Salm 33 - An Bíobla Naofa 1981Ina Moltar Deonú Dé 1 Déanaigí gairdeas sa Tiarna, a fhíréana: is cóir moladh a thabhairt do dhaoine ionraice. 2 Gabhaigí buíochas leis an Tiarna ar an gcruit; déanaigí ceol dó ar an gcláirseach dheichthéadach. 3 Canaigí amhrán urnua dó; canaigí go healaíonta is go hardghlórach dó. 4 Óir is dílis é briathar an Tiarna, agus is fírinneach a oibreacha go léir. 5 Carann sé an chóir agus an ceart agus líonann sé an talamh dá bhuanghrá. 6 Lena bhriathar a rinneadh na flaithis: le hanáil a bhéil na realtaí go léir. 7 Cruinníonn sé tonnta na mara mar a bheadh i mbuidéal, agus cuireann an dubhaigéan i dtaisce. 8 Bíodh eagla an Tiarna ar an domhan uile; bíodh urraim ag a maireann ar talamh dó. 9 Labhair sé agus rinneadh gach aon ní. D'ordaigh sé agus ráinig siad ann. 10 Cuireann sé comhairle na gciníocha ó rath agus beartas na náisiún ar neamhní. 11 Maireann comhairle an Tiarna go brách agus a smaointe ó aois go haois. 12 Is méanar don chine arb é an Tiarna a nDia: an cine a roghnaigh sé mar oidhreacht dó féin. 13 Bíonn an Tiarna ag féachaint anuas ó neamh agus breathnaíonn sé an Ádhamhchlann go léir. 14 Amharcann sé óna ionad cónaithe ar gach aon neach dá maireann ar talamh - 15 an té a chum a gcroíthe go léir agus a thugann a mbearta go léir dá aire. 16 Ní neart a shlua a thugann bua do rí; ní le teann nirt a tharrthaítear an laoch. 17 Ní hé an t‑each a bhéarfaidh an bua; ní acmhainn dá neart neach ar bith a shaoradh. 18 Féachann an Tiarna ar an dream lenarb eagal é agus a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá, 19 chun a n‑anam a shaoradh ón mbas agus iad a bheathú le linn gorta. 20 Bíonn ár n‑anam ag feitheamh leis an Tiarna; is é siúd ar gcabhair agus ár sciath; 21 is ann a ghairdíonn ár gcroí, is iontaoibh linn a ainm naofa. 22 Go dtaga do bhuanghrá orainn, a Thiarna, de réir an dóchais a chuirimid ionat. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart