Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 18:35 - An Bíobla Naofa 1981

35 Sin é freisin mar a dhéanfaidh m'Athair neamhaí libhse ach mura maitheann gach duine agaibh dá bhráthair féin ó chroí.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

35 Is amhlaidh a dhéanfas mʼAthair neamhaí libhse, mura maitheann sibh, gach duine agaibh, dá bhráthair óna chroí.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

35 Is mar seo mar an gcéadna a dhéanfas m’Athair neamhdha libh-se, muna maithidh sibh, gach duine agaibh dá bhráthair, ó bhur gcroidhthe.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Agus is mar sin dhéanfas m’Athair neamhdha dhaoibh‐se, muna maithfidh gach aon duine agaibh d’á bhráthair ó chroidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

35 Agus is mar sin do dhéana Máthair neamhdhasa ribhsi, muna maithfe gach áonduine agaibh da dhearbhrathair ó bhur gcroidhthibh a gcionnta.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Agus sin mar a dhéanfaidh m’Athair-se atá ins na flathais libh-se é mura maithfidh gach duine agaibh d’á bhráthair, ó chroidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

35 Sin é freisin mar a dhéanfaidh mʼAthair neamhaí libh-se mura maitheann gach duine agaibh dá bhráthair féin ó chroí.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 18:35
16 Tagairtí Cros  

An té a thugann cluas bhodhar d'éamh an bhochtáin nuair a ghlaofaidh sé féin, ní eistfear leis.


D'fhéadfadh iompar duine bheith ceart ina shúile féin, ach meánn an Tiarna an croí.


Níos measa ná seo uile: níor fhill a deirfiúr fhealltach Iúdá orm ó chroí ach go bréagach - is é an Tiarna a labhraíonn.”


Rinne siad a gcroíthe chomh dáigh le diamant ar eagla go gcloisfidís an teagasc, agus an teachtaireacht a chuir Tiarna na Slua chucu lena spiorad trí bhéal na bhfáithe a bhí ann fadó. Dá dheasca sin chuir Tiarna na Slua smachtú dian orthu le neart feirge.


Agus le barr feirge thug a mháistir suas do na céastúnaigh é nó go n‑íocfadh sé na fiacha leis go hiomlán.


agus maith dúinn ár bhfiacha, mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin;


Agus nuair a bheidh sibh in bhur seasamh ag urnaí, má bhíonn aon ní agaibh i gcoinne aon duine, maithigí dó é, i dtreo go maithfeadh bhur nAthair sna flaithis bhur gcionta daoibhse chomh maith.


(Ach mura maitheann sibhse ní mó a mhaithfidh bhur nAthair sna flaithis bhur gcionta daoibhse.)”


Agus dúirt sé leo: “Is sibhse an dream a chuireann ríocht na bhfíréan oraibh féin i láthair daoine, ach is eol do Dhia bhur gcroíthe, óir an rud a bhíonn ardmheasúil dar le daoine, is ábhar déistine é i láthair Dé.


Óir tá breithiúnas gan trócaire le tabhairt ar an té nach ndearna trócaire; ach sáraíonn an trócaire an breithiúnas.


Ach má tá éad searbh oraibh agus uaillmhian doicheallach in bhur gcroí, ná bígí ag maíomh ná ag bréagnú na fírinne.


Druidigí i gcóngar Dé agus druidfidh Dia in bhur gcóngarsa. Nígí bhur lámha, a pheacacha, agus glanaigí bhur gcroí, sibhse atá ag cogadh le bhur n‑aigne.


agus imreoidh mé bás ar a clann, agus beidh fhios ag na heaglaisí uile gur mise a scrúdaíonn an aigne agus an croí, agus tabharfaidh mé do gach duine agaibh díol de réir bhur ngníomhartha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí