Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 145 - An Bíobla Naofa 1981


Maorgacht agus Ollmhaitheas Dé Salm Aibítreach
1 Moltaí Dháiví.

1 Moltaí Dháiví. 1 Mórfaidh mé thú, a Dhia agus a Rí; agus molfaidh mé d'ainm trí shaol na saol.

2 Molfaidh mé thú in aghaidh an lae; agus molfaidh mé d'ainm trí shaol na saol.

3 Is mór an Tiarna agus is inmholta thar cuimse é; ní féidir a mhórgacht a mhionransú.

4 Fógrófar d'oibreacha ó ghlúin go glúin agus foilseofar do chumhacht mar an gcéanna.

5 Déanfar trácht ar mhórghlóir do mhaorgachta; agus inseofar d'éachtaí iontacha.

6 Labhrófar faoi do bhearta uafásacha; beifear ag caint faoi do chumhacht is do chumas.

7 Cuimhneofar ar líonmhaireacht do mhaitheasa; agus déanfar d'fhíréantacht a chanadh go háthasach.

8 Is cineálta an Tiarna agus is trócaireach, mall chun feirge, agus lán de thrua.

9 Is grámhar an Tiarna le gach aon neach; tá trua aige do gach dúil dá ndearna sé.

10 Ceiliúrfaidh d'oibreacha uile thú, a Thiarna; agus beannóidh do dhaoine dílse thú.

11 Canfaidh siad glóir-réim do ríochta; agus foilseoidh siad uile do chumhacht,

12 ionas go nochtfar do chumhacht do dhaoine agus niamhracht agus glóir-réim do ríochta.

13 Mairfidh do ríochtsa feadh saol na saol, agus do cheannas go brách na breithe. Is dílis an Tiarna ina bhriathra uile; agus is naofa é ina oibreacha go léir.

14 Tacaíonn an Tiarna lena mbíonn ag titim; agus tógann sé an dream a bhíonn ar lár.

15 Bíonn súile gach aon dúile ag feitheamh ortsa; agus tugann tú bia dóibh in am trátha.

16 Osclaíonn tú do lámh go fialmhar; agus sásaíonn tú a bhfuil beo le do chineáltas.

17 Is fíréanta é an Tiarna ina shlite uile; agus is naofa é ina oibreacha go léir.

18 Is gairid é an Tiarna dá ngaireann air, dá ngaireann air go fírinneach ó chroí.

19 Déanann sé toil an dreama lenarb eagal é; éisteann sé lena n‑éamh agus fóireann orthu.

20 Coimeádann an Tiarna gach duine a thugann grá dó; ach scriosfaidh sé na hurchóidigh go léir.

21 Go gcana mo bhéal moladh an Tiarna agus go mbeannaí gach aon neach a ainm naofa; go brách agus go síoraí suthain.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí