Íseáia 50:1 - An Bíobla Naofa 19811 Is amhlaidh seo a deir an Tiarna: Cá bhfuil bille dealaithe do mháthar, más ea, an dintiúr lenar chuir mé uaim í? Nó cé acu de mo chreidiúnaithe ar dhíol mé sibh leis? De dheasca bhur gcionta is ea díoladh sibh, de thairbhe bhur gcoireanna a séanadh bhur máthair. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)1 Is marso a deir an TIGHEARNA, Cáit a bhfuil bille dealuighthe bhur máthar, noch do chuir misi uáim? nó cía dom fheitheamhnuibh re ar reac mé sibh? Féuch. Do reacabhair sibh féin ar son bhur nolc, agus ar son bhur cciontadh do cuireadh bhur mathair ar siubhal. Féach an chaibidil |
agus cé gur d'aon mhianach ar bhfeoilne agus feoil ar mbráithre, agus go bhfuil ár gclann-na chomh maith lena gclannsan, caithfimidne ár mic agus ár n‑iníonacha a reic mar dhaoir; rinneadh cuid dár n‑iníonacha a éigniú! Ach níl breith againn ar aon leigheas a chur ar an scéal, mar tá daoine eile anois i seilbh ár dtailte agus ár bhfíonghort agus ár maoine.”
Tháinig briathar an Tiarna chugam á rá: “Má scarann fear lena bhean agus go n‑imíonn sí uaidh agus go mbíonn sí ag fear eile, an bhféadann sí filleadh air arís? Nár truaillíodh an giodán talún sin go mór? Agus tusa a rinne striapach díot féin leis an oiread sin leannán, an bhfillfeása orm? - is é an Tiarna a labhraíonn.