Salm 5 - An Bíobla Naofa 1981Urnaí a Iarraidh Treorú Dé 1 Do stiúrthóir an chóir. Le gaothuirlisí. Salm le Dáiví. 2 Tabhair cluas do mo bhriathar, a Thiarna, agus éist le m'osna. 3 Claon chun glór mo ghuí, a Rí liom is a Dhia! 4 Óir is chugatsa a chuirim m'urnaí, a Thiarna; éisteann tú liom ar maidin. Ag faire is ag feitheamh dom ar maidin, cuirim chugat mo ghuí. 5 Ní Dia tú lenarb áil an urchóid: ní mhaireann an t‑olc leat. 6 Ní sheasfaidh an scaothaire an fód os comhair do shúl. 7 Is gráin leat lucht oibrithe an oilc; scriosann tú lucht éithigh. Is fuath leis an Tiarna an fear fuilteach agus an cealgaire claon. 8 Rachadsa cheana i do theachsa trí líonmhaire do thrócaire; cromfaidh mé i do theampall naofa le heagla romhat, a Thiarna. 9 Treoraigh mé a Thiarna, i d'fhíréantacht mar gheall ar mo naimhde; réitigh do shlí romham. 10 Níl an fhírinne le fáil ina mbéal; tá cealg ina gcroí. Is uaigh ar leathadh a gcraos; is mealltach a dteanga. 11 Agair do bhreithiúnas orthu, a Thiarna; go dteipe ar a mbearta; cuir an ruaig orthu de dheasca a gcionta óir d'éirigh siad i d'éadan. 12 Bíodh áthas ar chách a ritheann chugat; gairdídís go brách; caomhnaigh an dream lenarb áil d'ainm chun go ndéana siad gairdeas ionat. 13 Óir beannóidh tú an fíréan, a Thiarna; beidh do chineáltas amhail sciath ina thimpeall. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart