Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Íseáia 50 - An Bíobla Naofa 1981


An Slánú ar Fáil i gCónaí

1 Is amhlaidh seo a deir an Tiarna: Cá bhfuil bille dealaithe do mháthar, más ea, an dintiúr lenar chuir mé uaim í? Nó cé acu de mo chreidiúnaithe ar dhíol mé sibh leis? De dheasca bhur gcionta is ea díoladh sibh, de thairbhe bhur gcoireanna a séanadh bhur máthair.

2 Cén fáth, nuair a tháinig mé, nach raibh aon duine ann romham, agus nuair a ghlaoigh mé, nach raibh duine le mé a fhreagairt? An amhlaidh, dar libh, atá mo lámh róghearr chun fuascailte? An é nach bhfuil cumas ionam chun tarrthála? Focal aithise uaim agus triomaím an fharraige, déanaim gaineamhlach de na haibhneacha; tá a gcuid éisc marbh cheal uisce agus ag morgadh leis an triomach.

3 Éadaím na spéartha le dúchan bróin, cuirim éadach róin umpu mar chlúdach.


Tríú hAmhrán Ghiolla an Tiarna (a) Labhraíonn an Giolla

4 Thug an Tiarna Dia dom teanga an aos léinn. Chun go mbeinn i riocht fóirithint ar an té atá traochta spreagann sé briathar ionam. Maidin in aghaidh na maidine cuireann sé cluas orm chun go n‑éiste mé ar nós an aos léinn.

5 An Tiarna Dia, is é a d'oscail mo chluas. Maidir liom féin, níor chuir mé ina choinne, níor theann mé ar gcúl.

6 Lig mé mo dhroim le lucht a bhuailte agus mo ghruanna leo siúd a bhí ag piocadh na féasóige asam; níor cheil mé mo ghnúis ar mhasla ná ar sheile.

7 Tá an Tiarna Dia ag teacht i gcabhair orm, is é sin an fáth nach mothaím an masla. Mar sin, chruaigh mé mo ghnúis mar an chloch ghlas, bhí a fhios agam nach mbeinn meallta.

8 An té a shaorfaidh mé ar chion, tá sé i ngar. An bhfuil aon duine a chuirfeadh cúis orm? Tagaimis beirt i láthair, má tá. An bhfuil aon duine ag éileamh ceart orm? Seasadh sé chugam amach!

9 Tá an Tiarna Dia ag cuidiú liom, cé a thabharfadh ciontach mé? Beidh siad spíonta smolchaite ar nós giobal éadaigh, agus iad á gcreimeadh ag leamhain.


(b) Gríosú chun an Giolla a Leanúint

10 Aon duine in bhur measc a bhfuil eagla air roimh an Tiarna, éisteadh sé le glór a Ghiolla! An té a shiúlann sa dorchadas agus gan léas le feiceáil aige, cuireadh sé a mhuinín in ainm an Tiarna, baineadh sé taca as a Dhia.

11 Ach sibhse uile, fadaíonn sibh tine, corraíonn sibh suas an ghríosach. Isteach libh i lasracha na tine sin agaibh agus sa ghríosach atá adhainte agaibh. Mo lámhsa a chaithfidh libh ar an dóigh sin, suífidh sibh fúibh i bpeannaid.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí