéana mé slighe annsa bhfásach, agus aibhne annsa díothramh.
A né, nach bhfuil a fhios aguibh, gur ab é bhur gcorp teampoll an Spiorad Náoimh, noch atá ionnuibh, agus atá aguibh ó Dhía, agus nach libh fein sibh? A né nach bhfuil a fhions aguibh go mbéuraid na náoimh breath ar an dómhan? agus más ribhse bheirthar breath ar an dómhan, a né nach fíu sibh bheith bhur mbreitheamhnuibh ar na hadhbharaibh is lúgha? Oír do cheannchadh sibh ar lúach: uime sin tugaidh glóir do Dhía ré bhur gcorp, agus ré bhur spioraid, óir is lé Día íad.
Achd a dubhairt sé riom, Is lór dhuit mo ghrássa: óir iomlánuighthear mo chúmhachdasa a néugcrúas. Uime sin budh ró mhóide mfonn mórdháil do dhéunamh as méugcrúasuibh, ionnus go ndéanadh cúmhachd Chríosd cómhnuidhe ionnam.
Do chúlabhair go ndubhradh, Súil ar son súile, agus fíacail ar son fíacaile: Achd cheana a deirimsi ribh, Na cuiridh a naghaidh a nuilc: achd giodh bé neach bhúailfeas tú air do ghíall deas, iompóigh chuige fos an gíall oile.
Ná bíodh ró chúram neithe ar bith oruibh; achd sa nuile ní biodh bhur níarratuis foillsighthe do Dhía a nurnuighe agus a nathchuinge maille ré breith buidheachais. Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sháruigheas a nuile thuigse, bhur gcroidhthe agus bhur ninntinneacha a Níosa Críosd.
Uime sin créd a déaram fa na neithibhsi? Ma atá Día linn, cia fhéadus bheith ar naghuidh?
Augs is mar sin dáoibhsi, an tan do dhéantaói gach uile ní dár haithniughadh dhíbh, abruidh, Is searbhfhoghantuidhe neamhtharbhacha sinn: óir do rinneamar an ni do bhi dfíachaibh oruinn do dhéanamh.
Biodh gaírdeachas, agus luáthgháir óruibh: óir is mór bhur lúaidheachd ar neamh: óir is mar sin do ghérleanadar na faidhe thaínic romhaibh.
Achd a sé as toradh don Spiorúid grádh, gáirdeachas, síothcháin, foíghid fhasa, ceannsachd, rún maitheasa do dhéunamh, creideamh,
Goirfe sé orum, agus cluinfe misi é; atáimse aige iona bhuaidhreadh; do dhéanad a shaoradh, agus a ghlórughadh.
Ar a nadhbharsin déunam maill ré dothchas go hárdchatháoir na ngrás, chum trócaire do ghnodhúghadh, agus ghrás dfagháil dúinn chum furtachda a nám ríachdanais.
Achd da siubhlam sa tsolas, amhuil atá seision sa tsolas, atá cumann aguinn ré chéíle, agus glanuidh fúil Iósa Críosd a Mhicsion sinn ó nuile pheacadh.
Ar a nadhbharsin ní bhfuil damnughadh ar bith a nois don dreim atá a Niósa Críosd, nach siobhlann do réir na féola achd do réir na Spioruide. Agus má atá Críosd ionnuibh, atá an corp go deimhin marbh do thaóibh an pheacuigh; achd is beatha an Spiorad tré fhiréantachd. Achd má chomhnuigheann ionnuibh Spiorad an té do dhúisigh Iósa ó mharbhuibh, an té do dhúisigh Críosd ó mharbhuibh béodhachaigh sé bhar gcuirp shó mharbhthachasa mar an gcéudna tré na Spioruidsion chomhnuigheas ionnuibh. Uime sin, a bráithreacha, ní don fheóil, atámaóid ar bhféitheamhnuibh, ar chor go gcaithfeadhmaóis ar mbeatha do réir na féola. Oír más do réir na féola chaithfidhe bhar mbeatha, do ghéubthaói bás: achd má mharbhthaói gníomhartha na colla leis an Spioruid, do gheubhthaói beatha. Oír an mhéid thréoruighthear lé Spiorud Dé, a síad clann Dé íad. Oír níor ghabhabhair chugaibh Spiorad na seirbhíse a rís chum eagla; achd do ghabhabhair chugaibh Spiorad atharghadh na cloinne, tré ngoirmíd, Abba, a Athair. Do ní an Spioradsa fíadhnuisi lé ar spioriodne, gur clann do Dhía sinn: Agus más clann, is oidhrighe fós sinn; óidhrighe gan amharas do Dhía, agus comhóidhrighe do Chríosd; má fhuilngmíd a néinfheachd ris, ionnus go mbemís a ccómhghlóir ris. Oír measuim nach fíu ná neithe fhuilgemíd sa naimsirse a láthair an ghlóir fhoillséochthar dhúinn. Oír atá feitheamh díthcheallach gach creatúir ag fuireach ré foillsiughadh chloinne Dé. Oír do sháor dligheadh Spioruide na beatha a Níosa Críosd misi ó dligheadh an pheacaidh agus an bháis.
Cuir do dhóigh annsa TIGHEARNA, agus déan maith; áitreibhigh tú annsa dúithche, agus beathóchar thú go deimhin.
Slánaighidh na daóine éugcrúaidhe, glanaigh na lobhair, dúisgidh na mairbh, teilgidh a mach na deamhain: a naisgidh fúarabhair, tabhruidh uáibh a naisgidh.
Bídís bríathra mo bhéil, agus smuáineadh mo chroidhe, ionghabhtha ad lathair, ó a THIGHEARNA, mo charruic agus mfear fúasguilte.
Má bhíonn do námhaid ocrach, tabhair arán dó re ithe; agus má bhíonn tart air, tabhair uisge dhó ré a ól: Oír crúachfuidh tú sméaróide teineadh air a chionn, agus cúiteochuidh an TIGHEARNA sin riot.
Uime sin dá raibh ocarus ar do námhuid, tabhair bíadh dhó; dá raibh tart air, tabhair deoch dhó: óir tré so do dhéunamh dhuit carnfuidh tú gríosach ar a cheann.
Admhuighe bhur gcionta dhá chéile, agus déunuidh guidhe ar son a chéile, chum go leighéosfuidh sibh. Oir as mór an bhrígh atá a nurnuighe dhúthrachduigh a nfíréin.
Bighidh sochroidhtheach, trócaireach dhá chéile, ag tabhairt maitheamhnuis uáibh, amhuil tug Día mar an gcéudna maitheamhnus dáoibhse a Gcríosd.
Achd ma pheacuigheann do dhearbhrathair ad aghuidh, imthigh agus spreag é eadrad féin agus é féin amhain: agus má éisteann sé riot, do ghnodhuigh tú do dhearbhráthair.
Uime sin ma thugann tú do thabhartus chum na lialtóra, agus go gcuimhneochaidh tú ann sin go bhfuil ní ar bith ag ad dhearbhrathair a daghaidh; Fágaibh do thabhartus ann sin a bhfiaddhnuisi na haltóra, agus imthigh; agus ar tús réidhigh réd dhearbhrathair, agus tar éisi sin ar dteachd duit tabhair uáit do thiodlacadh.
Ar ndul do Pheadar na ionnsaidh an tráth sin, a dubhairt sé, A Thighearna, gá a mhioncachd do dheana mo dhearbhráthair coir a maghaidh, agus mhaithfeas mé dhó? an go nuige an seachdmhadh húair? A deir Iósa ris, Ni abruim riot, Gus an seachdmhadh húair a mháin: achd, Go soithe seachdmhoghad seachd nuáire.
Ag tabhair íomchair dhá chéile, agus ag maitheamh dhá chéile, má tá gearan ag neach a nadhuigh aroile: amhuil tug Críosd maitheamhnas díbhse, go madh hamhluidh sin dhéunas sibhse.
Agus roimh na huile neithibh bíodh grádh ro dhioghraiseach aguibh dhá chéile: óir cuirfidh an grádh folach ar iomad peacadh.
Maille ris a nuile úmhlachd inntinne agus cheannsachd, maille ré foighid fhada, ag iomchur ré cheile a ngrádh;