Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 50:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Cén fáth, nuair a tháinig mé, nach raibh aon duine ann romham, agus nuair a ghlaoigh mé, nach raibh duine le mé a fhreagairt? An amhlaidh, dar libh, atá mo lámh róghearr chun fuascailte? An é nach bhfuil cumas ionam chun tarrthála? Focal aithise uaim agus triomaím an fharraige, déanaim gaineamhlach de na haibhneacha; tá a gcuid éisc marbh cheal uisce agus ag morgadh leis an triomach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Uimesin, a nuáir tháinic misi, an raibh neach ar bith? a nuáir do ghoir mé, an raibh aoinneach do fhreagoradh? Nar giorruigheadh mo lámh ar áonchor, go nach bhféadann fúasgladh? nó nach bhfuil cumhachd ar bith sáortha agamsa? féuch, lém achmhusán tiormuighim súas a nfairge, do ním na srotha na bhfásach: bréanuidh a níasc, do dhíth uisge, agus éaguid do thart.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 50:2
46 Tagairtí Cros  

An bhfuil aon ní ró-aisteach don Tiarna? Fillfidh mé, oraibh, sea, fillfidh mé um an dtaca seo an bhliain seo chugainn agus beidh mac ag Sárá.”


Ná cuireadh Hiziciá amú sibh, ná cuireadh sé dallamullóg oraibh ar an tslí seo. Ná géilligí dó! Óir níor fhéad dia aon chine ná aon ríochta a phobal a fhuascailt ó mo ghreim ná ó ghreim mo shinsear. Nach lú go mór ná sin a fhéadfaidh bhur nDia sibh a fhuascailt ó mo ghreim!’ ”


Thug sé casaoid don Mhuir Rua agus thiormaigh sí; agus sheol sé trí na tonnta mar trí fhásach iad.


Rinne sé fásach de shruthanna; talamh tirim de thoibreacha uisce;


Shín Maois a lámh os cionn na farraige agus thiomáin an Tiarna an fharraige ar ais le gaoth láidir anoir a shéid ar feadh na hoíche, agus rinneadh talamh tirim den fharraige. Dheighil na huiscí óna chéile,


Ach shiúil clann Iosrael ar thalamh tirim tríd an bhfarraige agus na huiscí ina mballaí ar dheis agus ar chlé acu.


Gheobhaidh na héisc san abhainn bás agus bréanfaidh an t‑uisce agus beidh an ghráin ag na hÉigiptigh ar uisce a ól aisti.’ ”


Fuair an t‑iasc a bhí san abhainn bás agus bhréan an abhainn i dtreo nár fhéad na hÉigiptigh uisce a ól aisti; agus bhí fuil ar fud thalamh na hÉigipte go léir.


De bhrí gur ghlaoigh mé oraibh agus gur dhiúltaigh sibh éisteacht, gur shín mé mo lámh agus nár thug aon duine aird orm;


Agus triomóidh an Tiarna camas mhuir na hÉigipte, agus sínfidh amach a lámh os cionn na hAbhann; le neart a anála roinnfidh sé ina seacht srutháin í, agus beifear ag siúl trasna tirimchosach,


Rachaidh uiscí na mara i ndísc, beidh an abhainn spalptha tirim,


Shín an Tiarna amach a lámh os cionn na farraige agus chroith sé a cuid ríochtaí; thug sé an t‑ordú go scriosfaí dúnfoirt Chanán.


De dhéithe na dtíortha uile, cé acu a shábháil a dtír orm? Agus cén chaoi a bhfuil an Tiarna le Iarúsailéim a shábháil?”


Bhí mé ag breathnú uaim agus ní raibh aon duine ann, ní raibh ceann comhairle ar bith ina measc go bhféadfainn ceist a chur air agus a thabharfadh freagra dom.


Tá mé ag dul sléibhte agus cnocáin a chríonadh agus a nduilliúr ar fad a sheargadh; déanfaidh mé locháin dá n‑aibhneacha agus triomóidh mé a linnte go léir.


Is mar seo a deir an Tiarna, a rinne bealach mór tríd an bhfarraige, cosán thar an mbóchna thréamanta;


Is mise a deir leis an Aigéan: “Bí tirim! triomóidh mé do chuid sruthanna.”


An ea nach tusa a thriomaigh an fharraige, uiscí an Aigéin mhóir, chun bealach mór a dhéanamh as duibheagáin na farraige, le go bhféadfadh an dream a fuasclaíodh dul trasna?


Sea! i do bhean tréigthe mar atá tú agus an t‑anam cráite ionat, tá Dia ag glaoch ar ais ort. Cé a shéanfadh an bhean atá mar chéile aige óna hóige? a deir do Dhia.


Ní hé go bhfuil lámh an Tiarna chomh giorraithe sin nach bhfuasclaíonn, ná a chluas chomh mall nach gcloiseann.


Chonaic sé nach raibh aon duine ann, agus b'iontach leis gan fear eadrána bheith le fáil. Mar sin rinne a lámh féin slánú dó agus ba í a fhíréantacht a chrann taca.


a stiúraigh iad tríd an duibheagán chomh réidh le capall ar an machaire fiáin,


Bhíomar go léir ar nós duine atá neamhghlan agus ár ndea-ghníomhartha uile mar ghiobail bhrocacha. Tá muid seargtha ar fad mar bheadh duilleoga, dár siabadh linn ag ár gcionta ar nós na gaoithe.


tugaim suas don chlaíomh sibh agus titfidh sibh ar lár san eirleach. Óir ghlaoigh mé agus níor thug sibh freagra, labhair mé agus níor éist sibh. Ach rinne sibh rudaí a b'olc liom, agus an rud nár thoil liom, ba é bhur rogha é.


Ar an gcuma chéanna, roghnóidh mé féin amhgar dóibhsean, agus tarraingeoidh mé orthu na rudaí is mó is eagal leo. Óir ghlaoigh mé agus níor fhreagair aon duine, labhair mé agus ní raibh aon duine ag éisteacht. Rinne siad an rud a b'olc i mo shúile, agus an rud a thaitneodh liom, níorbh áil leo.


Cad chuige ar cosúil thú le duine ar mearbhall, mar a bheadh laoch ann nach bhfuil cabhair ar a acmhainn? Ina dhiaidh sin, a Thiarna, tá tusa inár measc, gairtear d'ainmse orainn. Ná tréig sinn!


Comhlíonadh briathar Iónádáb mhic Raecáb nuair a d'ordaigh sé dá chlainn mhac gan fíon a ól; go dtí inniu féin ní ólann siad aon deor, ach umhlaíonn siad d'ordú a sinsir. Ach labhair mise libhse gan stad gan staonadh, ach níor éist sibh liom.


Chuir mé chugaibh mo sheirbhísigh uile, na fáithe, go minic agus go himpíoch á rá: Filleadh gach aon fhear agaibh óna dhrochshlí, agus leasaigí bhur ngníomhartha agus ná himígí i ndiaidh déithe eile á n‑adhradh; fanfaidh sibh mar sin ar an talamh a thug mise daoibh féin agus do bhur n‑aithreacha. Ach ní éistfeadh sibh liom.


Gabh anonn agus anall trí shráideanna Iarúsailéim, féach anois, agus bíodh a fhios agat, cuardaigh a cearnóga; má éiríonn leat fear a fháil, oiread agus fear a dhéanann an ceart agus a iarrann an fhírinne, tabharfaidh mise ansin maithiúnas di, [a deir an Tiarna].


Agus anois, de bhrí go ndearna sibh na peacaí seo uile - an Tiarna a labhraíonn - agus gur dhiúltaigh sibh éisteacht nuair a labhair mé go moch agus go mall, agus nár fhreagair sibh nuair a ghlaoigh mé oraibh,


Ar an ábhar sin déarfaidh tú na briathra seo uile leo, ach ní éistfidh siad sin leat; gairfidh tú orthu, ach ní fhreagróidh siad thú.


D'éist mise go haireach, níl an chaint cheart acu; ní dhearna aon duine aithrí ina olc á rá: ‘Céard tá déanta agam?’ Mar a réabann an t‑each chun catha is mar sin a théann gach aon duine amú ag leanacht a chúrsa féin.


Ach dá mhéad dá nglaoití orthu, is amhlaidh is faide a d'éalaídís [uaim]; d'ofrálaidís íobairtí do na Bálaím, agus dhóidís túis i láthair íol.


Tá claonadh i mo phobal chun iompú uaim; [nuair a ghlaotar orthu] éirí in airde, níl duine díobh a dhíríonn aniar.


Tugann sé iomardú don fharraige agus cuireann sé i ndísc í; triomaíonn sé na haibhneacha go léir. Tá Báiseán agus Cairmeil ag meathlú agus fásra na Liobáine ag feo.


An bhfuil tú i bhfeirg leis na haibhneacha, a Thiarna? An in aghaidh na mara a lasann do chonfadh, go dtagann tú ag marcaíocht ar do chapaill, nó ar scuaine de do charbaid chaithréimeacha?


“Ar giorraíodh lámh an Tiarna?” arsa an Tiarna le Maois, “feicfidh tú anois an gcomhlíonfar mo gheallúint duit nó nach ndéanfar.”


Agus ar dhúiseacht dó, bhagair sé ar an ngaoth agus dúirt leis an bhfarraige: “Éist, bí socair!” Agus thit an ghaoth, agus bhí sé ina théigle mhór. Dúirt sé leo:


Chun a chuid féin a tháinig agus níor ghlac a mhuintir é.


Agus an daorbhreith, is mar seo í: mar gur tháinig an solas isteach sa saol, agus gur rogha leis na daoine an dorchadas thar an solas de bhrí gurbh olc iad a ngníomhartha.


stad na huiscí uachtair go léir agus rinne meall mór díobh thar réimse mhór ó Adám, cathair atá lámh le Záratán; agus iad siúd a shníonn síos i dtreo Mhuir an Arabá, Muir an tSalainn sé sin, scaradh ar fad óna bhfoinsí iad. Ghabh an pobal thar abhainn os comhair Ireachó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí