Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Salm 5:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Óir is chugatsa a chuirim m'urnaí, a Thiarna; éisteann tú liom ar maidin. Ag faire is ag feitheamh dom ar maidin, cuirim chugat mo ghuí.

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

4 Óir ní Dia tú a mbíonn dúil agat in urchóid: ní chónóidh aon olc i do theach.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

4 Ni tu an Dia le’r mian an tolc; Urchóid ni bhrostuighion tu,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Oir ní Día thú agá bhfuil dúil a nurchoid: ní mó choimhneochus olc maílle riot.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Óir is chugatsa a chuirim mʼurnaí, a Thiarna; éisteann tú liom ar maidin. Ag faire is ag feitheamh dom ar maidin, cuirim chugat mo ghuí.

Féach an chaibidil Cóip




Salm 5:4
16 Tagairtí Cros  

Tá a fhios agam, a Dhia, go scrúdaíonn tú an croí, agus gur gean leat an t‑ionracas; d'ofráil mé na nithe seo go léir le hionracas croí agus le fonn; tá sé d'áthas agam anois do phobal anseo a fheiceáil ag ofráil a dtabhartas duit le fonn.


Ní dhéanfaidh fear na ceilge choíche cónaí i mo theachsa. Ní mó ná sin a ligfidh mé don bhréagaire fanacht in éineacht liom.


Féachann an Tiarna an fíréan is an t‑ainfhíréan, is fuath leis fear an fhoréigin.


Is eol dom go ndéanfaidh an Tiarna, ceart is cóir don duine bocht 's don duine dealbh.


Déanann tú amhlaidh, agus an mbeidh mise i mo thost? An dóigh leat gurb é do dhálasa agamsa é? Táim do do cheartú agus do do chúisiú.


A Dhia, mo Dhia thú, is tú a iarraim, tá íota tharta ar m'anam chugat. Ní théann lagadh ar mo cholainn ach ag tnúth leat amhail talamh túr tirim gan uisce.


Is ort a bhím ag éamh, a Thiarna, is chugat a thagann m'urnaí ar maidin.


Tabharfaidh siad toradh uathu fiú amháin nuair is críon dóibh, agus iad go húrghlas i gcónaí,


An mbeidh cúirt na gcoirpeach i gcomhar leat, an dream a chuireann clóca an dlí ar an mioscais?


Tá do shúile róghlan le bheith ag féachaint ar an olc; ní féidir duit breathnú ar an ansmacht. Cén fáth, mar sin, a ndearcann tú ar nós cuma liom ar lucht an fhill agus a bhfanann tú i do thost nuair a alpann an drochdhuine duine eile atá níos fíréanta ná é féin?


Cuireann sibh tuirse ar an Tiarna le bhur gcaint. Deir sibh, áfach: “Conas a chuirimid tuirse air?” Trína rá: “Cibé ar bith duine a dhéanann an t‑olc, is dea-dhuine é i súile an Tiarna agus is orthu atá gean agus gnaoi aige”; nó: “Cá bhfuil Dia na córa?”


D'fhreagair Íosa: “Má bhíonn grá ag duine dom,” ar sé leis, “coinneoidh sé mo bhriathar, agus beidh grá ag m'Athair dó, agus tiocfaimid chuige, agus déanfaimid cónaí mar aon leis.


Déanaigí iarracht ar an tsíocháin a bhuanú eadraibh féin agus gach uile dhuine; lorgaigí an naofacht sin nach bhfeicfidh aon duine an Tiarna gan í;


Ach táimid ag súil, de réir an ghealltanais, le spéartha nua agus le domhan nua mar a lonnóidh an fhíréantacht.


Agus ní gá don chathair grian ná gealach chun soilsiú uirthi, mar is í glóir Dé ba sholas di, agus ba é an tUan a lóchrann.


Ní rachaidh aon ní neamhghlan isteach inti go deo, ná aon duine a chleachtann truaillitheacht agus éitheach; ní rachaidh inti ach iad siúd a bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar beatha an Uain.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí